CÚINNE NA nEALAÍON
Bliain an Chultúir agus Fleadh Cheoil na hÉireann in Éineacht
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Phill Ciara Nic Gabhann ar a cathair dhúchais, Doire, fechain Locha Febhuil find, con a ealaibh as aibhind, anuraidh le blaiseadh den lón mór ealaíne a bhí ag titim amach ann. Níor thuras in aisce é.

Íomhá
Tine ealaíne
(le City of Culture 2013 ar Picasaweb)
Íomhá
Ionad na Mílaoise i nDoire
(le Ardfern ar Vicipéid)
Íomhá
An ceol & an chaint i réim
(le Wild Atlantic Way ar Picasaweb)

Éist anseo leis an alt á léamh ag Nóra Uí Ghallachóir as Teileann, Co. Dhún na nGall.

Tháinig bliain mhór chultúrtha Dhoire Cholmcille chun deiridh i ndiaidh dhá mhí dhéag d’imeachtaí iontacha a bhí lán le spraoi chomh maith le héagsúlacht agus a rinne ceiliúradh cuimsitheach spleodrach ar an dá thraidisiúin sa chathair. Mealladh na sluaite chuig an chathair, go leor acu a tháinig don chéad uair riamh, agus tharla mórán a dtig le muintir na cathrach a bheith sásta leis agus dóchasach faoi agus iad ag déanamh athbhreithniú ar an tréimhse shuntasach seo. Duirt Príomhfheidhmeanach an Chomhlacht Chultúir, Shona McCarthy, go raibh an chathair faoi bhláth i ndiaidh tréimhse achrannach agus go raibh an bhliain chultúir ina chatalaíoch le daoine a tharraingt le chéile, rud a bhí mar sprioc i gcónaí ag an tionscadal.

Buaicpointí na bliana

Ní raibh aon teorainn leis an fhonn ag bhí ar dhaoine a bheith rannpháirteach sna himeachtai móra pobail a bhí ar siúl ó thus go deireadh na bliana. Ina measc bhí Filleadh Cholmcille i mí an Mheithimh, a mheall 1,500 duine de gach aois le páirt a ghlacadh in amharclannaíocht mhórthaibhseach a bhí le feiceáil ar shráideanna na cathrach agus ar an Fheabhal.

Bhí sráideanna Dhoire ag preabadh arís le 430,000 duine a tháinig ó gach cearn den domhan le bheith páirteach i bhFleadh Cheoil na hÉireann i mí Lúnasa, an Fhleadh is mó go dtí seo i stair Chomhaltas Ceoltoirí Eireann. Baineadh sult as an cheol a bhí le cloisteáil go fairsing ar achan sráid agus choirnéal. Rinneadh ceangal láidir le pobal Gaelach na hAlban le linn na Fleidhe agus sna himeachtaí éiciúiméineacha a reáchtáil pobail eaglaisí na cathrach.

Lumière agus Turner

I measc buaicpointí na n-imeachtaí ealaíne a bhí le feiceáil sa chathair i rith na bliana bhí Lumiere, taispeántas solais ollmhór a bhunathraigh an chathair le 17 saothar dealbhóireachta agus ealaín suiteála solais a bhí le feiceáil ar fhoirgnimh agus i spásanna poiblí ar fud na háite i mí na Samhna. Tiontaíodh compal míleata, Beairic Ebrington os comhair Halla na Cathrach ar an taobh eile den abhainn, ina piazza ealaíne díreach in am do thosach na bliana; beart a raibh intinn nath an Bhíobla faoi chlaimhte a bhualadh amach ina soic chéachta agus sleánna a thiontú ina gcorráin taobh thiar de ach, sa chás seo, gur deiseanna ealaíne an toradh a bhí ar an bhualadh amach. Tháinig móruaisle shaol na healaíne chomh maith le pobal fiosrach chuig Beairic Ebrington le freastal ar an Turner Prize, agus é ar taispeáint i ndánlann nua den scoth a dearadh go sonrach don ócáid. Bhain an t-ealaíontóir suiteála Laure Provost an chéad áit agus cé nár aontaigh achan duine leis an chinneadh seo, d’éirigh go hiontach leis an taispeántas, a bhí le feiceáil taobh amuigh de Shasana don chéad uair riamh. Tá caint ann anois go mbeidh an dánlann iontach seo ina ceap oifige amach anseo ach tá mórán den phobal agus den aos ealaíne go háirithe ag súil nach dtarlóidh sé seo agus go bhfanfaidh an suíomh mar atá mar chuid d’oidhreacht na bliana.

Tháinig daoine ó bhreis is 75 náisiún éagsúla chuig an chathair i rith na bliana seo agus ní raibh bliain inchurtha leis ag na hóstáin riamh ó thaobh gnó de, agus tá dóchas ann go gcuideodh an toradh seo le margaíocht na cathrach san am atá le teacht agus go mbeidh tionchar aige seo ar gheilleagar agus ar fhostaíocht sa chathair.

Beidh Hull ina chéad chathair chultúir eile sa Ríocht Aontaithe agus guímis gach rath orthu agus iad ag déanamh réidh do bhliain iontach i 2017.

Oidhreacht na Bliana

Toradh suntasach eile ar an bhliain eisceachtúil seo is ea go bhfuil meanma agus féinmhuinín an phobail i ndiaidh fás go mór. Tá cinneadh gan freasúra glactha ag Comhairle Chathair Dhoire ar na mallaibh, fágaim, le bheith san iomaíocht leis an ghradam Cathair Chultúir na hEireann a bhaint amach i gceann cúig bliana. Is é Luimneach an chéad chathair riamh sa Phoblacht leis an ghradam seo a bheith acu i mbliana. Ardaíonn sé seo ceist shuimiúil: an mbeidh Doire, cathair ar an taobh ó thuaidh den Teorainn ach cathair, mar a deireadh Séamus Heaney, síocháin leis, a bhfuil clóicheada formhór mór a cuid saoránach glas, i dteideal a bheith istigh ar an chomórtas seo? Beidh scéala ag an aimsir. Agus, ar ndóigh, beidh an teideal Príomhchathair Cultúir na hEorpa ar fáil i 2020!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.