CÚINNE NA nEALAÍON/AN RÓGAIRE DUBH
Ceiliúradh cuí ar shaol laoich de chuid an cheoil
Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin

Beidh Scoil Samhraidh Willie Clancy ar siúl i Sráid na Cathrach, Contae an Chláir idir an 6-14 Iúil. Míníonn Antaine Ó Faracháin céard atá chomh speisialta faoin scoil seo atá ag ceiliúradh tríocha bliain ar an bhfód i mbliana.

Íomhá
Willie Clancy
Íomhá
Cuid píob Willie Clancy

Nuair a cuireadh Willie Clancy ar an Aoine, 26 Eanáir 1973 is beag duine den dream a bhí ina seasamh sa mbáisteach an lá sin a cheap go mbeadh alt á scríobh faoi tríocha bliain ina dhiaidh sin. De réir na dtuairisicí ar fad atá cloiste nó léite agam faoi Willie Clancy ba dhuine cúthail, séimh, umhal é. Níor dhuine é a bheadh ag tarraingt airde air féin. Máistir ar an bpíb uilleann a bhí ann agus sheinn sé an fheadóg mhór agus an fheadóg stáin freisin. Chasadh sé corramhrán agus ba chomhluadar maith i seisiún é lena chuid scéalta agus lena ghreann.

Bhí tionchar mór ag a athair Gilbert air, le ceol a tháinig anuas ón bpíobaire dall as Eidhneach, Garret Barry. Ach ba é Johnnie Doran, píobaire den lucht siúil, an tionchar ba mhó a bhí ar a chuid ceoil. Nuair a chuala sé Doran den chéad uair thit sé go hiomlán faoi dhraíocht na píbe. D’fhás cairdeas idir Doran agus an fear óg go luath ina dhiaidh sin agus níorbh fhada go raibh Willie ag fáil ceachtanna píobaireachta óna laoch.

Bhí an-dúil ar fad aige sna hamhráin i nGaeilge. Ar 16 Feabhra 1973, ag an gcéad chruinniú a bhí ann chun tionscadal éigin a bhunú a dhéanfadh comóradh ar shaol Willie Clancy dúradh: “Pé rud a déanfar beidh sé bunaithe ar an traidisiún Gaelach go raibh grá chomh mór sin ag Willie dó. Leanfar ar aghaidh le meon Willie an teanga agus an ceol Gaelach a leathnú agus a fhorbairt.”

Más amhlaidh go gciallaíonn an traidisiún an dúchas atá á chur ar aghaidh is féidir a rá go cinnte gurb shin atá ar siúl ag Scoil Samhraidh Willie Clancy. Agus cén bealach is feiliúnaí atá ann le saol ceoltóra a cheiliúradh? Déarfainn go mbainfeadh Willie é féin an-taitneamh as an tseachtain.

Nuair a thosaigh an scoil den chéad uair bhí ochtó scoláire ann. I 1998 bhí míle i láthair. Anuraidh bhí níos mó fós. Agus tá sé ag fás i gcónaí.

Ó chuile cheard

Deir Muiris Ó Rócháin, stiúrthóir na scoile, gurb iad na scoláirí is tábhachtaí, ach ar ndóigh taobh amuigh de na ranganna iad féin bíonn an baile lán le ceoltóirí. Tagann siad ó chuile cheard. Ceoltóirí den chéad scoth. Daoine nach bhfeiceann a chéile b’fhéidir ó cheann ceann na bliana. Éagsúlacht thar na bearta. Fleadh agus féasta. Tá sé deacair aon scoil samhraidh nó féile cheoil eile a shamhlú atá incurtha léi. Agus thar aon cheann eile ní chaillfinn í ar ór nó ar airgead.

Sílim go bhfuil atmaisféar ar leith le fáil i Sráid na Cathrach. Tá meas ar an gceol traidisiúnta ar an mbaile seo. Tá tithe tábhairne ann go bhfuil an ceol traidisiúnta mar chuid den troscán iontu. “An bairille a mbíonn fíon ann, fanann an braon ins na cláir,” a deirtear. Sa gcás seo is fíor é. Má théann tú ann is cinnte nach mbeidh ganntanas ceoil ort, mar a dúirt mé, ach tá áiteachaí ann atá níos fearr ná áiteachaí eile, ar ndóigh.

Ní ghabhfaidh tú amú má éiríonn leat dul isteach i dTigh Queally, mar shampla. Is ansin a bhíonn cuid de na seisiúin is fearr i rith na seachtaine (agus taobh amuigh de shéasúr na scoile.) Damhsóir iontach é fear an tí féin. Bíonn seisiún an-bhreá ar fad ann chuile bhliain san iarnóin Dé Céadaoin, sa ngléas B maol, gléas atá ciúin, álainn agus séimh. Suigh síos go suaimhneach agus éist, mar is seoid é an ceann seo.

Más fearr leat a bheith ag damhsa caithfidh tú Johnny O’Leary a leanacht, an boscadóir cáiliúil as Sliabh Luachra. Faigh amach cá bhfuil sé ag seinm agus déan cinnte de go gcaitheann tú seal ina chomhluadar. Ní bheidh díomá ort. Bíonn na hamhráin agus na hamhránaithe, idir mhaith agus olc, i dTigh Marrinan. Agus ar ndóigh is fiú a bheith foighdeach ansin. Is ceann de na pubannaí is fearr ar an mbaile é an teach seo. Agus ansin tá Maisie’s ann, ach fágfaidh mé fút féin é a fháil amach cá bhfuil sé sin. Ní féidir *gach *rún a insint!

Tuilleadh eolais:

Muiris Ó Rócháin: 353 65 708 4148l; www.setdancingnews.net/wcss.

Is amhránaí, ceoltóir, múinteoir agus fear spraoi é Antaine Ó Faracháin. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.