D’fhreastail Balor na mBéimeann ar chóisir fíona le deis faire ar an phearsa a chuaigh ó amharc ar Mhéara na gConallach Toigh Ard-Mhéara na hArdchathrach.
Bhí maithe agus móruaisle na hÉireann – agus Dhún na nGall – i láthair i dTeach an Ard-Mhéara i mBaile Átha Cliath ar na mallaibh nuair a fógraíodh Liam Ó Cuinneagáin mar phearsa Dhún na nGall na bliana. Bhí rí rá san fhoirgneamh stairiúil – agus ruaille buaille chomh maith – nuair a tháinig Liam isteach sa halla agus Gardaí Síochána ar achan taobh de: beirt roimhe, beirt ina dhiaidh agus beirt ar achan taobh de. Mhínigh Sarah Chití Ní Dhomhnaill, Rúnaí Oinigh Chumann Thír Chonaill i mBaile Átha Cliath, gurbh é Liam féin a chuir fios ar na gardaí chun é a chosaint ón oiread sin daoine a bheadh ag iarraidh a dhroim a bhualadh. Mhínigh Sarah Chití fosta nach rabhthas róchinnte gurbh é a dhroim a bhí Ó Cuinneagáin ag iarraidh a chosaint ón chosmhuintir a bhí cruinnithe le chéile don ócáid.
D’éirigh le Ó Cuinneagáin a bhealach a dhéanamh go dtí barr an halla i gcás ar bith, áit ar chroith sé lámh leis na haíonna speisialta a bhí ann ina onóir. Ina measc bhí Jimmy Not Winning Matches Mc Guinness, pearsa Dhún na nGall na bliana seo caite, a rinne comhbhrón agus comhghairdeas leis an Uasal Ó Cuinneagáin. Dúirt Jimmy go raibh sé thar a bheith sásta go raibh a théarma féin anois istigh nó go raibh trí chloch meáchain curtha suas aige le bliain anuas i ndiaidh dó freastal ar an oiread sin ócáidí tábhachtacha i siopaí caife de chuid Centra agus Londis agus Spar ó cheann ceann na contae. Gheall Ó Cuinneagáin go gcuirfeadh sé stad láithreach leis an nós náireach, agus go mbeadh na hócáidí tábhachtacha a bhfreastalódh seisean orthu in áiteanna tábhachtacha stairiúla as seo amach. Luaigh sé roinnt tithe tábhairne mar shamplaí d’áiteanna tábhachtacha stairiúla, agus trí cinn d’óstáin cúig réalta – péire acu in Santa Monica, California, agus an tríú ceann in Kuala Lumpur.
Caint an Chéad Phápa Mná
I measc na n-aíonna speisialta eile a bhí ar an ardán bhí iar-Uachtarán na hÉireann, Íosa Mhic Giolla Mháire. Labhair sise faoi na seachtainí speisialta sócúlacha soilbhre a chaith sí in Odious Gael gach samhradh ó ceapadh í ina hUachtarán i 1997. Dúirt sí gur bhain sí sú agus sult agus ceol as gach uile ghné de na cúrsaí sin ach amháin na ranganna Gaeilge. Mhaígh sí go raibh sí sa rang céanna ón am a chuaigh sí ann an chéad bhliain riamh; go raibh a cuid cairde uilig i ndiaidh bogadh suas go rang eile, ach go raibh sise i ndiaidh fanacht ag an leibhéal céanna i gcónaí, a bhuíochas sin don mhúinteoir a bhí aici, May Mac Ránais. Mhol sí go láidir do Phearsa na Bliana fáil réidh le Mac Ránais sula dtarraingeodh sé droch-chlú amach is amach ar an choláiste. Bhronn sí cóip dá beathaisnéis údaraithe, le May Mac Ránais, ar gach duine sa lucht féachana, agus trí cinn an duine dóibh le tabhairt abhaile leo chun an tine a lasadh. In onóir na hócáide bhronn sí cóip den leabhar dírbheathaisnéiseach is déanaí atá scríofa aici féin, An Chéad Bhanphápa Éireannach Riamh, ar Liam.
Ina diaidhse labhair iar-Aire na Gaeltachta, Máire Ní Chlochráin, agus mhol sí Liam go hard na spéire as a dhílseacht do Thír Chonaill. Mhaígh sí gur thacaigh sé go daingean i gcónaí le cruthú agus caomhnú na fostaíochta sa bhaile, agus ar a shon sin nár cheannaigh sé oiread is pionta pórtair féin in áit ar bith taobh amuigh de Thír Chonaill. Dúirt sí gur mhaith a bhí a fhios aici sin, mar gur sheas sí go minic ag an bheár i dTeach Laighean ag fanacht le go gceannódh Liam deoch di, ach gur fanacht in aisce a bhí ann. Mhol sí é as a cheannasaíocht agus a chlisteacht agus a ábaltacht i rith a thréimhse mar Chathaoirleach ar Údarás na Gaeltachta. Ghabh sí buíochas leis as an stocaireacht a rinne Liam ar a son, agus dúirt sí nach raibh sí ag smaoineamh ar an chuidiú sin ar chor ar bith nuair a cheap sí é mar Chathaoirleach. Bhronn sise cóip dá leabhar úr dírbheathaisnéiseach, You Scratch My Back…, ar Phearsa na Bliana.
Ian Cianchainteach
Buaicphointe na hócáide, dar le Balor an Bladaire a bhí i láthair don imeacht ar fad agus nár chaill oiread is bomaite de na hóráidí, ná an chaint a thug Ian Mc Garvey, Méara Dhún na nGall. Is é an clú – agus an cháil fosta – atá ar Mc Garvey ná go bhfuil sé trí bliana is ceithre scór d’aois agus mar sin gurb é an polaiteoir is sine in Éirinn. Ina ainneoin sin ní dhearna sé aon stad – ná fuaradh ach oiread – ina chuid cainte gur chaith sé cúig bhomhaite is fiche ag caint faoi mhórán de na daoine a bhí cruinnithe os a chomhair sa halla, agus ag caint faoi féin agus faoina chuid gaiscí polaitiúla. Chaith sé deich mbomaite ag moladh Jimmy When He Was Winning Matches Mc Guinness; luaigh sé a chuid comhghleacaithe ar fad ar Chomhairle Contae Dhún na nGall; thug sé íde na muc is na madraí dóibh siúd a scar an contae amach óna chúlchríoch nádúrtha dúchasach, ach… abairt ná nath ná fiú focal ar bith ní dúirt sé faoi phearsa úrcheapaithe na bliana reatha, Liam Uasal Ó Cuinneagáin. Ba mhór an t-éacht é a bheith ábalta beagnach gach duine eile sa halla, gan trácht ar an chontae, a lua seachas Pearsa Dhún na nGall na Bliana.
Ar chuir sé isteach ná amach ar Ó Cuinneagáin? Níor chuir, ná baol air. Caidé a bhí ar siúl aigesean i rith an ama? Ag sméideadh lena chairde sa lucht féachana agus ag freagairt téacsanna óna chairde thar lear nach raibh in ann a bheith i láthair. Bhris sé nós agus béascna na mblianta i ndiaidh na hócáide nuair a cheannaigh sé deoch do Bhalor i dtábhairne Doheny and Nesbitts. “A Bhaloir, a thaisce,” a d’impigh sé, “ní bheidh tú ródhian orm in eagrán mhí Feabhra? An mbeidh?”