AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Deireadh le Gluaisteáin Holden, Deireadh Ré
Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin

Ní fearrde an Astráil an easpa infheistíochta i ngnóthaí taighde, nuálaíochta ná oideachais in imeacht na mblianta. Níltear dóchasach dar le Bearnaí Ó Doibhlin.

Íomhá
Holden slíoctha na bliana 2005
(le OSX ar Vicipéid)
Íomhá
Sean-Holden ón mbliain 1951
(le Chris Keating ar Flickr)
Íomhá
Sean-Holden 1949
(le Peter Zynczynski ar Flickr)
Íomhá
Carr VE Garth Tander le foireann rásaíochta Holden 2011
(le GTHO ar Vicipéid)

We love football, meat pies, kangaroos and Holden cars.

Chuir muid fúinn san Astráil thiar sa bhliain 1972 agus ní raibh muid ach gearrthamall sa tír nuair a chuala mé ár ngearrchailí ag canadh an ghligín fógraíochta thuas. Bhí an gligín le cloisteáil i bhfógra teilifíse, cuid d’fheachtas fógraíochta ar son mhonaróir na ngluaisteán, Holden, agus ní haon áibhéil a rá go raibh an rannóg neamhchas mar chuid de theanga na coitiantachta abhus. Chuaigh an feachtas i gcion go mór ar mhuintir na hAstráile toisc gur chuir sé ina luí orthu go raibh gluaisteán de chuid Holden ina íocón fíor-Astrálach agus go mbeadh sé ina ghníomh tírghrách ceann a cheannach dá bharr. D’éirigh go gléigeal leis an bhfeachtas mar gur díoladh ní ba mhó gluaisteáin Holden san Astráil ná gluaisteáin d’aon mhonaróir eile ar feadh blianta fada.

Tá sé intuigthe, mar sin, gur ghoill sé go mór ar mhuintir na hAstráile nuair a d’fhógair Holden coicís roimh an Nollaig go gcuirfear deireadh lena dhéantúsaíocht gluaisteán san Astráil faoin mbliain 2017. Chuir Holden tús le táirgeadh gluaisteán abhus sa bhliain 1949 agus tá tuairim is 2,900 duine fostaithe ag an gcomhlacht faoi láthair, sa dá stát, Victoria agus an Astráil Theas. Caillfear na poist sin go léir agus is baolach go gcaillfear poist go leor eile sna gnólachtaí beaga a tháirgeann comhpháirteanna gluaisteáin ar son na monaróirí móra.

I Muinín Toyota

Nuair a chuirfear deireadh le táirgeadh Holden ní bheidh ach monaróir gluaisteán amháin san Astráil, Toyota, agus tá tráchtairí áirithe ag tuar deireadh lena dhéantúsaíocht abhus luath nó mall. Dá dtarlódh an cás is measa agus go gcuirfeadh Toyota deireadh lena dtáirgeadh san Astráil, bhrisfí thart ar 50,000 fostaí as a bpoist san earnáil fud fad na tíre agus bheadh cúlú geilleagair sa dá stát réamhráite.

Bíodh is go bhfuil gluaisteán de chuid Holden ina íocón Astrálach le fada an lá, ní comhlacht Astrálach é Holden. Ní raibh ann riamh ach saincheadúnas de chuid General Motors (GM) agus rinne an coiste feidhmeannais sa cheanncheathrúin in Detroit an cinneadh deireadh a chur le táirgeadh Astrálach. Bhí GM lánsásta leanúint le táirgeadh san Astráil fad is a bhí na rialtais náisiúnta agus stát ag tabhairt na céadta milliúin dollar dó bliain i ndiaidh bliana mar fhóirdheontas, ach thug an rialtas náisiúnta nua le fios ar na mallaibh nach raibh siad réidh le hairgead sa bhreis a sholáthar dó. Nuair a d’fhógair Holden go mbeadh deireadh lena tháirgeadh san Astráil, cuireadh an milleán ar chostas ard táirgthe sa tír seo, costas ard saothair ach go háirithe i gcomórtas le costas saothair ina mhonarchana i dtíortha éagsúla san Áis.

Cé gur chuir cinneadh míofar GM go leor daoine le báiní abhus, bhí sé i gcomhfhios don saol mór le deich mbliana anuas go raibh an comhlacht ag sracadh leis an saol agus laghdú ina sciar den mhargadh le sonrú de réir a chéile. D’onnmhairítí gluaisteáin de chuid GM ón Astráil go dtí 28 tír eile tráth dá raibh. Nuair a osclaíodh monarchana Holden i dtíortha san Áis, fearacht na Cóiré Theas, na Téalainne agus na hIndinéise, ní raibh an Astráil in ann dul in iomaíocht leo agus cailleadh an margadh idirnáisiúnta dá thoradh sin.

Riachtanas na hInfheistíochta

A dhonacht is atá cúrsaí in earnáil déantúsaíocht na ngluaisteán abhus, táthar ann a mheasann go léiríonn an méid atá ag tarlú ann go mbeidh deireadh le hearnáil na déantúsaíochta ina hiomláine san Astráil sul i bhfad. Is fíor go bhfuil tíortha ann, leithéidí na Gearmáine agus na Sualainne, ina bhfuil earnáil na déantúsaíochta rathúil in ainneoin costas ard saothair. Caithfear a rá, áfach, go ndearna an dá thír sin infheistíocht ollmhór i ngnóthaí oideachais, taighde, nuálaíochta agus i dteicneolaíocht in imeacht na mblianta agus go raibh siad ar thús cadhnaíochta i dtaca le forás na heolaíochta agus na teicneolaíochta dá bharr. Is é a mhalairt atá fíor san Astráil, ar an drochuair, agus earnáil na déantúsaíochta ag titim níos faide ar gcúl ar thíortha forbartha agus ar thíortha i mbéal forbartha araon le blianta anuas. Níltear dóchasach faoi ionchas earnáil na déantúsaíochta ná faoi na fostaithe bochta inti, dá bhíthin sin.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.