CAINT AN tSRÁIDBHAILE
An Stuaim ar Iarraidh
Íomhá
Linda Irvine, Oifigeach Forbartha Gaeilge Oirthear Bhéal Feirste
Íomhá
'Towards Inclusion, Protestants and the Irish Language'
(Blackstaff Press)
Íomhá
Bean eile ag brú an 'republican agenda' b'fhéidir, le cúpla focal
(NASA, Bill Ingalls ar Vicipéid)
Íomhá
'Hidden Ulster' le Pádraig Ó Snodaigh

Ceann de ghnéithe na hÉireann is mó a mbíonn an stuaim ar iarraidh ina leith, b’fhéidir gurb í an teanga seo í, nó go baileach, dearcadh an Bhéarlóra i leith agus i gcoinne na teanga seo, an Ghaeilg. I mBéarla a scríobhadh Forógra na Poblachta. Bhí roinnt Gaeilge ann, admhaím. Bhí ‘Mac’ agus ‘Diarmada’ ann agus bhí focail traslitrithe i nGaeilg ann: Seán, Éamonn, Ceannt; agus bhí na focail ‘Poblacht na hÉireann’ ann. Thairis sin, Béarla uilig a bhí ann. Caithfidh sé gur i mBéarla a reáchtáladh 99% d’oibríochtaí an IRA in imeacht na mblianta, ach ní chloistear an líomhain gurb é an Béarla teanga an fhoréigin ná gurb é an Béarla teanga an IRA.

Sa mhullach ar an mhéid sin, ba chainteoirí dúchais Gaeilge suas is anuas le trí cheathrú d’Arm Shasana ag Cath Cionn tSáile. Anuas ar sin, ní raibh Béarla ag a bhformhór mór. Bhí agus tá Gaeilg in Arm Shasana, chomh maith le Gaeilg na hAlban agus an Bhreatnais. D’ainneoin sin uilig, samhlaítear an Béarla le paratroopers agus le cumhachtaí Shasana agus samhlaítear an Ghaeilg le Poblachtaigh agus leis an IRA. Ní shamhlaítear an Ghaeilg leis na Dúchrónaigh, ach bhíodar ann. Maítear gur Éireannaigh bunáite an ceathrú cuid de na Dubhchrónaigh a ‘throid’ in Éirinn.

An íomhá iomrallach seo ar fad, caithfidh go mbaineann sé ar bhealach éicint leis an teoiric a luaigh an tUachtarán agus gur thagair an Coimisinéir Teanga dó: nach dtig leis an Ghaeilg a bheith marbh go leor do roinnt daoine. Cuirfidh an Ghaeilg daoine as fostaíocht, an tír faoi uisce na farraige agus titfidh an spéartha anuas lá ar bith feasta mar gheall ar an Ghaeilg a bheith i gcúinne ar bith den tír.

Ciotaíl Chainte agus Loiceadh na bPáirtithe

A bhuí den Uasal Ciotach, gabh mo leithscéal, Chittick, nuair a chuirtear an scéal chun seafóide uilig uilig, feictear do dhaoine, dá ndaille iad an chuid eile den am, nach bhfuil stuaim sa deargnaimhdeas do theanga ar bith seachas a chéile. Is éard atá in aon teanga, nós urlabhra / slí chumarsáide go bunúsach. Ina dhiaidh sin nuair a labhraítear í is a instealltar agus a mhúnlaítear le saíocht is le dearcadh na sochaí í. Mar gheall ar stair lucht a labhartha, fanfaidh rian a staire agus a ndearcadh saoil mar chuid inmheánach den teanga, más iniompar agus más inláimshithe é.

Bhí roinnt bheag Poblachtach fíordhílis don Ghaeilg anuas na blianta ach is mar gheall ar thréigean na Gaeilge i measc Fine Gael, an Páirtí Náisiúnta, Fianna Fáil, Páirtí an Lucht Oibre agus Páirtithe éagsúla na nAontachtach a cothaíodh an teoiric gur le poblachtaigh amháin agus gur le Sinn Féin a bhain an Ghaeilg. Má polaitíodh an Ghaeilg, ba de dhroim loiceadh san iliomad páirtithe polaitíochta eile a tharla amhlaidh. Ba cheart dúinn a bheith buíoch den mhionlach i Sinn Féin a chothaigh an teanga ina saol féin anuas na blianta, mar ba cheart dúinn a bheith buíoch de na mionlaigh sna páirtithe éagsúla eile a rinne amhlaidh.

Coscadh iarracht an Republican Congress muintir na Seanchille agus Bhaile Mhic Airt a thabhairt go huaigh Wolfe Tone i mBaile Buadáin sa bhliain 1934. Throid poblachtach ar m’aithne (a tháinig anuas den ardán) ag cosaint mhuintir na Seanchille an lá sin ach sáraíodh orthu. Ba mhór an feall é nach bhfuair muintir na Seanchille an deis iad féin a chur chun tosaigh ar bhonn aicme den lucht oibre ag uaigh Tone.

Nuair atá iarracht ar bun arís ag muintir oirthear Bhéal Feirste a n-aithne féin a chur ar chúlra na Gaeilge thart orthu, ba cheart dúinn mar lucht Ghaeilge tacú leo. Ní hé nach bhfaca cuid eile againn an nimh san fheoil sin ina gcoinne a eascraíonn as aineolas an mhóraimh go bunúsach. Is iontach a bhfuil curtha i gcrích ag náisiúntóirí agus ag poblachtaigh ó thuaidh agus ó dheas le glúin. Níl an teanga stróicthe ar fad óna chéile acu. Tá a gcuid Gaeilge intuigthe agus cruinn go maith do dhream a d’fhoghlaim í mar ateanga (‘L2’ a deir lucht teangeolais). Is iomaí baile a bhfuil líofacht tugtha do sciar suntasach den óige ann de bharr na gaelscolaíochta agus eile. Tharla scaifte áirithe den mhuintir dílseach /aontachtach a bheith múscailte le spéis sa Ghaeilg, ba cheart agus ba mhithid don chuid eile againn cuidiú leo ar aon bhealach a thig linn. Gura fada buan inár measc iad.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.