Féachann Douglas Dalby ar an nasc láidir atá idir Glasgow Celtic agus na hÉireannaigh ó bunaíodh an club sacair cáiliúil seo in 1888, agus ar an tslí ar thug club misneach dóibh agus iad ag streachailt le cothrom na Féinne a bhaint amach i sochaí sheicteach.
Tá Celtic ag imirt i gcoinne Manchester United in Old Trafford i gcluiche mór cinniúnach de chuid an Premiership, cluiche a shocróidh cé a bhuafaidh an chraobh. I dtábhairní ar fud na hÉireann níl ann ach spás seasaimh agus gach aon bhéic ag lucht leanúna an dá chlub, ag gríosadh a bhfoirne féin chun cinn. Tá an oiread sin cainte faoi láthair mar gheall ar Old Firm na hAlban, Celtic agus Rangers, a bheith ag bogadh go Sasana nach mbeadh aon iontas ar éinne dá dtitfeadh a leithéid seo amach.
Nuair a tharlóidh sé - agus is cinnte go dtarlóidh - beidh deighilt i measc lucht leanúna in Éirinn ó thaobh dílseachta de. Is dual d’fhormhór de mhuintir na Poblachta a bheith dílis agus tacaíocht a thabhairt do Celtic mar an dara rogha nádúrtha tar éis fhoirne mar Learpholl, Manchester United, Leeds nó aon cheann eile de na foirne Sasanacha atá sa Premiership. Agus toisc nach bhfuil a leithéid le fáil sa bhaile, d’fhéadfá a rá nach bhfuil aon chlub sacair eile ar domhan a bhfuil ceangal chomh láidir aige le hÉirinn is atá ag Celtic. Cé gur in Albain atá Celtic lonnaithe, tugann bunús, stair agus lucht leanúna an chlub sárléiriú dúinn ar an toradh a bhí ar an eisimirce leanúnach as Éirinn. B’fhéidir go bhfuil Celtic i mbun ceirde in Albain, ach faoi mar a dúirt an té a dúirt é: “Má shaolaítear i stábla tú, an ionann sin is a rá gur asal tú?” I rith an ochtú haois déag agus ag tús an naoú haois déag thug na mílte spailpín Éireannach aghaidh ar Albain, ag lorg oibre ar fheirmeacha go príomha. B’as áiteanna faoin tuath i gCúige Uladh agus i gCúige Chonnacht a bhformhór. Tharla an Réabhlóid Tionsclaíoch sna 1840í ag an an am céanna leis an nGorta Mór in Éirinn, mar sin bhailigh na hÉireannaigh leo ina sluaite go cathracha na Breataine. Thug siad aghaidh ar Ghlaschú go háirithe, óir bhí borradh agus fás ag teacht ar an tionsclaíocht throm sa chathair sin. D’oibrigh siad sna mianaigh sna muilinn, sna duganna agus sna monarchana. Chabhraigh siad le tógáil bóithre agus canálacha. Nuair a d’éirigh leis na mná fostaíocht a fháil, obair leamh, leadránach sa tionscal éadaigh nó mar chailíní aimsire a bhí i gceist. Bhí bunús agus *ethos *an chlub faoi thionchar an fhíorbhochtanais a bhí ag ciapadh na n-inimirceach Éireannach in oirthear Ghlaschú ach go háirithe. Murab ionann agus an lá atá inniu ann, ní raibh sa cheardchumannachas ach uaillmhian Drochphá agus obair neamhrialta is mó a bhí i gceist i gcás oibrithe neamhoilte. Brionglóidí san aer ab ea pinsin, íosphá agus seachtain oibre 40 uair an chloig dóibh siúd a raibh an stádas is ísle sóisialta acu. Mar a tharlaíonn i gcás fhormhór na n-inimirceach a bhíonn ag iarraidh saol níos fearr a bhaint amach dóibh féin i dtír nua, chuir leithcheal eacnamaíoch agus sóisialta iachall ar na hÉireannaigh cur fúthu i slumaí an gheiteó. I nGlaschú, bhí an scéal ní ba mheasa de bharr na biogóideachta seictí a bhí le fáil go hoscailte, mar