Tá cumann úr bunaithe ag grúpa ealaíontóirí i nGaeltacht oirdheisceart Dhún na nGall agus é mar aidhm acu dúshraith a chruthú d’aos ealaíne an cheantair. Tuairisc ó Chiara Nic Gabhann.
Suite in oirdheisceart Dhún na nGall tá Gleann Cholm Cille, paróiste beag atá neadaithe idir carraigeacha loma agus an fharraige mhór. Is ceantar é atá lán d’áilleacht neamhcheansaithe agus is iad an aimsir shíorathraitheach agus na caoirigh ar féarach na fórsaí is mó a fhágann a rian ar an talamh fiáin seo.
Ní nach ionadh, mheall áilleacht an cheantair go leor daoine cruthaitheacha isteach chun cur fúthu ansin. I bhfichidí na haoise seo caite, cuir i gcás, tháinig an péintéir tírdhreacha Meiriceánach Rockwell Kent chun cónaithe go Gleann Locha, atá suite in aice le port beag iargúlta taobh amuigh den Ghleann agus atá anois bánaithe. Phéinteáil sé sraith pictiúr i rith a thréimhse ansin, a ndeirtear fúthu gurb iad an saothar is fearr dá ndearna sé riamh. D’fhág sé na pictiúir seo mar oidhreacht ag bunadh na háite. Tá teach ag an ealaíontóir Brian Ferran i nGleann Cholm Cille fosta agus tá an péintéir mara ardchlú Kenneth King ina chónaí sa cheantar le fada chomh maith.
Is cuí mar sin go mbeadh cumann ealaíontóirí nua-bhunaithe ag baint tairbhe as na buanna atá beo bríomhar i measc na ndaoine sa pharóiste. Labhair mé le gairid le Conall McIntyre, duine de bhunaitheoirí an chumainn, agus mhínigh sé dom cad é mar a tháinig an grúpa le chéile.
Ba é Conall agus Deborah Stockdale, fíodóir Meiriceánach atá ina cónaí sa Ghleann le fada, an bheirt a thug faoi deara go raibh gá le grúpa ealaíne chun leas a bhaint as na buanna seo. Chaith Conall seal ag teagasc ealaíne do dhaoine fásta agus bhraith sé go raibh sé tábhachtach go mbeadh deiseanna ann chun ligint do dhaoine leanúint ar aghaidh ag saothrú agus chun tacaíocht a thabhairt dá chéile.
Tá fiche ball buan sa ghrúpa agus tá dhá dhuine dhéag ceangailte go hindíreach leis, iad ar fad ina gcónaí sa cheantar. Mhínigh Conall dom go raibh sé mar chuspóir acu go mbeadh smacht acu ar a gcinniúint féin ó thaobh taispéantais a eagrú agus poiblíocht a fháil dá gcuid imeachtaí.
Tá meascán d’ealaíontóirí amaitéaracha agus gairmiúla sa chumann agus idir Bhéarla agus Ghaeilge in úsáid ina gcuid tionscadal. Is í áilleacht an cheantair an spreagadh atá taobh thiar de go leor den saothar agus é léirithe trí mheáin éagsúla, ina measc, uiscedhath agus ola chomh maith leis an fhíodóireacht.
Tá dhá thaispeántas ar siúl acu faoi láthair, ceann i bhForas Cultúir Uladh i nGleann Cholm Cille agus ceann eile in Áisleann Chill Chárthaigh. Mar aon leis an an saothar ó na baill, tá sraith oibre ó phinsinéirí ón cheantar le feiceáil san Áisleann chomh maith.
Dúirt Conall liom go raibh siad iontach sásta leis an toradh atá ar a gcuid oibre go dtí seo agus go raibh sé dóchasach go mbeadh ionad acu chun bualadh le chéile agus le bheith ag obair ann amach anseo. Maidir leis na pleananna don todhchaí bhí sé ag súil go rachadh an grúpa ó neart go neart agus go mbeadh deis acu cuireadh a thabhairt d’ealaíontóirí ón taobh amuigh teacht isteach chun labhairt faoina saothar siúd.
“Ag cruthú dúshraithe d’aos ealaíne an cheantair atá muid,” a deir Conall, “agus ag roinnt le healaíontóirí eile chomh maith.”
Beidh an dá thaispeántas le feiceáil go dtí deireadh mhí Lúnasa.
Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne.