CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Ré na Haischlibe
Roseanne Smith Roseanne Smith Roseanne Smith

Molann Roseanne Smith don té Smutleabhrach ar mian léi nó leis a bheith feiceálach ann, a bheith go haischlibeach i scríobh na scéalta fógraíochta.

Íomhá
Doctorwhosavetheday.com ag míniú na haischlibe
Íomhá
Neam neam, Skinflint, BÁC
(le Robert Paul Young ar Flickr)
Íomhá
Crackbird BÁC
(le William Murphy, Infomatique, ar Flickr)
Íomhá
Míniú na haischlibe
le Pixel Design.ie
Íomhá
Skinflint
(le Robert Paul Young ar Flickr)

Bhí físeán greannmhar go maith ag gabháil timpeall an ghréasáin Deireadh Fómhair seo chaite inar mhínigh The Doctor céard é haischlib: http://youtu.be/r6imeNyR06E

Conversations across the Universe all held together by tiny little pins of chattery topics.

N’fheadar an fiú an míniú sin ach rud amháin a léiríonn an chraic seo le haischlibeanna ag carachtair teilifíse: tá ré na haischlibeanna linn. Le cúpla mí anuas táthar in ann iad a úsáid, ní hamháin ar Twitter, áit ar tháinig siad chun tosaigh, ach ar Facebook freisin. Séard atá iontu ná lipéidí téacs ar líonra a cheanglaíonn píosaí ábhar scaipthe le chéile. Tarraingíonn an haischlib focal, nó nath, leis an gcomhartha # roimhe, ábhar le chéile ar an ngréasán ina bhfuil sé foilsithe. Ar bhformhór na ngréasán, bíonn na focail nó nathanna seo, inghliogáilte, rud a thugann úsáideoirí rochtain ar gach píosa ábhar ar an ngréasán sin atá nasctha leis an bhfocal nó leis an nath sin.

Is féidir an focal haischlibeáilte a úsáid i lár abairteina diaidh. Mar shampla, “Chun léargas a fháil ar lucht labhairt na #Gaeilge is fiú go mór Beo.ie.” Chun lucht léitheoireachta níos fairsinge a shroicheadh leis an ngiolc seo, d’fhéadfá #Irish nó #IrishLanguage a chur i ndiaidh na habairte fosta.

Ná Bris Nós

Ar ndóigh tá beasaíochta ar leith ag baint le úsáid haischlibeanna.

Níor chóir níos mó ná péire haischlib a reic in aon abairt amháin. Níos mó ná sin agus beidh cuma thurscair ar do chuid ábhair.

Níor chóir go mbeadh aon bhearna in haischlib. Mar sin scríobhtar “#PobalNaGaeilge” in ionad “Pobal na Gaeilge.” Tabhair faoi deara an ceannlitriú a chabhraíonn leis an léitheoir.

Cé go bhfuil stair níos faide ag an haischlib i stair na ríomhaireachta is ar Twitter a chuaigh sé ó neart go neart. Is iad na reacairí ansiúd a thosaigh é ar dtús (Chris Messina a chruthaigh iad de réir finscéil http://www.nytimes.com/2011/06/12/fashion/hashtags-a-new-way-for-tweets-cultural-studies.html?smid=tw-nytimes&_r=0). Thuig Twitter a gcás agus rinneadh inchliceáilte iad agus rugadh nós nua rábach don 21ú aois.

Is féidir haischlibeanna a úsáid sa tslí seo ar neart gréasán éagsúil, App.net, Facebook, Flickr, FriendFeed, GitHub, Google+, Instagram, Kickstarter, Linkedin, Pinterest, Tumblr, Twitter, YouTube, agus Vine ina measc.

Más ortsa atá an fhreagracht seirbhísí nó táirgí a chur chun cinn is féidir haischlibeanna a úsáid chun do tháirgí a cheangal le gné ghinearálta, nó haischlibeanna a chruthú a chuireann le feathal do ghnó agus a ligeann dod’ mhargadh teacht ar d’ábhar gan stró.

Mar shampla, más ortsa an fhreagracht laethanta saoire sa Ghaeltacht a chur chun cinn, d’fhéadfá #holiday a chur le do chuid nuashonrúchán. Ach nárbh fhearr i bhfad an t-eolas a cheangal níos dlúithe le do fheathal, m.sh. #SaoireGaeltachta. B’fhéidir go bhfuil tú ag eagrú turas bliantúil agus mar sin b’fhiú go mór haischlib mar #SaoireGaeltachta14 a úsáid ar na gréasáin chun gach eolas faoin imeacht i mbliana a tharraingt le chéile. Má ghliogtar ar aon cheann de na haischlibeanna seo, tiocfaidh na húsáideoirí ar gach nuashonrú faoin imeacht, táirge nó seirbhís.

