Tá teagascóirí Gaeilge don bhliain acadúil 2013-14 á lorg ag ICUF faoi láthair agus cé is fearr trácht air ach duine díobh siúd atá ag dul don obair chéanna sin cheana féin, Aodán Ó Cearbhaill.
»»»Chas Seosamh Mac Muirí le fear a bhfuil an-lear eolais bailithe aige ar chanúint Iorrais agus ar stair shóisialta an taobh sin tíre. Chloistí Pádraig S. Ó Murchú go minic ar Raidió na Gaeltachta roimhe seo ach tá an Raidió tarraingte amach as an áit le tamall.
»»»Amharcann Breandán Delap ar leabhar a mhaíonn gur cheart deireadh a chur leis an Ghaeilge éigeantach sa chóras oideachais.
»»»An mac léinn eachtrannach a íocann táille an-ard le teacht chun na Breataine, maíonn Alan Desmond san alt seo nach mbeidh, is cosúil, fáilte chroíúil roimhe ann feasta.
»»»Tá Sinn Féin ag iarraidh reifrinn ó thuaidh faoi cheist na teorann. Ceistíonn Donncha Ó hÉallaithe an bhfuil Sinn Féin ag dul ar amú, ar ardú na ceiste ag an bpointe seo agus an é leas an pháirtí seachas leas an phobail atá taobh thiar dhó?
»»»Níl Balor róthugtha don dóigh a scríobhann daoine aon rud is rogha leo ar mheirge ár Maorgachta, ar bhratach ár Soilse, Banríon na Breataine Móire agus Chúilín na hÉireann.
»»»Tá pobail na bhFritíortha i mbun aisghairm logainmneacha an chos ar bolg atá ar a n-ionaid dúchais, ar bhailte srl. de réir a chéile. Feictear do Bhearnaí Ó Doibhlin go mbeidh rath ar an obair mhaith.
»»»Tháinig athrú as éadan ar an saol le tamall gairid de bhlianta, saol na teicneolaíochta go háirithe, agus d’athraigh na cúinsí oibre dá réir, mar is eol do Chiarán Mac Aonghusa.
»»»Canúint láir na Francaise a fuair Diarmuid Johnson roimhe i Liège ‘cois Meuse na sreabh’ sa mBeilg, cathair a mheabhraigh dó Corcaigh.
»»»Spreag an leabhar The Shallows le Nicholas Carr scoláire thall sa Ghearmáin chun méarchláir, Eoin Mac Aodha Bhuí. Ní sinne a mhúnlaíonn an saol oiread is a shílimid, ach an ríomhaireacht a mhúnlóidh sinne feasta, is baolach.
»»»Mheabhraigh cláir stair ear TG4 le déanaí do John-Paul Mc Carthy an cuntas a scríobh Conor Cruise O Brien ar chastacht scéal an Chongó sna 1960aidí.
»»»Cuidíonn duine thall is abhus le gné éigin de chultúr daoine, cromann agus imíonn ar lár. Chonaic Tony Birtill Nollaig bhog a d’fhág ‘an reilig mhéith’ agus méala ar na Gaeil i Learpholl.
»»»Bhí Pat Butler ag faire ar roinnt scannán, scannáin a naisc Milwaukee leis an Vatacáin, Calais le hIfreann agus a naisc Connachta le Manhattan.
»»»Is mór a d’athraigh na Sé Chontae le glúin anuas ach tá Robert McMillen den bharúil go gcaithfidh an cheist náisiúnta fanacht faoi shuan go fóilleach.
»»»Más mian leat dul i lár an aonaigh le táirge nó le tuairim a roinnt ar Youtube nó ar Vimeo, tá leideanna ag Roseanne Smith duit san alt seo.
»»»Bhí Colm Mac Séalaigh ag machnamh ar a thábhachtaí is atá spórt agus laochra an spóirt dúinn lenár gcroí is ár meanma a ardú ó am go chéile. Bíonn taobh eile ar an mbád i gcónaí ar ndóigh.
»»»Léiríonn Ciara Nic Gabhann bá áirithe le baincéirí san alt seo, baincéirí na hIodáile sa 15ú aois ní miste a rá, cionn as nár bheag an cion dá saibhreas a chothaigh na mínealaíona ag an am.
»»»An chéad chuid de shocrú na deacrachta is ea an dearcadh a shocrú ar dtús dar le Muiris Ó Meara. Má athraítear dearcadh daoine, is féidir teannadh le socrú na deacrachta in ionad a bheith ag seachaint an tsocraithe.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.