AR NA SAOLTA SEO
Anois, Cá Seasann an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge?
Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe

Bhí Donncha Ó hÉallaithe sách cáinteach faoin Dréacht Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, a foilsíodh deireadh na bliana seo caite agus a mhol go ndéanfaí Údarás na Gaeilge d’Údarás na Gaeltachta. Caitheann sé súil san alt seo ar an tuarascáil a tháinig amach deireadh mí Iúil ón gComhchoiste Oireachtais. Céard is fiú na leasaithe atá molta sa tuarascáil faoin nGaeltacht, i bhfianaise ar tugadh le fios san athbhreithniú ar Chlár Caipitil an Rialtais: ní bheidh acmhainní feasta ag Údarás na Gaeltachta!

Íomhá
An tAire Ó Ciardha
Íomhá
An tAire Ó Cuív
Íomhá
Pádraig Ó hAoláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta
Íomhá
Seosamh Ó Cuaig, Ball d'Údarás na Gaeltachta
Bibi Saint-Pol a tharraing
Íomhá
Údar imní

Thar a bheith míshásta a bhíos nuair a foilsíodh ‘Dréacht Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge’ ag deireadh na bliana seo caite. Chuir an sprioc gan dealramh maidir le líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge a ardú go 250,000 faoin mbliain 2020 iontas orm. Chuir an easpa moltaí sa Dréacht Straitéis chun dul i ngleic leis na bacanna atá sa mbealach roimh dhaoine, ar mhaith leo Gaeilge a úsáid, díomá orm. Maidir le hÚdarás na Gaeilge a dhéanamh d’Údarás na Gaeltachta, chuir an moladh sin fearg orm. Bhí an chuma ar an scéal nach raibh sa Straitéis ach sampla eile de chur i gcéill an stáit i leith na Gaeilge.

Ní raibh i gceist ag an Aire, Éamonn Ó Cuív, go mbeadh aon deis ag pobal na Gaeilge ná ag pobal na Gaeltachta an Dréacht Straitéis a chíoradh. Ní raibh i gceist aige ach go ndéanfaí an doiciméad a chur os comhair an Chomhchoiste Oireachtais, a bhíonn ag déileáil le cúrsaí Gaeilge agus, mar a bhainfeá smeach, bheadh sé réidh le cur os comhair an Rialtais roimh an Nollaig agus á cur i bhfeidhm ó thús na bliana.

Is maith an scéal é nár tharla mar a cheap an tAire Ó Cuív. Shocraigh an Chomhchoiste, faoi chathaoirleacht Tom Kitt T.D., go ndéanfaí an Dréacht Straitéis don Ghaeilge a scagadh i gceart. Cuireadh próiséas comhairleacháin ar bun faoinar glacadh le 59 aighneacht ar fad ó eagraíochtaí agus ó chorrdhuine aonar. Fágadh an cúram faoin Seanadóir Labhrás Ó Murchú tuarascáil a réiteach, cúram a chomhlíon sé go paiteanta. Ghlac an Comhchoiste Oireachtais lena thuarascáil ar an gCéadaoin, 28 Iúil 2010.

Tá 39 moladh ar fad déanta sa tuarascáil. Ar an gcéad cheann, tá sé molta go soiléir go n-aithneofaíGéarchéim Inmharthanachta na Gaeltachta’ sa Straitéis don Ghaeilge. Deirtear, gan fiacal a chur ann, nach mbeidh an chéad ghlúin eile sa nGaeltacht ag úsáid na Gaeilge ‘mar theanga chumarsáide’ mura gcuirtear ‘cosaintí teanga dóthanacha’ ar fáil.

Cúrsaí Oideachais

Baineann cuid mhaith de na moltaí sa tuarascáil ón gComhchoiste le cúrsaí oideachais. Thug mé suntas faoi leith do roinnt acu, go háirithe na cinn seo a bhaineann leis an gComhairle um Oideachais Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG), a raibh deireadh le cur leis faoi mholtaí an Bhord Snip;

  • (i) Go n-athbhunófaí COGG agus go mbeadh sé ag feidhmiú mar Bhord Oideachais do Scoileanna Gaeltachta agus Lán-Ghaeilge.
  • (ii) Go ndéanfadh COGG siollabas nua a fhorbairt agus a fheidhmiú do chainteoirí dúchais Gaeilge agus do dhaltaí na Gaelscolaíochta.
  • (iii) Go gcuirfeadh COGG seirbhís Shíceolaíoch agus Cigireacht ar fáil do scoileanna Gaeltachta agus Gaeilge.

Thug mé suntas chomh maith do dhá ní eile a mholtar i réimse an oideachais:

  • (i) Ag leibhéal na hArdteiste moltar go ndéanfaí “Saíocht & Litríocht na Gaeilge” a chur ar fáil mar ábhar scoile chun freastal ar ‘daltaí Gaeltachta, Gaelscoileanna agus daltaí eile ar suim leo an teanga’ chun a chinntiú go mbeidh ‘daltaí inniúla Gaeilge againn sa ghlúin amach romhainn’.
  • (ii) Ag an tríú leibhéal, luaitear go mba cheart bealaí nua ‘a fhiosrú’ le ‘gréasáin shóisialta a fhorbairt i measc daoine óga’ sna coláistí tríú leibhéal’.

