Tá Breandán de Gallaí díreach i ndiaidh tabhairt faoi MA lánaimseartha in Ollscoil Luimnigh. Bhí a fhios aige roimh ré go mbeadh air obair go dian, ach rinne sé dearmad go mbeadh dúshláin eile i gceist chomh maith……
Phill mé ar ollscoil arís an mhí seo caite. Bhí mé tar éis éirí bómánta agus ní ba bhómánta fós thar na blianta agus, de réir a chéile, d’éirigh mé chomh dúr sin gur dhúshlánach dom amharc ar Friends agus cos a choinneáil leis an phlota! Beidh mé ag freastal ar Ollscoil Luimnigh go ceann bliana ag déanamh MA in Ethnochoreology. Máistreacht mhúinte atá inti agus is éard a ndírítear air sa chúrsa ná staidéar ar dhamhsa domhanda i gcomhthéacs cultúrtha. Tá go leor imní orm faoi sin, ach níor smaoinigh mé ar an chomhthéacs cultúrtha eile a bhí romham: bhí mé le bheith mo mhac léinn arís, agus ní hamháin sin, bhí mé le bheith i measc mac léinn atá in aois chuí le bheith ina mic léinn.
Bhí lá ionduchtaithe againn ar an chéad Aoine. Bí ag caint ar scanrúil – bhí lear mór daoine óga féinmhuiníneacha ansin a bhí díreach tar éis a mbunchéim a chríochnú in Ollscoil Luimnigh agus bhí an 99 faoin chéad eile acu díreach tagtha amach as institiúid inteacht eile. Bhí mé ábalta intinn na Einsteins seo a chluinstin ag oibriú, chóir a bheith. Shílfeá ón chuma a bhí ar achan duine acu gur baill de chuid Mensa a bhí iontu.
Chuir mé brú orm féin éisteacht le gach cainteoir ag an seisiún agus coinneáil suas lena raibh á rá acu. Ach bhí i bhfad ní ba mhó shuime agam a bheith ag déanamh spiaireachta ar achan duine thart orm. Is fear millteanach brionglóideach
mé, agus imíonn m’intinn ar strae mar a bheadh leipreachán beag ann, agus roimh i bhfad, bhí mé ar shiúl leis na féileacáin in ionad a bheith sa léachtlann – an áit ba chóir domh a bheith, ag diúl isteach gach focail a bhí le rá ag na daoine léannta agus tábhachtacha seo. CúrsaíNuair a bhí siad réidh leis an chaint (agus Oscar bainte agam i mo chloigeann), scairt siad amach ainmneacha na gcúrsaí MA ar fad ceann ar cheann. Bhí ar na rannpháirtithe ar glaodh a n-ainmneacha amach dul síos os coinne achan duine chuig fochéimí óg suthach a bhí mar threoraí againn don lá.
Bhuel, thosaigh siad le cúrsaí de chuid an acadaimh a bhfuil mise ag déanamh MA ann: Damh Chruinne Éireann Rince agus Ceol. Ní bhíonn ach líon beag mac léinn ag glacadh páirte i gcúrsaí de chuid an acadaimh seo. Mar sin, in áit MA san innealtóireacht nó sna nuatheangacha a scairteadh amach ar dtús, glaodh ar na daoine a bhí le páirt a ghlacadh sa mháistreacht in Ritual Song and Chant agus an mháistreacht in Classical String Performance agus araile. Gach cúrsa a glaodh amach, b’éigean do chréatúr amháin nó péire súil síos os coinne an tslua agus cogarnach mhungailte – “cad sa fk sin é sin?!” – le cloisteáil.
