AR NA SAOLTA SEO
Athspléachadh ar Chomhairle Dev
Breandán Delap Breandán Delap Breandán Delap

D’fhéadfadh Aire na Gaeltachta sampla a sheanathar a leanacht nuair a bheas sé ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun tosaigh le linn chúlú an gheilleagair, dar le Breandán Delap.

Íomhá
An tAire Ó Cuív
Íomhá
Éamonn de Valera
Íomhá
An Dr. Seán Ó Riain, údar
Íomhá
www.intinn.ie

Ó thosaigh an ghéarchéim gheilleagair reatha is beag seachtain nach mbíonn alt sna nuachtáin náisiúnta faoin chaiteachas rábach a bhaineann le cúrsaí Gaeilge. Bítear ag baint na sála dá chéile leis na figiúirí caiteachais is mó a chuirfeadh alltacht ar a bpobal léitheoireachta a fhoilsiú. Sna córais oideachais agus craoltóireachta is mó a chaitheann an stát airgead ar an teanga agus is minice iadsan agus an caiteachas ar sholáthar sheirbhísí stáit trí Ghaeilge ar an chlár oibre. Mura mbíonn trácht ar na cáipéisí líonmhara a aistrítear go Gaeilge gan a léamh choíche ina dhiaidh sin, déantar cur síos ar sheirbhísí ateangaireachta abhus agus san Eoraip a bhfuil coinleach glas ag fás orthu, cheal úsáide.

Níor cheart go gcuirfeadh sé seo iontas orainn. Is iondúil nuair a bhíonn na cianóga gann go dtosaíonn daoine ag ceistiú an fiúntas a bhaineann le hairgead a chaitheamh ar na healaíona, ar litríocht agus ar ndóigh, ar an Ghaeilge. An t-adhmad atá le baint as na haltanna seo uilig faoin chaiteachas ar an teanga ná go bhfuil an rialtas ag caitheamh airgead an cháiníocóra ar theanga atá marbh (nó ina hothar i muinín inneall tacaíochta beatha mar a déarfadh Kevin Myers) fad is atá deireadh á chur le seirbhísí riachtanacha sláinte is oideachais, de cheal maoinithe. Agus is cuma cé mhéid lúbadh atá á dhéanamh ag iriseoirí spídiúla ar na staidrimh - agus in ainneoin iarrachtaí lucht cosanta na teanga na hionsaithe a fhreagairt go macánta le figiúirí agus le fírinne - chaithfeá a adhmháil go bhfuil a dteachtaireacht ag dul i bhfeidhm ar sciar mhaith den phobal.

Is sa chomhthéacs seo a chaithfidh an Rialtas, agus go háirithe an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, a straitéis fiche bliain don Ghaeilge agus plean tarrthála na Gaeltachta a chur i láthair an phobail. Plean oibre cuimsitheach a bheas anseo do chur chun cinn na Gaeilge ar fud na tíre sa fiche bliain atá le teacht chomh maith le beartais lena chinntiú go mairfidh an Ghaeilge mar theanga bheo pobail sa Ghaeltacht. Bhíothas ag súil go mbeadh sé foilsithe le linn timhse na Nollag agus mhaígh an tAire ansin gur um Cháisc a fhoilseofaí é. Dealraíonn sé anois, áfach, gur dócha gur faoi thús an tsamhraidh a fheicfidh muid an cháipéis ríthábhachtach seo. Cén dochar, ní bheidh maolú aon phioc ar an dúshlán a bheas roimh an Aire: ’s é sin a chur ina luí ar phobal amhrasach le linn cúlú mór eacnamaíochta gur fiú airgead agus dua a chaitheamh ar an Ghaeilge. Dúshlán nach beag, ach más fiú is féidir.

Caoithiúlacht an tseanráitis

Thiocfadh leis an Aire tinfeadh agus spreagadh a fháil, áfach, ó cháipéis a scríobh a athair mór, Éamon de Valera, faoi thábhacht chur chun cinn na Gaeilge le linn tréimhse a bhí i bhfad Éireann níba shuaite ná na dúshláin atá le sárú san am i láthair. Cothrom an ama seo, chor a bheith seachtó bliain ó shin, chuir de Valera, a bhí ina Thaoiseach ag an am, peann le pár lena mheabhrú don Státseirbhís a thábhachtaí is a bhí cur chun cinn na Gaeilge. Ba cheart go mbeadh rudaí eile ag dó na geirbe aige, shílfeá, in Aibreán na bliana 1940, agus an Eoraip á réabadh ag an Dara Cogadh Mór agus bagairt láidir ann go n-ionsafaí Éire fosta. Ach dar le de Valera, b’amhlaidh gur thábhachtaí i bhfad é caomhnú na Gaeilge le linn géarchéime dá chineál siocair nach raibh sí i riocht sách láidir le go bhféadfaí an obair sin a chur ar an mhéar fhada:

“Sa chaoi ina bhfuil an saol fá láthair, ta a lán neithe gur deacair dúinn gan suim, agus suim an-mhór do chur ionnta. Cuid de na tíortha is neartmhaire ar Mhór-Roinn na hEorpa tá siad i gcogadh le chéile; agus, ins an am chéadna, tá ceisteanna troma poilitíochta agus cruadh-bhearta eacnomaíochta le réiteach againn féin annseo sa bhaile. Tá na neithe sin uile dá gcoimeád ós comhair ár n-aigne de shíor ar a lán slite; agus is baol, b’fhéidir, go ndéanfadh cuid againn faillí sa cheist is mó díobh go léir – ceist atá fíor-riachtanach i mbeatha an náisiúin – eadhon. Athbheochaint na Gaedhlige.” (Ráiteas ón Taoiseach, Éamon de Valera, faoin Státsheirbhís agus Gluaiseacht na Gaeilge, Aibreán 1940. Tá an doiciméad foilsithe ina iomláine i mórshaothar Sheán Uí Riain Pleanáil Teanga in Éirinn 1919-1985. Carbad/ Bord na Gaeilge 1994.)