An Ghaeltacht agus Ról an Údaráis

Aithníonn an Chomhchoiste ina thuarascáil go dteastaíonn ‘dlús áirithe cainteoirí Gaeilge in aon cheantar amháin’ le gur féidir a chinntiú go mbeidh ‘an teanga bheo orgánach aistrithe go dtí an chéad ghlúin eile’.

Glactar leis go mba cheart rangú a dhéanamh ar na ceantair Ghaeltachta le béim ar ‘úsáid teanga seachas teorainneacha stairiúla’ ach aithnítear go bhféadfaí go mbainfí a stádas ó Ghaeltacht láidir, dá ndéanfaí na moltaí sa Staidéar Teangeolaíoch a chur i bhfeidhm, mar atá siad. Glacaim leis go bhfuil cás pobal Rann na Feirste ar intinn an Chomhchoiste, a bheadh thíos leis mar go bhfuil Rann na Feirste sa toghcheantar céanna le Anagaire.

Is maith liom go bhfuil caint sa tuarascáil ar ‘gréasáin shóisialta trí mheán na Gaeilge don aos óg a spreagadh i gceantair Ghaeltachta’. Is rud é a theastaíonn go géar.

Níl an Comhchoiste róthógtha leis an moladh sa Dréacht Straitéis go mba cheart Údaras na Gaeilge a dhéanamh d’Údarás na Gaeltachta. Deir Moladh 3 go mba cheart an ‘deighilt a shoiléiriú’ idir chúraimí an Údaráis agus cúraimí Fhoras na Gaeilge sa gcaoi is nach mbeadh ‘forluí idir scóp an dá eagras’.

Níos tábhachtaí fós deirtear i Moladh 4 go mba cheart go bhfágfaí ‘forbairt gheilleagair agus bhonneagair na Gaeltachta’ mar ‘phríomhchúram’ ag an Údarás. Maidir le Athstruchtúrú an Údaráis, aithnítear go bhfuil ‘ról criticiúil ag Údarás na Gaeltachta i gcosaint agus i gcothú na Gaeltachta’. Deirtear go mba chóir ‘a chinntiú nach mbeidh aon laghdú i seirbhísí don Ghaeltacht san Údarás athstruchtúraithe.’ Tá tábhacht faoi leith leis an ráiteas sin i bhfianaise na moltaí a tháinig ó Bhord Snip anuraidh agus i bhfianaise ar tugadh le fios le déanaí san Athbhreithniú ar an gClár Caipitil, nach mbeidh aon airgead le dáileadh ag an Roinn Comhionnanais, Pobail is Gaeltachta ar Údarás na Gaeltachta feasta.

An tAthbhreithniú ar Chaiteachas Caipitil 2010 - 2016

Ach cá bhfágann a bhfuil san Athbhreithniú ar Chaiteachas Caipitil faoin Údarás, na moltaí breátha atá déanta ag an gComhchoiste Oireachtais, moltaí a thabharfadh dóchas do dhuine go gcuirfí bonn ceart faoin Údarás céanna? Ní dhéanfar an Straitéis a chur i bhfeidhm gan acmhainní. Cé go bhfuil béim faoi leith curtha ag an gComhchoiste Oireachtais ar a thábhachtaí is atá sé go bhfágfaí ‘forbairt gheilleagair agus bhonneagair na Gaeltachta’ mar ‘phríomhchúram’ ar Údarás na Gaeltachta, ní léir cé as a dtiocfaidh an t-airgead. Is ón Roinn Comhionnais, Pobail & Gaeltachta, a fhaigheann an t-Údaras an t-airgead caipitil a theastaíonn le fiontraíocht a chothú agus le tograí nua fostaíochta a fhorbairt sa nGaeltacht. Fuair an tÚdarás €19.65 milliún sa mbliain 2009 agus agus tá sé ceapaithe €15 milliún a fháil ón bhfoinse chéanna i mbliana. Ach tá sé ráite go soiléir i Mír 14.4 den Athbhreithniú ar Phlean Caipitil an Rialtais go bhfuil deireadh le cur leis an socrú seo agus as seo amach ‘any residual or ongoing investment needs should be funded by the Government Department with primary sectoral responsibility’, ’sé sin an Roinn Fiontraíochta is Trádála.

Cá bhfágann an ráiteas sin an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge? Más amhlaidh go bhfuil deireadh le tíocht le ról Údarás na Gaeltachta i dtaobh chothú na fiontraíochta agus i dtaobh chruthú fostaíochta sa nGaeltacht, fágann sé an Straitéis don Ghaeilge sáinnithe ar an gcarraig, le taoille láidir trá ag lagan na seansanna go bhfeicfear ar an snámh go brách é.

Ceist pholaitiúl anois é, an nglacfaidh an Rialtas leis na moltaí atá déanta ag an gComhchoiste Oireachtais i dtaobh Údarás na Gaeltachta, nó an gcuirfidh siad deireadh le feidhmeanna fiontraíochta an Údaráis mar a bhí molta ag Bord Snip. Is maith ann iad moltaí an Chomhchoiste le gaoth a chur i seolta an fheachtais, a chaithfear a throid, lena chinntiú nach scriosfar Údarás na Gaeltachta a la Bord Snip.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.