CÚINNE NA nEALAÍON
Páis Chríost mar ábhar san ealaín
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Tá scannán nua Mel Gibson, The Passion of The Christ, ag cothú conspóide le tamall anuas. Féachann Ciara Nic Gabhann ar iarrachtaí eile atá déanta ag ealaíontóirí agus lucht déanta scannán Páis Chríost a chur i láthair an phobail.

Íomhá
Radharc as "The Passion of The Christ"
Íomhá
Mel Gibson: ag cothú conspóide
Íomhá
An Pieta le Michelangelo
Íomhá
White Crucifixion le Marc Chagall
Íomhá
Christ Crowned with Thorns le Bosch

Gore-fest *fuilchíocrach, frith-Sheimíteach, foréigneach, spioradálta, spreagúil agus cumhachtach… Sin roinnt aidiachtaí a bhí in úsáid ag léirmheastóirí le gairid le cur síos a dhéanamh ar scannán úr mór-ráchairte Mel Gibson, *The Passion Of The Christ.

Díríonn an scannán isteach ar an dá uair déag deireanach i saol Íosa Críost, agus léiríonn a chéasadh, a uirísliú agus a chrochadh ar an chrois gan aon mhaoithneachas.

Nuair a d’fhógair Gibson go raibh sé i gceist aige an scannán seo a dhéanamh agus go mbeadh sé in Aramais (teanga ársa na Palaistíne) agus i Laidin, agus fotheidil i mBéarla leis, leiríodh iontas agus sceipteachas sna meáin chumarsáide. Thóg sé dhá bhliain déag air maoiniú a fháil don scannán, é a léiriú agus a phleanáil. D’admhaigh sé gur spreag tréimhse dheacair a d’fhulaing sé ina shaol pearsanta féin é, tréimhse a chuidigh leis machnamh a dhéanamh ar Pháis Chríost. Chuaigh scéal na Páise go mór i bhfeidhm air agus mhothaigh sé go raibh sé de dhualgas air é a insint ar a bhealach féin.

Tugann na soiscéil eolas dúinn ar bheagnach 100 lá i saol Íosa agus is faoi na laethanta deireanacha atá an méid is mó eolais tugtha dúinn. Is í Aoine an Chéasta an bhuaic agus tugtar mionléargas ar a chuid uaireanta deireanacha. Tugtar an Pháis ar an tréimhse choscrach seo, ón fhocal Gréigise a chiallaíonn fulaingt. Ba é an céasadh an bealach ab éifeachtaí a bhí i measc chiníocha na Meánmhara sa seanam le duine daortha a uirísliú.

Tá tagairt déanta do Pháis Íosa a théann chomh fada siar leis an cheathrú haois ina bhfuil íomhánna dá laethanta deireanacha le feiceáil ar *saracophagi *- conraí cloiche ag déanamh cur síos ar a bhrath, a ghabháil agus a thriail. Ansin sa chúigiú haois thosaigh íomhánna eile ag teacht chun cinn sna lámhscríbhínní - íomhánna ardmhaisithe, bunaithe ar an chéasadh.

Sna meánaoiseanna ba í an Eaglais Chaitliceach ba mhó a leag béim ar an Pháis. Tréimhse dhorcha a bhí lomlán de spiorad an bháis agus de thionchar an diabhail a bhí sa tréimhse seo. Creideann scoláirí sa lá atá inniu ann gur freagra a bhí sa mhórbhéim seo a chuir muintir na meánaoiseanna ar phianta agus ar chéasadh Chríost ar na huafáis - an galar dubh agus mórán tubaistí eile - a bhí á gcrá féin. De réir mar a tháinig an Chríostaíocht i réim in iarthar na Eorpa, aithníodh an céasadh, ar amharcadh air mar mhodh uiríslithe ag am amháin, mar phríomhshiombail an creidimh nua.

Nuair a bhí religiúin eile ag ceiliúradh a ndéithe cumhachtacha doscriosta, dhírigh an Eaglais Chaitliceach ar fhulaingt agus leochaileacht Chríost. Cuireadh béim ar a dhaonnacht, a chraiceann stróicthe agus a chnámha briste. Rinneadh taispeántas naofa dá chorp marbh céasta.

Ag léiriú na Páise

Is iomaí ealaíontóir agus déantóir scannán a bhfuil iarracht déanta aige an Pháis a léiriú ina dhóigh féin, roinnt acu níos conspóidí ná a chéile.

Síos trí na haoiseanna d’fhéach ealaíontóirí ár nós Giotto, Hieronymos Bosch, Leonardo Da Vinci agus Michelangelo lena gciall féin a bhaint as na scéalta.

Faoi láthair tá taispeántas grúpa le feiceáil thart timpeall ar an Bhreatain Mhór dar teideal “Presence” ina ndéanann ealaíontóirí nua-aimseartha cur síos ar Pháis Chríost. Ina measc tá Peter Howson, ealaíontóir conspóideach agus Críostaí as an nua a bhfuil cáineadh déanta aige ar dhánlanna de bharr gan iad a bheith sásta saothar cráifeach a chur ar taispeáint. Léiríonn a phíosa “Christos Aneste”, atá le feiceáil in eaglais i nGlaschú, Íosa á shíneadh féin amach ón chrois, a lámha fuilteacha sínte amach aige, Sátan fágtha ar chroch ar a chúl.

Tá *The Last Temptation of Christ *le Martin Scorsese (1988) i measc na scannán a rinneadh i gcaitheamh na mblianta faoin ábhar seo. Sa saothar seo, léirítear Íosa mar dhuine cráite a bhful cathú air, agus dírítear ar na dualgais atá le comhlíonadh aige.

Díríonn Franco Zefferelli isteach ar Íosa mar sheánmóirí agus amharcann sé ar a mhinistreacht i *Jesus of Nazereth *(1977).

Agus ní thiocfadh linn gan tagairt a dhéanamh don raic agus rírá a bhí ann nuair a d’oscail The Life of Brian, le Terry Jones, i 1979, scannán ina ndearna an drong sin ó Monty Python scigmhagadh ar chuid de na cleachtais atá tagtha chun cinn i measc na gCríostaithe le dhá mhíle bliain anuas.

Ní bheidh deireadh leis an scéal seo, dar ndóigh. Fad is a bheidh daoine beo ar an domhan seo beidh athsmaoineamh agus athmhíniú á ndéanamh i gcónaí ar shaol Íosa Críost.

Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.