Thosaigh na féileacáin ag eitilt timpeall i mo bholg nó bhí a fhois agam nach mbeadh a fhois ag aon duine “cad sa fk" a bheadh i gceist le Ethnochoreology. Go deimhin, nuair a scairt siad amach ainm mo chúrsa agus an teideal curtha suas ar an teilgeoir acu – agus líne dhearg faoi, ar ndóigh, nó níl an focal ar fáil i seiceálaí litrithe Word go fóill – mhothaigh mé tranglam thart orm agus chonaic mé súile móra leathana na mac léinn. Dúirt mé paidir bheag ghasta go mbeadh ar a laghad duine amháin eile ar an chúrsa liom. Chuir sé i gcuimhne domh an t-am sin a bhí orm sciáil síos fána liom féin sa dóigh is go dtiocfadh leis na teagascóirí a mheas cé chomh *shite *agus a bhí mé. Dála an ama sin, bheadh sé chomh maith agam mo chuid éadaí uilig a bhaint díom, nó ní fhéadfadh cúrsaí a bheith ní ba mheasa.
Thug an suth thart ar an choláiste muid agus b’fhiú go mór an turas a rinne muid nó ní raibh barúil dá laghad agam cén dóigh a n-oibríonn rudaí ar ollscoil. Mar shampla, bhí eagla orm roimh an leabharlann, ach chuaigh siad fríd gach rud go mion, agus tá mé ábalta leabhair a fháil amach ar iasacht anois ... tá mé déanamh ....
Nuair a d’fhág mise an ollscoil, ní raibh ríomhairí sna coláistí go fóill; bhaintí úsáid as micrifís le leabhair a chuardach. Ba sa bhliain 1992 a d’fhág mise, ach níl rudaí áirithe i ndiaidh athrú ar chor ar bith.
Aontas na Mac LéinnAaah, aontas na mac léinn, áit ar tháinig muid ar na cineálacha carachtar céanna a bhíodh ansin i rith mo linne féin – callánach, salach agus cuma orthu gur chodail said ina gcuid éadaí; iad ag iompar iad féin mar a bheadh siad *too cool for school *agus ag béiceadh lena chéile ionas go gcloisfeadh achan duine a gcuid gnó.
Anois - ní hamháin gur ionadaí ranga a bhí ionam agus mé sa chéad bhliain (i 1988), ach bhí mé ar choiste feidhmiúcháin aontas na mac léinn sa dara bliain. Ar bhealach, bhí mé ag amharc orm féin, ach ar an duine a bhí ionam fiche bliain ó shin.
Ansin, thosaigh "an chaint": "Má bhíonn coiscíní saor on aisce uaibh, thig libh a theacht anseo le hiad a fháil; má bhíonn galar gnéas-tarchurtha oraibh, tá oifigeach leasa anseo a thabharfaidh aire daoibh – dáiríre? An bhfuil sí cáilithe?! – agus má bhíonn fadhbanna agaibh le bhur meabhairshláinte, eagróidh muid shrink daoibh.”
STDs agus galair mheabhracha – gnéithe seasmhacha de shaol na hollscoile. Ar bhealach, níl obair na hollscoile tagtha chun críche mura mbíonn crúbóga ort nó *meltdown *agat (nó níos fearr arís – an dá rud).
Sheas mé go ciúin ag éisteacht, mo chuid súl sáite sa spéir agus mé ag croitheadh mo chloiginn. Sin é anois – tá mé ciniciúil agus cantalach i mo sheanaois!
Rud amháin atá imithe, sílim, nó an mháirseáil uilig a dhéanadh mic léinn tríú leibhéal mo linne. Ba iad ginmhilleadh agus an ceart chun taistil na ceisteanna móra a bhí i gceist agus mé i m’fhochéimí. Spásanna páirceála an gearán is mó atá acu anois, agus ní dhéanann siad agóid mhillteanach fá dtaobh de sin, fiú. Bhí aithne agam ar dhuine amháin a raibh carr aige agus mise in DCU sna blianta 1988-92. Duine amháin! Tá carranna acu uilig anois!
Is as Gaoth Dobhair é Breandán de Gallaí agus chaith sé seacht mbliana ag obair mar dhuine de phríomhdhamhsóirí Riverdance. Bíonn sé le feiceáil go minic ar chláracha teilifíse ar RTÉ agus TG4..