AR NA SAOLTA SEO
An útamáil in áit na míne
Breandán Delap Breandán Delap Breandán Delap

Teip cumarsáide a ba chúis leis an phracás a rinne an rialtas den chonspóid maidir le cártaí leighis do sheandaoine dar le Breandán Delap.

Íomhá
An Taoiseach, Brian Cowan TD
Íomhá
Joe Behan, TD Chill Mhantáin

Bhí cnámh lom na fírinne ag iar-Chomhfhreagraí Polaitiúil The Guardian, Hugo Young nuair a scriobh sé tráth: ‘The nature of the politician’s trade these days is the organizing of minor triumphs and the avoiding of major calamities.’ Uaillmhian theoranta go maith í seo, ach más ea, is ceann é ar theip go hiomlán ar an rialtas seo a bhaint amach le linn na conspóide deiridh faoin tástáil mhaoine. Beartaíodh an tástáil mhaoine a chur ar gach éinne os cionn 70 bliain d’aois le go mbeidís i dteideal cárta leighis a fháil.

Nós fadbhunaithe é do Phreas Oifigigh agus do chlaonbholscairí rialtais araon polasaithe a phromhadh leis an phobal sula gcuirtear i bhfeidhm é. Tugtar gaoth an fhocail d’iriseoir éigin faoin phlean chonspóideach atá ar na bacáin le tástáil a dhéanamh ar an dóigh a rachaidh sé i gcionn ar an phobal. Bítear ag súil leis an ghoimh a bhaint as nithe diúltacha agus an bhéim a chur ar an ghné dhearfach. “Foinsí anaithnid” is mó a bhíonn luaite le scéal den chineál sin. Tharla a leithéid le déanaí maidir le plean an rialtais táillí tríú leibhéil a thabhairt ar ais. Tarraingíodh an oiread sin de racán faoi gur beartaíodh é a chur ar an mhéar fhada. Ach is mairg don rialtas a bhíonn ag brath go hiomlán ar a leithéid de chur chuige le dearcadh na ndaoine a mheas. Tar éis an tsaoil, is é bunaitheoir an pháirtí is mó sa tír a mhaígh, nuair a ba mhian leis tuairim an ghnáthdhuine a bheith aige, nach raibh le déanamh aige ach amharc isteach ina chroí féin.

Breis is coicís sular fógraíodh Cáinaisnéis 2009, bhí tuairisc eisiach mar scéal tánaisteach ar chéad leathanach The Irish Times an tSathairn faoin teideal: “Cost-cutting plan would end medical card deal for over-70s” (27/09/08). Arís eile, ba “foinsí anaithnid” a bhí luaite leis: “Informed sources said that the abolition of the scheme was being examined as part of a range of options to allow the health sector to live within a more stringent budgetary position next year.” Ní dhearna an tuairisceoir aon iarracht ráiteas a fháil ó Age Action Ireland faoin phlean agus mura raibh formhór na nuachtáin Domhnaigh imithe chun na clólainne fán am ar foilsíodh an t-alt, ba chosúil nach bhfaca siad gur cheart tuilleadh tochailte a dhéanamh air. Ba é Nuacht TG4 an t-aon eagraíocht chumarsáide, go bhfios dom, a rinne aon iarracht an scéal a fhorbairt. Chuaigh muid go cruinniú ceann bliana Acadamh na Lianna áit a raibh, tráthúil go maith, cúram geiriatrach faoi chaibidil. Saoifiúil go leor, ba é comhdhearcadh na coitiantachta ina measc siúd a labhair linn ná nach raibh aon dochar sa phlean ó tharla géarchéim eacnamaíochta a bheith buailte linn.

Níor bhac nuacht an Bhéarla ar RTÉ leis an scéal a leanstan agus gíog ná míog níor tháinig as an fhreasúra. Ar ndóigh, bhíodar ann a cheap go bhféadfadh coinbhleacht leasa a bheith ag urlabhraí sláinte Fhine Gael, an Dr James Reilly. Bhí an Dr. Reilly ina Uachtarán ar Chumann Leighis na hÉireann nuair a rinne siad socrú sa bhliain 2001 go bhfaighfeadh dochtúirí teaghlaigh ceithre oiread táillí as na seanóirí leis na cártaí leighis úrnua is a bhfaighfidís as an ghnáthothar. Bhí na cártaí leighis úra seo beag beann ar ioncaim. Níor chualathas aon ní ach an oiread ó chúlbhinseoirí ceannairceacha Fhianna Fáil nó níor chualathas ó na teachtaí neamhspleácha faoin phlean. Idir foilsiú na tuairisce úd ar an 27 Meán Fómhair agus fógairt na cáinaisnéise ar an 14 Deireadh Fómhair, níor foilsíodh ach dhá litir faoin ábhar in The Irish Times. (Tagairt fhánach, chliathánach don phlean a bhí i gceann amháin acu siúd.)

