AR NA SAOLTA SEO/LITIR AS BÉAL FEIRSTE
Cruachás na bPalaistíneach - cúis nua do dhaoine sna Sé Chontae
Liz Curtis Liz Curtis Liz Curtis

Bhí Liz Curtis i láthair ag ócáid le déanaí a eagraíodh i mBéal Feirste d’Ambasadóir na Palaistíne in Éirinn.

Íomhá
Feargus Ó hÍr, iar-phríomhoide Mheánscoil Feirste, ag cur fáilte roimh an ambasadóir.
Grianghraf le Liz Curtis
Íomhá
Bairbre de Brún ag bronnadh pictiúir ar Ambasadóir na Palaistíne sa Chultúrlann.
Grianghraf le Liz Curtis
Íomhá
An cárta poist ag fógairt Raidió Fáilte

Bhuel, tá cúpla duine ag iarraidh fáil amach cé hiad na mná a raibh mé in Amstardam leo (Beo!, Eanáir). Tá brón orm, ach tá glas ar mo theanga. Mar a deir an file clúiteach, Seamus Heaney, “Cibé a deir tú, ná habair faic”. Bhí seisean ag tagairt do chaidreamh trasphobail, ach in áit bheag mar na Sé Chontae faoi Fhorghabháil, comhairle mhaith atá ann maidir le suíomh ar bith ina bhfuil tú.

Corruair, agus mé ag caint ar an ghuthán nó ag seoladh teachtaireacht ríomhphoist, mothaím mar a bheinn taobh amuigh de Halla na Cathrach agus meigeafón agam. Ní bheadh a fhios agat cé a bheadh ag éisteacht leat. Póilín agus gan mórán eile le déanamh aige nó aici, b’fhéidir.

Agus níl maith ar bith a bheith ag smaoineamh gur féidir leat Gaeilge a úsáid agus an ceann is fearr a fháil orthu mar sin. De réir cara de mo chuid atá ag déanamh obair thrasphobail, tá Gaeilge measartha maith ag roinnt póilíní anois. Ní féidir leat an craiceann is a luach a bheith agat. Má éilíonn tú achan seirbhís stáit trí mheán na Gaeilge, gheobhaidh tú póilíní a bheas ábalta cúléisteacht le daoine.

Inseoidh mé scéal beag daoibh faoin ríomhphost le sibh a chur ar bhur bhfaichill. Tharla an eachtra seo dom ar maidin. Tháinig ríomhphost chugam a chuir isteach go mór orm - bheadh sé róchasta na mionsonraí a mhíniú. Fuair an fhearg bua orm, agus chuir mé freagra géar ar ais chuig an seoltóir. Ansin sheol mé cóip chuig cúpla duine eile, ina measc cara darb ainm Micí Ó Loinsigh (ní sin an t-ainm ceart).

Bhuel, cúpla uair ina dhiaidh sin fuair me teachtaireacht ar ais ag rá, “Cén fáth go díreach ar sheol tú é seo chugamsa?” Ba é Micí Ó Coinn ainm an tseoltóra - ach cérbh é?

I ndiaidh tamaill, bhí freagra na ceiste agam. Bhí mé chomh feargach sin nár chlóscríobh mé seoladh ríomhphoist mo chara i gceart. Níor scríobh mé ach “Micí”. Ansin chuaigh an teachtaireacht go dtí an Micí eile, a oibríonn don soláthraí seirbhísí idirlín. Tá ceacht simplí le foghlaim ón scéal sin - ní gá dom é a mhíniú.

Feachtas nua

Díreach i ndiaidh an phrácáis sin, chuaigh mé go dtí an Chultúrlann ar Bhóthar na bhFál. Bhí fáiltiú ann ag am lóin d’Ambasadóir na Palaistíne in Éirinn, Ali Halimeh. Dream úr, Feachtas Dhlúthpháirtíocht na hÉireann agus na Palaistíne (Ireland-Palestine Solidarity Campaign) a d’eagraigh an fáiltiú.

An-ócáid a bhí inti. Bhí suas le céad duine i láthair, ina measc daoine a bhíodh ag obair go díograiseach diongbháilte i rith na dtrioblóidí anseo. Bhí roinnt mhaith iarchimí ann, agus feachtasóirí mar Clara Reilly ón fheachtas in éadan piléar plaisteach, Marie Moore ó Shinn Féin, agus Elsie Best ón ionad oideachais ag Muileann Mhic Conmidhe (Conway Mill).

Dúirt an t-ambasadóir: “Síleann Sharon gur féidir iallach a chur ar na Palaistínigh géilleadh. Ní thuigeann sé nach ngéillfidh daoine riamh atá ag troid ar son na saoirse.”

Tugadh bualadh mór bos dó agus bhronn Bairbre de Brún, an tAire Sláinte sa rialtas tuaisceartach, pictiúr déanta as dair phortaigh air. Thug seisean plátaí maisithe ón Phalaistín don Chultúrlann.

Tá an-fhonn ar roinnt mhaith poblachtánach i mBéal Feirste cuidiú a thabhairt do na Palaistínigh. Tá comhbhá láidir instinneach ag an phobal náisiúnaíoch leis na Palaistínaigh, de bharr go bhfuil tír s’acusan faoi fhorghabháil fosta. Mothaíonn cuid mhaith poblachtánach caillte na laethanta seo, gan fís gan chúis i ndiaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta, a chuir tús le ré na gairmiúlachta agus an phragmatachais. Tugann cúis na bPalaistíneach deis dóibh a bheith ag obair go hidéalaíoch, deonach mar a rinneadh sa seanam.

Níor fhreastail Gearóid Mac Adaim ar an ócáid, agus beidh sé suimiúil feiceáil cad é mar a láimhseoidh sé ag an cheist seo. Na laethanta seo, shílfeá go mbeadh sé dodhéanta a bheith mar dhlúthchara de chuid Uachtáran na Stát Aontaithe - tír atá ina crann taca ag Iosrael - agus ag an am céanna a bheith ar thaobh daoine bochta atá faoi ansmacht.

Gearán

Críochnóidh mé le gearán beag. Tá a fhios agam go bhfuil éacht déanta ag muintir na Cultúrlainne. Ach sílim go bhfuil bearnaí ann ó thaobh aitheantas a thabhairt do cheist na mban. Agus ní orthusan amháin atá an locht seo, ar ndóigh.

Mar shampla, nuair a cuireadh Raidió Fáilte ar bun mar stáisiún áitiúil ar na mallaibh, cuireadh cárta poist amach mar fhógra. Tá 13 pictiúr bheaga ar an chárta, ina measc ocht gcinn d’fhir - beirt fhear spóirt, triúr polaiteoirí, beirt cheoltóirí, agus príomhoide agus é ag rá amhráin. Ach cá mhéad bean atá ann? Bean amháin, í ag damhsa agus ag taispeáint cos lom iomlán.

An é sin radharc domhain Raidió Fáilte? Sílim narb ea, agus is docha nach bhfuil i gceist ach easpa smaoinimh. Ach - agus tá mise i mo ghaotaire crosbhealaigh anois - sílim gur cheart dúinn a bheith cúramach le híomhánna. Ar chúis amháin: cuireann siad teachtaireacht amach chuig páistí faoin saghas róil is féidir leo a bheith acu sa saol atá rompu.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.