241
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Tá cuid póilíní agus fear dóiteáin Nua-Eabhrac míshásta lena gcoinníollacha oibre agus tá siad ar tí dul ar stailc dá bharr seo. Tuairisc ó Tom Deignan.
»»»Tá scannán nua Mel Gibson, The Passion of The Christ, ag cothú conspóide le tamall anuas. Féachann Ciara Nic Gabhann ar iarrachtaí eile atá déanta ag ealaíontóirí agus lucht déanta scannán Páis Chríost a chur i láthair an phobail.
»»»Tá Breandán de Gallaí díreach i ndiaidh tabhairt faoi MA lánaimseartha in Ollscoil Luimnigh. Bhí a fhios aige roimh ré go mbeadh air obair go dian, ach rinne sé dearmad go mbeadh dúshláin eile i gceist chomh maith……
»»»Déanann Mícheál Ó hAodha trácht ar leabhair sa dara halt faoin Lucht Siúil, leabhair a scríobh roinnt den Lucht Siúil iad féin.
»»»Tháinig Marcin Ostasz go hÉirinn ocht mbliana ó shin agus tá éirithe leis ardchaighdeán Gaeilge a bhaint amach ó shin. Labhair Eithne Ní Ghallchobhair leis an Pholannach seo a bhfuil canúint chomh láidir sin aige go gceapann daoine gur as Conamara é!
»»»D’fhéadfadh Aire na Gaeltachta sampla a sheanathar a leanacht nuair a bheas sé ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun tosaigh le linn chúlú an gheilleagair, dar le Breandán Delap.
»»»Teip cumarsáide a ba chúis leis an phracás a rinne an rialtas den chonspóid maidir le cártaí leighis do sheandaoine dar le Breandán Delap.
»»»Bhí Liz Curtis i láthair ag ócáid le déanaí a eagraíodh i mBéal Feirste d’Ambasadóir na Palaistíne in Éirinn.
»»»Chuaigh Nollaig Ó Neill chun na Spáinne le gairid agus é ag súil le harásan a cheannach ansin. Cé nár cheannaigh sé réadmhaoin sa deireadh, fuair sé léargas suimiúil ar an áit, agus ar chleachtais tréandíola na ngníomhairí eastáit.
»»»Bíonn spárálaí scáileáin de ghrianghraif as ceantair éagsúla, cinn Ghaeltachta san áireamh, le fáil i ngach eagrán de Beo!. An mhí seo: Oileán Cléire, amach ó chósta Chontae Chorcaí.
»»»Tá Ken Ó Donnchú ag cur faoi in A Coruña na Gailise le scathamh agus is siad gnóthaí seirce a thug ann é. Imríonn sé an pheil Ghaelach ann.
»»»Géillfimid, in éadan ár dtola, do thuairim an duine eile sin a dúirt, “tá sé go maith le haghaidh grianghraif a sheachadadh gan stró”, nó “caithfidh tú amharc isteach ann”. Facebook, Bebo, Myspace. Ghéill Breandán de Gallaí agus dhírigh a aghaidh ar an Aghaidhleabhar i ndeireadh báire.
»»»Bhí Donncha Ó hÉallaithe sách cáinteach faoin Dréacht Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, a foilsíodh deireadh na bliana seo caite agus a mhol go ndéanfaí Údarás na Gaeilge d’Údarás na Gaeltachta. Caitheann sé súil san alt seo ar an tuarascáil a tháinig amach deireadh mí Iúil ón gComhchoiste Oireachtais. Céard is fiú na leasaithe atá molta sa tuarascáil faoin nGaeltacht, i bhfianaise ar tugadh le fios san athbhreithniú ar Chlár Caipitil an Rialtais: ní bheidh acmhainní feasta ag Údarás na Gaeltachta!
»»»Míníonn Alan Desmond go leor de scéal an mhionlaigh seo, muintir Emberá sa Cholóim. Ar nós mionlach eile go leor ar fud an domhain, níl a saol le maíomh orthu.
»»»Dfhill an t-imreoir sacair Robbie Fowler go Liverpool FC ag deireadh mhí Eanáir, ceithre bliana tar éis dó an club a fhágáil. Féachann Tony Birtill siar ar eachtra a tharla le linn do Fowler bheith ag imirt do Liverpool an chéad uair, a chothaigh meas as cuimse air i measc mhuintir Learphoill.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.