AR NA SAOLTA SEO
Skoda Octavia RS Combi
Daragh Ó Tuama Daragh Ó Tuama

Thug Daragh Ó Tuama gean do charr acmhainneach áirgiúil láidir i ndiaidh leadhbanna d’uachtar Laighean agus na Mumhan a shiúl léi.

Tá mé ag tástáil cairr i láthair na huaire a thaitníonn go mór liom. Toisc gur fear teaghlaigh mé, tá an-dúil agam i gcarranna móra. Is maith liom SUVanna agus fiú MPVanna (feithiclí ilfheidhmeacha), ach is maith liom carranna fada ach go háirithe. Is cuimhin liom, sula raibh páistí agam, nach raibh mórán spéise agam i gcarranna fada, ach ón am a tháinig ár gcéad leanbh ar an saol thuig mé an chiall a bhaineann leo. Is é an tslí i gcarr an ní is tábhachtaí, dar liom. Rud eile a thaitníonn liom ná cumhacht a bheith in aon charr a thiomáinim agus, i láthair na huaire, tá mé ag féachaint gluaisteáin a chuimsíonn nach mór gach rud ar mhaith liom a fheiceáil i bhfeithicil ar bith. Is í an Skoda Octavia RS Combi atá i gceist agam.

Is éard atá i gceist le RS ná gur inneall ardfheidhmeach atá sa charr seo. Tá sé i bhfad níos cumachtaí ná mar a bhíonn sa ghnáth-Skoda Octavia.

Inneall 2.0 TDI atá sa Skoda Octavia RS Combi agus ritheann an gluaisteán seo ar ceithre shorcóir. Tá sé ghiar inti agus, ar pháipéar, tabharfaidh sí ó 0 go 100 cíliméadar san uair duit taobh istigh de ocht meandar. Níl mé chun aon áitiú a dhéanamh faoin mír eolais seo – bhí sí agam ar neart mótarbhealaí agus is féidir liom a rá nach bhfuil sí mall in aon slí. Ó thaobh each-chumhacht choiscthe de, tugann sí 184 duit ag 3,500rpm agus tairgeann sí torc de 380Nm duit idir 1,750 agus 3,000rpm. Glac le m’fhocal, tá na uimhreacha seo go deas!

Carr Tíosach ar an mBreosla

Arís, ar pháipéar, ba cheart go dtabharfadh an carr seo tiomáint tíosach duit. Deir Skoda gur féidir MPG de 61.4 (4.6l/100km) a fháil aisti, ach ní hé sin mo thaithí leis an gcarr seo. Tá an locht ormsa nach bhfuair mé an cineál sin míleáiste aisti, is dócha, toisc go raibh mé ag cur brú uirthi. Rud eile a mhaíonn Skoda ná gur féidir barrluas 230 cíliméadair san uair a fháil aistí. Arís, mar gheall ar an dlí, ní féidir liom an meid sin a dhearbhú!

Measaim go bhfuil an roth stiúrtha go hiontach. Caithfidh mé a admháil gur tharrthaigh sé mé ag pointe amháin! Bhí duine éigin ag teacht im’ aghaidh agus ba bheag nár bhuail sé ar an taobh mé. Ach mar gheall ar chruinneas an roth stiúrtha bhí mé in ann gach dochar a sheachaint gan aon bhrú a chur ar an gcarr. Thaistil mé ó Chill Airne, trí Mhala, go Guaire i gContae Loch Garman agus ba ar chúlbhóithre den chuid is mó a bhí mé ag tiomáint – agus mhothaigh mé go raibh an carr seo lánacmhainneach ar gach cineál bóthair.

Mar sin, tá an roth stiúrtha go breá, ach ní hé sin an t-aon rud amháin atá go maith faoin gcarr seo. Ar mo bhealach ó Bhaile Átha Cliatha go Cill Airne ba ar mhótarbhealaí a bhí mé ag tiomáint den chuid is mó – agus glac le m’fhocal nuair a deirim go bhfuil an Skoda Octavia RS Combi cumhachtach. Ní hamháin sín, ach tá sí mín chomh maith.

Maidir leis an taobh istigh den charr, tá sé breá sócúil agus níl aon easpa slí ann. Ceann de na rudaí is fearr ná, má tá an tiachóg teann agat, gur féidir carr maith, spórtúil a bheith agat – agus páistí a bheith agat! Mar a bheifeá ag súil leis, is féidir ceangal a dhéanamh le Bluetooth, le USB, le iPhone agus araile.

Is carr an-mhaith í an Skoda Octavia RS Combi agus molaimse go mór í don té a bhfuil níos mó ná €34,000 le caitheamh aige ar charr.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.