Mheabhraigh scéal tacsaí Hampden eachtraí a bhain dó féin do Sheosamh Ó Riain. An féidir eachtraí mar é a mhíniú san am a bhfuil borradh faoin nGaelscolaíocht agus ‘bá leis an nGaeilge’ go forleathan?
Naisc:
Léirigh an eachtra sin sa tacsaí i nGlaschú roimh Nollaig arís na deacrachtaí atá ann do lucht labhartha na Gaeilge. Tá tiománaí tacsaí de chuid Hampden Cabs faoi imscrúdú de bharr gur dhiúltaigh sé cead cainte do bheirt deartháireacha comhrá Gaeilge a dhéanamh sa tacsaí. Maítear go ndúirt an tiománaí, “Tá sibh sa Bhreatain anois, agus ba cheart Béarla a labhairt.”
Cad chuige an aigne mhaol dhiúltach sin in aghaidh na Gaeilge? Ní furasta teacht ar fhoinse na faidhbe agus d’fhéadfadh an iliomad fáthanna a bheith taobh thiar de, idir sheicteachas, leithcheal, daille intinne, mhothú éada agus eile nach iad. Is cinnte nach mbaineann an dearcadh sin leis an mBreatain amháin mar is maith is eol dúinn, faraor, an fhadhb ar an taobh seo de Mhuir Éireann – lastuaidh agus laisteas den teorainn.
Gabhadh fear óg i mBaile Átha Cliath i 2012 mar gheall go ndearna sé iarracht Gaeilge a labhairt le Garda. Stopadh an fear de dheasca mioneachtra tráchta, agus nuair a thug sé faoina ghnó a dhéanamh i gceann de dhá theanga oifigiúla an Stáit – Gaeilge – gabhadh é agus tugadh i nglais lámha chuig beairic Garda é, áit ar coimeádadh é go raibh fáil ar Gharda a bhí in innimh gnó a dhéanamh leis sa teanga sin. Siar sa bhliain 2003 ghabh baill de chuid an PSNI buachaill 12 bliain d’aois, Garvan Brown, i gcathair Dhoire ar an ábhar gur i nGaeilge a labhair sé nuair a chuireadar ceist air. Bíonn dhá insint ar gach scéal, ar ndóigh, ach is léir go bhfuil roinnt deacrachtaí ag roinnt oibrithe, stáit nó eile, le labhairt na Gaeilge.
Ón mBarr Anuas
Is leis an Rialtas féin a bhaineann ceann de na deacrachtaí is mó, sin cur i gcéill agus i leith=lip service towards">béalghrá ="gloss" title="towards">i leith na teanga. Ní gá ach féachaint ar chinneadh an choimisinéara teanga, Seán Ó Cuirreáin, éirí as a phost toisc easpa suime an Rialtais le fada maidir le cur i bhfeidhm na scéimeanna reachtúla teanga agus easpa dul chun cinn i dtaobh athbhreithniú Acht na dTeangacha Oifigiúla gan ach cúpla bunfhadhb a lua. Ní cadhain aonair an Rialtas reatha gan amhras mar gheall go dtugann cáipéisí stáit 30 bliain ó shin le tuiscint go glinn an bealach inar chaith Rialtas na linne sin beartas cuimsitheach i leith cur chun cinn na Gaeilge i gcártaí, beartas a raibh cosúlachtaí láidre ann le Straitéis 20 Bliain an lae inniu. Plus ça change, plus c’est la même chose mar a deir an Fhraincis.
Beidh a scéal féin ag gach éinne faoi eachtra aisteach éigin a bhain dóibh agus iad ag spalpadh na Gaeilge. Níor mhiste dá scríobhfadh léitheoirí BEO faoina gcuid eachtraí féin faoi bhun an ailt seo, mar is cóir go dtuigfimis cé chomh forleathan, nó a mhalairt, atá na heachtraí teanga seo.
Eachtraí a Bhain Dom Féin
Tagann dhá scéilín chun cuimhne dom féinig agus tharla siad araon i bpubanna cáiliúla sa phríomhchathair. Sa chéad cheann, bhí mise agus cara liom as an nGaeltacht, Pat, i mbun comhrá breá ciúin ag an mbeár, agus d’ordaigh Pat deoch eile; “Pionta Guinness,” a dúirt sé go cairdiúil. “What ya say,” a d’fhreagair an fear beáir, “Pionta Guinness le do thoil,” a dúirt Pat aríst. “Order in English” a dúirt an fear beáir leis “or you can get out.” D’fhágamar an béar gan tuilleadh moille.
Sa dara heachtra, bhí mé i mbun comhrá Gaeilge le beirt fhear ar a bhfuil aithne agam; duine acu, cara liom, as an mBaváir agus an fear eile arb as an bhFrainc dó. Bíodh is go raibh an pub dubh le turasóirí as na ceithre hairde bhí an t-ádh linn áiteanna a fháil díreach ag an mbéar. D’ordaigh an triúr againn piontaí (trí Bhéarla) agus luíomar isteach ar chomhrá. Ba ghearr ina dhiaidh a dúirt an bheirt fhear liom gurbh fhearr leo an pub a fhágáil. Cad ina thaobh a d’fhiafraíos díobh; bhí bior nimhe ar shúile an fhir bheáir ag féachaint orainn - de thoradh na Gaeilge dar leo. D’fhágamar go gairid ina dhiaidh.
Is cuimhin liom agallamh cúpla bliain ó shin leis an láithreoir cáiliúil teilifíse, Bláthnaid Ní Chofaigh, ina ndearna sí tagairt don bhealach ina gcaitear léi de bharr na teanga, “Bíonn sé ciníoch scaití... ní chuirfeadh aon chultúr eile suas leis,” a dúirt sí.
Más fíor go ndúirt Freud gurb iad na hÉireannaigh an t-aon dream amháin nach bhfuil maith san fháthmheas aigne (.i. sa tsícanailís) dóibh. B’fhéidir gur tar éis dó éisteacht le caint, cur agus cúiteamh gan chríoch ar ár dteanga dhúchais a tháinig sé ar an tuiscint sin. Níl aon dul as ach go bhfuil lucht na tíre seo ina chíor thuathail cheart faoi Ghaeilge. Níl breith agam féinig ar an easpa tuisceana ar chultúr atá le fáil sa phub, sa tacsaí, sa tsráid nó i ndorchlaí na cumhachta - laistigh nó lasmuigh d’Éirinn. An bhfuil breith ag éinne air?
Ciarraíoch is ea Seosamh Ó Riain a rinne Córais Ríomhaireachta in Ollscoil Luimnigh agus Ard-Dioplóma san Aistriúchán in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad ina dhiaidh sin.