Thuigfeá mar sin don té a déarfadh gur beag aird a tharraing an plean a mbeadh sé i gceist ann, tástáil mhaoine a chur feasta ar an seanduine a bheadh ag iarraidh cárta leighis a fháil. Thuigfeá fosta don té a mheasfadh go raibh an toil poiblí ann glacadh le beartais dhiana dá chineál a rachadh i ngleic leis an ghéarchéim airgeadais. Go deimhin, d’admhaigh an Teachta Neamhspleách Finian McGrath, go neamhleithscéalach ar lá na cáinaisnéise gur bhain sé “a shúil den liathróid” maidir leis an cheist. Ach níorbh é an t-aon duine nach raibh ag díriú ar a chúram. Bhí sciar mhaith de chúlbhinseoirí Fhianna Fáil ag baint na sála dá chéile ag iarraidh faid a chur idir iad agus a raibh beartaithe ag a gcomhleacaithe sa chomhaireacht. B’ionann an cás do roinnt de bhaill Phairtí Pharlaiminteach na nGlasach a léirigh a míshuaimhneas faoi. Nárbh fhearr i bhfad dóibh feidhmiú go réamhghníomhach agus a n-imní a léiriú dá bpáirtithe sa chomhrialtas nuair a céadmholadh an tástáil mhaoine ar phinsinéirí, in áit a bheith ag olagón nuair a bhí an beart curtha i gcrích? An amhlaidh nár thug na dreamanna seo uilig aon suntas do scéal a bhí ar chéad leathanach an nuachtáin is mó meas sa tír coicís roimhe sin?

Ach is cinnte nár cheart go dtiocfadh an alltacht agus an fhearg a bhí ar an phobal maidir leis an mholadh aniar aduaidh ar Thaoiseach a mhaígh tráth go raibh sé ina “good judge of what makes people tick.” Óir is é an toradh is mó atá ar an volte face a rinne sé ar an cheist seo ná go bhfuil dochar mór déanta, chan amháin dá údarás mar Thaoiseach, ach do sheasamh an Aire Airgeadais (tar éis a chéad cháinaisnéis a chur de), an Aire Sláinte (an té is mó a luadh leis an phlean) agus an Tánaiste (nach raibh ábalta éirí amach na gcúlbhinseoirí a chur faoi chois) fosta. Ní beag sin agus rachaidh sé dian orthu meas agus cion (gan trácht ar vótaí!) na bpinsinéirí a fháil ar ais. Anuas ar sin, beidh fadhbanna acu feasta cúlbhinseoirí ceannairceacha a smachtúsrian a choinneáil ar éilimh na dteachtaí neamhspleácha.

Ní hionann sin le rá nach raibh ciall leis an mhéid a bhí molta sa cháinaisnéis. Ba bheag ball den Oireachtas nach n-admhódh go príobháideach nár cheart go mbeadh gach éinne os cionn 70 bliain d’aois i dteideal cúram sláinte saor in aisce. Gníomh polaitiúil, soiniciúil ab ea an cinneadh a rinne Charlie McCreevy agus Bertie Ahern a leithéid a bhronnadh sa bhliain 2002. Chuir Páirtí an Lucht Oibre go láidir i gcoinne an pholasaí agus ba dhoiligh easaontú leis an mhéid a dúirt an Dr James Reilly ag an am nuair a cheistigh sé críonnacht na scéime a bheadh ag bronnadh cártaí leighis ar dhaoine a bhí in inmhe tháillí chlub gailf a dhíol!

Ach ní féidir a shéanadh go ndearna an rialtas brachán bocht den scéal. Fiú nuair a chinn siad casadh iomlán a dhéanamh ar an cheist, theip orthu é seo a chur ina luí ar phinsinéirí agus d’fhreastal na mílte acu ar mhórshiúl chun na Dála an lá dar gcionn chun a n-alltacht a chur in iúl. Teip cumarsáide mar sin ó rialtas a bhfuil bolg ag teacht air tar éis chóir a bheith dhá bhliain déag i gcumhacht. Is baolach d’aon pháirtí a bhíonn ag brath rómhór ar na meáin chumarsáide lena gcuid polasaithe a thástáil. Léiríonn sé, b’fhéidir, nach bhfuil teacht acu a thuilleadh ar thuairim na cosmhuintire. É sin nó nach bhfuil fonn orthu éisteacht leis.

  • Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá cónaí air sa Spidéal.
MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.