Tapú na nDeiseanna

Mar sin is féidir haischlibeanna a úsáid chun seo leanas a dhéanamh:

● Do tháirge nó do sheirbhís a chomhcheangal le gné ghinearálta cosúil le laethanta saoire nó le ham saor.

● Tarraing gach píosa ábhair a bhaineann le himeacht, nó le tionscnamh ar leith, le chéile faoin aon teideal amháin.

● Trí úsáid do haischlibeanna, nochtann do leantóirí do fheathal ar bhonn níos leithne.

● Is féidir haischlibeanna a úsáid freisin chun comhrá a óstáil ar ábhar ar leith, go háirithe trí úsáid an focal “chat” ann m. sh. #edchat

● Is féidir seirbhísí cosúil le Storify.com a úsáid chun “scéal” do earra a tharraingt le chéile thar ghréasáin éagsúla.

Gheobhaidh tú tuilleadh nodanna uaim ar an ábhar seo in alt a scríobh mé anuraidh. http://www.pixeldesign.ie/news/article/hashtags-tips-and-best-practice-advice

Bhí neart samplaí spéisiúla dá n-úsáid i 2013. Is mór agam an “chat” thuasluaite #edchatie, cé nach múinteoir mé féin. Bíonn plé bríomhar, spreagúil gach Luain idir 8.30 agus 9.30 ar Twitter ag úsáid na haischlibe seo. Socrófar ábhar roimh ré trí vótáil (féach mar shampla chun an “chat” a leanúint agus chun páirt a ghlacadh ann más mian leat.

An Bhasc-chlibeáil

Bhí neart samplaí de “bashtagging” ag deireadh 2013 freisin. Is iad British Gas agus JP Morgan go háirithe a tháinig salach as nuair a rinne siad iarracht comhrá a óstáil ar ardán Twitter ag úsáid na haischlibeanna #AskBG agus #AskJPM faoi seach.

Ach níos drochthuaraí fós ná an úsáid a rinne úsáideoirí an ardáin chéanna as an haischlib #Sportswomen. De réir http://www.everydaysexism.com séard a bhí i gceist ag Sky News nuair a d’eagraigh siad an C&F beo ná:

Using the hashtag #Sportswomen, it was a great opportunity to bring a spotlight to women’s sport, which is so often under represented.

Ach de réir EverydaySexism.com arís: “What followed was the perfect display of the misogyny, aggression and imbalanced treatment faced by sportswomen in every discipline.http://storify.com/EverydaySexism/sky-sports-news-live-q-and-a-with-beth-tweddle-twi

Cibé ar bith faoi JP Morgan agus British Gas, a bhí tar éis cinnithe gnó a dhéanamh, a chuaigh i bhfeidhm go mór ar ghnáthshaol daoine, agus daoine a bhí ar an trá fholamh go minic, ní raibh aon ní déanta ag Tweddle chun a leithéid d’olc a tharraingt uirthi féin. Mo náire iad siúd a ghlac páirte sa mhaistíneacht agus sa chiapadh seo.

Béile Saor in Aisce

Ach chun samplaí dearfacha a fháil d’úsáid haischlibe, i gcomhtheacs gnó, ní gá breathnú níos faide ná ár n-ardchathair féin. Is péire bialann “pop-up” iad Crackbird agus Skinflint atá lonnaithe i lár Bhaile Atha Cliath. Dáiltear miasanna sicín agus pizza faoi seach. Déantar iarracht a mbuiséad margaíochta a choinneáil íseal chun caighdeán agus luach a gcuid bia a choinneáil ard. Ina leith sin, baineann siad úsáid an-chliste as Twitter agus an haischlib #tweetseats go háirithe. Má ghiolctar am, dáta agus an haischlib seo le ceachtar den dá bhialann, tá seans ann go bhfaighfear béile do bheirt in aisce, má bhíonn bord ar fáil. Chruthaigh an cur chuige seo scleondar ar leith sa bhialann nuair a seoladh Crackbird ar dtús, go háirithe ó bhí seans maith ann go mbeadh siad siúd sa #tweetseats ag giolcadh is ag Instagramáil faoin mbialann.

http://statigr.am/viewer.php#/detail/283315819_621839

http://statigr.am/viewer.php#/detail/307533904_621839

An chéad uair eile a mbeidh tú ag pleanáil feachtas margaíochta bí cinnte an cleas beag cumhachtach seo a chur i bhfeidhm go cliste.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.