sin chloígh na hinimircigh go dlúth lena chéile mar chosaint ar an naimhdeas polaitiúil agus eacnamaíoch a bhí ag an móramh Protastúnach leo, dream ar éirigh leo fáil réidh leis an gCaitliceachas go hiomlán beagnach i Reifirméisean na bliana 1560. Sna 1790í ní raibh ach 39 Caitliceach cláraithe i nGlaschú. Faoi na 1890í bhí an líon méadaithe go dtí beagnach 400,000 duine. Ar go leor slite, bhí na heisimircigh Éireannacha a d’imigh go dtí na Stáit Aontaithe ag an am sa chás céanna agus tá cosúlachtaí chomh maith idir an tslí a ndeachaigh an dá dhream i ngleic lena ndeacrachtaí agus an toradh a bhí air seo. B’fhiú an fód a sheasamh. Tá an bhiogóideacht fós ann sa lá ata inniu ann ach is beag rian di atá le fáil i measc institiúidí an stáit. Tá postanna sinsearacha ag Caitlicigh sa saol polaitiúil, eacnamaíoch agus dlí anois. I nGlaschú, áit a maireann formhór mór de Chaitlicigh na hAlban, d’fheidhmigh Celtic mar spreagadh dóibh siúd ar theastaigh uathu cearta sóisialta a bhaint amach. Bhíothas in ann cothrom na Féinne a bhaint amach ar deireadh ar an bpáirc pheile. Cé nárbh é Celtic an t-aon chlub Éireannach in Albain, bhí an oiread sin ratha orthu sna luath 1890í gur tosaíodh ag féachaint orthu gan mhoill mar an tslí ab éifeachtaí chun an fhéiniúlacht Éireannach-Chaitliceach a chur in iúl.
Bhí bunú Celtic fíorthábhachtach sa streachailt chun cearta sibhialta agus cothromaíocht eacnamaíoch a bhaint amach do na hÉireannaigh in Albain. In 1887, scaip cléireach Máireach as Sligeach, an Bráthair Walfrid, imlitir ag fógairt: “A football club will be formed for the maintenance of dinner tables for the children and unemployed”. Imríodh cluiche carthanachta idir Hibernian Dhún Éideann agus Clyde ní ba thúisce an bhliain sin agus bailíodh lear mór airgid do charthanachtaí. Spreag an cluiche seo Walfrid go mór agus theastaigh uaidh éacht éigin dá leithéid a dhéanamh chun cabhrú leo siúd a bhí beo bocht in oirthear Ghlaschú.
Theastaigh ó dhaoine go dtabharfaí Glasgow Hibernian, Harps nó Shamrock ar an gclub nua ach The Celtic Football and Athletic club a roghnaíodh mar ainm nuair a bunaíodh é an bhliain dar gcionn. Beartaíodh ar an ainm seo chun an comhthéacs Albanach-Éireannach a léiriú mar aon le neamhsheicteachas an chlub.
“Paradise” an leasainm a thugtar ar Parkhead, páirc pheile an chlub. De réir an tseanchais, ós rud é gur tógadh an staid díreach os comhair reilige, b’in an chéad rud a a d’fheicfeadh an dream slánaithe nuair a d’osclódh a gcónra! Daingníodh an nasc Éireannach nuair a leag an chéad phátrún, an tírghráthóir agus bunaitheoir Chonradh na Talún, Micheal Davitt, fód as Éirinn ar an gciorcal i lár na páirce.
Murab ionann agus a n-iomaitheoirí agus naimhde géara, Glasgow Rangers, shínigh Celtic imreoirí i gcónaí de gach saghas cine agus creidimh. Cuireadh ceist uair amháin ar Jock Stein, an bainisteoir is fearr ar éirigh leis sa chlub, ar Phrotastúnach é féin, cad a dhéanfadh sé dá mbeadh rogha le déanamh aige idir imreoir Caitliceach agus imreoir Protastúnach a bhí chomh cumasach céanna.
D’fhreagrair sé: “Shíneoinn an Protastúnach - mar tá a fhios agam nach síneodh Rangers an Caitliceach go deo!”