Blas osréalach le brath

Tá blas osréalach ar a chuid cainte nuair a scagtar é trí lionsa na freacnairce, i bhfianaise a bhfuil ar eolas againn faoin tréimhse sin anois. Ní shamhlófá go mbeadh athréimniú teanga le háireamh ar cheann de phríomhthosaíochtaí aon cheannaire stáit le linn ré chomh éiginnte sin, ina raibh chan amháin slándáil is flaitheas na tíre faoi bhagairt mhór, ach ina raibh bunluachanna na sochaí i mbaol chomh maith.

B’é an tuairim a bhí ag an Taoiseach, áfach, ná nach gá gur spriocanna comheisiatacha iad mórfhadhbanna polaitiúla na linne a shárú agus an Ghaeilge a tharrtháil. B’amhlaidh go raibh an teanga rólag le go bhféadfaí a bheith cinnte go mbeadh sí fós slán nuair a bheadh deireadh leis an ghéarchéim:

“Is mór ar fad an difríocht atá idir Aitbheochaint na Gaedhilge agus obair ar bith eile dá bhfuil le déanamh againn. Dá riachtanaí obair ar bith aca sin eile, ní hionann moill do chur uirthi go ceann tamaill agus í bheith gan déanamh a choíche. Ach ní hé a dhálta sin é ag Aitbheochaint na Gaedhilge. Ní headh amháin gur riachtanach gan an obair sin a chur ar gcúl ach muna gcuirtear ar aghaidh go láidir fuinneamhail anois í, beidh sí gan déanamh go bráth na breithe. Mar sin de, ba chaillte an mhaise dhúinn é agus ba mhór an dearmad é obair na hAithbheochana do leigean ar ceal nó í do chur ar leathtaoibh go dtí ‘go mbeidh deireadh leis an gcogadh’ nó ‘go dtí am éigin ar ball is fearr deis agus faill’.”

Ar ndóigh d’admhaigh de Valera ag an am nárbh eol dó cé chomh fada is a mhairfeadh an cogadh nó cén bhail a bheadh ar an Eoraip ina dhiaidh. Fós féin, bhí an Ghaeilge ar an chloch is mó ar a phaidrín le linn na tréimhse úd: “Cé bhéarfas deimhin dúinn go mbeidh deis againn ar ball ar an rud sin a dhéanamh gur leasg linn tabhairt faoi san am i láthair? Measaim féin gur chiallmhaire go mór d’Éireannaigh a ndícheall do dhéanamh chun an méid is féidir dá gcruadh-bhearta do réiteach gan mhoill.”

Is léir dá mbeadh Dev ina steillebheatha arís go dtabharfadh sé comhairle dá gharmhac gur mithid misneach a léiriú maidir lena straitéis fiche bliain don teanga, beag beann ar an ghéarchéim reatha. Nó le casadh a chur ar an sean-nath: “Ireland’s difficulty is Gaelic’s opportunity.”

Saíocht agus sócmhainní

Táthar ann ar ndóigh a deir gur féidir sochar geilleagair a bhaint as an teanga in am an ghátair. Ina leabhar Capitalising on Culture, Competing on Difference: Innovation and Sense of Place in a Globalising Ireland, maíonn an tOllamh Fionnbarra Ó Brolcháin gur cheart d’Éire tarraingt go tréan óna thobar saibhir cultúrtha (an teanga san áireamh) le borradh a thabhairt don gheilleagar. Go deimhin, beidh an tOllamh Ó Brolcháin ag tabhairt aithisc ar an ábhar le linn Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge san Aonach i gCo Thiobraid Árann an mhí seo chugainn.

Tráthúil go leor, is é téama na hArd-Fheise i mbliana ná ‘Ról na Gaeilge in Athbheochan Gheilleagar na hÉireann.’

Ach fágfaimid an focal deiridh ag Dev. “An teanga nach labhairtear i ngnáth-shaol na ndaoine, ní buan a réim.” Is leor sin mar spreagadh dóibh siúd ar a dtitfidh sé plean 20 bliain a chur chun cinn don Ghaeilge le linn cúlú eacnamaíochta. Fiú más gá fanacht go tús an tsamhraidh lena fhoilsiú, is ceart gur ar théagair na mbeartas seachas ar fhreastal ar spriocdháta foilsithe a mheasfar an iarracht. Maratón atá ar bun seachas ráib: agus i ndeireadh an lae, tá níos mó i gceist leis ná rás le tairiscintí a dhéanamh ar spá coise ar cheant ar ebay!

  • Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ/TG4 é Breandán Delap. Tá cónaí air sa Spidéal, Co na Gaillimhe.
MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.