CÚINNE NA nEALAÍON
Séadchomhartha Phádraig Uí Bheirn – An Cláirseoir Dall
Gráinne Campion Gráinne Campion Gráinne Campion

muintir Oirialla ag cur spéise i nduine dá gcuid cruitire ó dhá chéad bliain ó shin agus ní taise do Ghráinne Campion é mar chuaigh sí féin ag fiosrú an scéil.

Íomhá
Nochtadh an tséadchomhartha, le Annie Carroll & Rosemary Mc Cabe
Íomhá
An Cláirseoir Patrick Byrne
(le Hill & Adamson, Dánlann Náisiúnta na hAlban, ar Vicipéid)
Íomhá
I gcuimhne ar Patrick Byrne
Íomhá
Padraig O Beirn amach san aois
(san Ulst. Journ. Archaeology, Feabhra 1911)

Dé Domhnaigh breá séimh a bhí ann, an 24 lá de mhí na Samhna 2013. I ndiaidh aifreann na maidine, bhí scaifte breá daoine bailithe le chéile ag an chrosbhealach, ceol binn na n-éan le cloisteáil mar mhaise ar cheol na cruite. Ní haon ghnáthmhaidin Domhnaigh a bhí ann. Seo an lá a dhéanfar comóradh ar an Chláirseoir Éireannach, Pádraig Ó Beirn, nuair a chrochfar séadchomhórtha den chláirseoir in aice lena bhaile dúchais, Machaire Cluain i gContae Mhuineacháin.

Rugadh agus tógadh Pádraig thart faoi 1794 i Machaire Cluain, Barúntacht Fhearnaigh. Bhí deis aige freastal ar ranganna le Cumann Cruite na hÉireann, Béal Feirste tuairim na bliana 1820. Chuir siadsan cruit ar fáil dó ag an am sula ndeachaigh sé i mbun taistil lena chuid cheoil.

Séadchomhórtha ar leith atá crochta ina chuimhne anois mar meastar gurbh é Ó Beirn an chéad cheoltóir riamh de chuid na hÉireann ar tarraingíodh a ghrianghraf. Agus is ón ghrianghraf seo a tháinig an dearadh don tséadchomhórtha.

Bhí mórtas millteach ar Chomhaltas Charraig Mhachaire Róis, an cumann is gaire do Mhachaire Cluaine cion is go raibh siadsan in ann a bheith bainteach le comóradh an tsárchruitire seo.

Tugann sé uchtach mór do Chomhaltas Charraig Mhachaire Rois agus d’Oidhreacht Mhachaire Cluaine an séadchomhórtha seo a bheith crochta do Phádraig Ó Beirn. Ba dhuine é de na chláirseoirí deiridh a bhí i mbun na cruite Gaelaí a sheinm agus tá lúcháir orainn go bhfuil an séadchomhórtha seo le feiceáil i gcroílár cheantar an chláirseora’ a dúirt Brian Walsh de chuid CCÉ na háite.

Mórtas na Muintire

Ní hamháin go raibh mórtas ar lucht Comhaltais na háite ach, iontas na n-iontas, bhí sliocht Uí Bheirn i láthair chomh maith. Is é Annie Carroll, an duine is sine de mhuintir Uí Bheirn agus d’fhreastail sí ar an ócáid. De réir Annie, atá breis is ceithre fichead anois:

“Bhí an-suim agam le blianta anuas agus mé ag dul in aois a fháil amach faoi Phádraig mar bhí an méid sin cloiste agam faoi. Bhíodh mo mhuintir i gcónaí á mholadh. De bharr an cheoil bhí sé in ann teach a cheannach agus rugadh agus tógadh mé féin sa teach chéanna agus an ghlúin aníos i mo dhiaidh fosta. Is mór an trua nach bhfuil an tóir chéanna againne ar an cheol áfach” a dúirt sí agus í ag gáire.

Mhínigh Annie Carroll gur chaith Pádraig tamall i Sasana agus in Albain mar chláirseoir cheapaithe in áiteanna éagsúla leis na huaisle. Sheinn sé i Stratford-on-Avon in 1829, nuair a bhain sé clú agus cáil amach agus é ag fáil tíolacadh airgid ón Shakespearan Acadamy. Bhí ráchairt mhór ar a cheol ina dhiaidh sin, ní nach ionadh! Ní i bhfad gur phill sé ar Éirinn agus d’fhostaigh mhuintir Shirley é ar a ndúiche taobh amuigh de Charraig Mhachaire Rois, Co. Mhuineacháin.

Tuairim Bunting

Mhol Edward Bunting go hard é agus rinne sé cur síos ar an mhodh bhunaidh a bhí aige, mar is é an dóigh go stadadh Pádraig sinecrith na cruite agus é ag seinm. Ní hamháin sin ach mhol sé an fheidhm a bhaineadh sé as a theanga dhúcháis, an Ghaeilge ar ndóigh, agus é ag canadh in éineacht leis an cheol:

“Tá lúcháir orm a bheith in ann a rá go bhfuil tóir an cheoil ort mar chláirseoir Éireannach. Is mór an buntáiste é go raibh tú in ann do chuid oiliúna a fháil ar an chruit i mBéal Feirste le Cumann Cruite na hÉireann trí stíl ársa na gcláirseoirí… In éineacht leis an stíl phearsanta atá agat féin, tá ardmholadh tuillte agat mar gheall ar an úsáid a bhaineann tú as do theanga dhúchais in éineacht leis na poirt. Méadaíonn sé an pléisiúr agus gliondar i gcroithe d’éisteoirí …” (29/5/1840. Fox, C.M, 1911. Annals of the Irish Harpers)

Theastaigh sé in aois 69, sa bhliain 1863 agus cuireadh é i seanreilig Charraig Mhachaire Róis leis an mhéid seo scríofa mar feartlaoi os a chionn:

Here lieth the Body of Patrick Byrne, Harper to H.R.H. The Late Prince Consort Who Departed This Life At Dvndalk April 8. 1863 In The 69th Year Of His Age. May He Rest In Peace Amen

Níl a ainm go mór i mbéal an phobail mar atá Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin nó Art Ó Néill nó ceoltóirí móra eile na linne sin. Tá gá leis na ceoltóirí seo a cheiliúradh agus comóradh a dhéanamh orthu áfach.

Déantar comóradh bliantúil ar Phádraig Ó Beirn i gCarraig Mhachaire Rois, chuile bhliain seachtain roimh an Cháisc nuair a chuireann an Comhaltas áitiúil ‘Féile Phádraig Uí Bheirn’ ar siúl, i gcuimhne ar an chláirseoir. Cuirtear ranganna ceoil ar siúl agus is ócáid é atá ag dul ó neart go neart. Le haghaidh tuilleadh eolais a fháil faoin fhéile agus faoi na ceardlanna ceoil, téigh chuig ‘Féile Patrick Byrne’ ar Facebook nó téigh i dteagmháil le Finian McCluskey ar +(353) 87 2396665.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Mac léinn MA sa Chumarsáid in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge is ea Gráinne Campion.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.