Ach ní Protastúnaigh amháin a bhí ar fhoireann Celtic. Bhí duine de na céad imreoirí den chine gorm sa Bhreatain gléasta i nglas agus bán na foirne sna 1950í. Gill Scott Heron Snr. ab ainm dó agus bhain a mhac clú agus cáil amach i gcúrsaí ceoil ina dhiaidh sin. Roimhe sin arís, d’imir Abdul Salim, duine de na céad imreoirí Áiseacha a thug faoin gcluiche sa Bhreatain, don chlub.
Féachtar ar Celtic go minic mar cheann de phríomhchrainn taca an chultúir Éireannaigh-Chaitlicigh in Albain ach chomh maith leis sin chabhraigh an club le Caitlicigh a bheith níos rannpháirtí agus níos gníomhaí sa tsochaí. Ní hé sin le rá, áfach, nach bhfuil an deighilt sheicteach ann níos mó. Tá scoileanna faoi leith ag an dá chreideamh agus cé go bhfuil an chathair saor ó na teorainneacha a bhfuil smál fágtha acu ar Bhéal Feirste agus ar Dhoire, tá ceantair áirithe agus ionaid shóisialta áirithe roinnte amach go soiléir ó thaobh reiligiúin de.
D’fhás agus d’fhorbair an club ag an am céanna is é a mhéadaigh comhcheangaltacht na nÉireannach i sochaí lársrutha na hAlban. Ní cleas cliste de chuid stiúrthóir margaíochta é an bhéim a chur ar Éireannachas Celtic chun Éireannaigh ar fud an domhain a mhealladh le tuilleadh earraí de chuid an chlub a cheannach - bhí an fhéiniúlacht Éireannach i gcónaí ansin, ar an bpáirc agus taobh amuigh di.
Léargas maith ar an tionchar seo is ea ainmneacha na n-imreoirí trí na glúnta: Maley, Delaney, McBride, Crerand, Fallon, Connolly, McNamara, Healy, Kelly, Lynch, Keogh agus go leor eile nach iad. D’imir cuid acu d’Éirinn agus cuid eile acu d’Albain. Ach níl sa liosta sloinnte sin ach léargas amháin ar an nasc láidir atá idir Celtic Park agus Éirinn, nasc atá fós láidir sa lá atá inniu ann agus Martin O’Neill, a rugadh i nDoire, mar bhainisteoir ar an bhfoireann.
Mar a tharlaíonn i gcás aon chlub a bhfuil traidisiúin láidre aige, nuair a tharraingíonn imreoir léine na bhfonsaí glasa agus bána air féin, bíonn sé ag glacadh páirte sa stair. Tá móiminteam dá chuid féin ag baint le Celtic anois agus ní féidir é a rangú i dtéarmaí féiniúlachta náisiúnta amháin. Ní féidir an bá láidir le hÉirinn a shéanadh, áfach, ná leis an dream daoine a bhí brúite faoi chois a shroich Albain agus iad maíte ar shaol níos fearr a bhaint amach dóibh féin agus dá gclann.
Mar a dúirt Tommy Burns, iarimreoir agus iarbhainisteoir de chuid Celtic: “Caithfidh siad (na himreoirí) cuimhneamh go bhfuil níos mó i gceist ná bheith ag imirt d’fhoireann pheile. Tá siad ag imirt ar son cúise agus ar son daoine.”
Nó, faoi mar a dúirt Billy McNeal, captaen na foirne cáiliúla sin ar a tugadh na Lisbon Lions, an chéad fhoireann as an mBreatain a bhuaigh Corn na hEorpa (i 1967): “Sinne na híochtaráin agus nuair a bhíonn an lá linn is maith linn taitneamh a bhaint as.”
Is de shliocht Éireannach é Douglas Dalby agus tógadh i nGlaschú é. Tá cónaí air i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sé ag obair mar iriseoir leis an suíomh gréasáin www.Online.ie. Scríobhann sé ailt faoi chúrsaí spóirt don Sunday Tribune chomh maith. D’imir sé sacar le hOllscoil Bhaile Átha Cliath agus le roinnt clubanna eile.