CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Foilsiú agus Roinnt do Chuid Físeán
Roseanne Smith Roseanne Smith Roseanne Smith

Más mian leat dul i lár an aonaigh le táirge nó le tuairim a roinnt ar Youtube nó ar Vimeo, tá leideanna ag Roseanne Smith duit san alt seo.

Íomhá
Taifeadadh 'ar iompú na boise'
(le Phil Roeder ar Flickr)
Íomhá
ImageMD
(ar Flickr)
Íomhá
You Tube
(le jm3 ar Flickr)
Íomhá
Fearas comhdhéanaimh
(le Mikus ar Vicipéid)

Más ionann grianghraf is míle focal, samhlaigh luach físeáin. Tá cúpla bliain curtha isteach anois ó scríobh mé faoi Youtube, nó is cuimhin liom iontas a dhéanamh faoina gcúigiú breithlá i 2010. Tá neart déanta ag Google ó shin i leith chun a líonra físeán a dhaingniú. Ní ba laghad ina measc an tosaíocht a thugann Google do fhíseáin i dtorthaí a gcuid leathanach cuardaigh. Mar sin, dar liom, is fiú smaoineamh ar fhísean mar chuid de fheachtas poiblíochta is margaíochta ar líne. Chomh maith leis sin bhí mé spreagtha ag bua “Irish Folk Furniture” ag Sundance, físeáin faoi throscán Éireannach, a chonaic beagnach 160,000 duine ó lár mhí Eanáir an bhliain sin, 2010. Ina leith sin, seo thíos roinnt staidreamh is nodanna a chabhróidh go mór.

I dtús báire, céard is fiú YouTube i ndáiríre. Tá cúpla rud tite amach faoin tseirbhís seo atá spéisiúil. De réir a staitisticí féin tá http://www.youtube.com/t/press_statistics

● Níos mó ná 800 milliún úsáideoirí uathúla chuile mhí

Breathnaítear ar 4 billiún uair an chloig de fhíseáin ar YouTube chuile mhí

Uasluchtaítear 72 uair an chloig de fhíseán chuig an ngréasán gach nóiméad

● Is ó tíortha eile, seachas Stáit Aontaithe Méiriceá, a thagann 70% den trácht

Breathnaíodh ar na físeáin níos mó ná 1 triIliún uair arú anuraidh, 2011, sin 140 fiseáin do chuil duine beo ar domhain.

neart eolais le fáil díreach ó YouTube féin faoi fhógraíocht ar an ngréasán féin ag http://www.youtube.com/yt/advertise/ - roinnt léitheoireachta an-spéisiúil go deo ann.

Agus muna dtaitníonn YouTube leat ar fáth éigin, tabhair aird ar Vimeo, atá gleoite agus dírithe ar cheardaithe físeáin in ionad chuile dhuine beo. Mholfainn freisin, má tá iPad agat, an feidhmchláirín Showyou, a déanann jab iontach de fhionnachtain físeáin agus roinnt físeán sóisialta a mheascadh ina chéile.

Tarraing Chugat an Lucht Cuardaigh

Má tá straitéis físeáin gearr-, meán-, nó fadtéarmach socraithe agat, seo thíos roinnt nodanna a chabhróidh leat cinntiú go bhfeiceann na daoine cuí do chuid oibre:

1 Coinnigh gearr é: De réir staitisticí YouTube is ar éigean go mbreathnaíonn daoine ar níos mó ná 5 nóiméad riamh. Is é nóiméad go leith an gnáthfhad a chaitear ag breathnú. Mar sin a ghiorra é, is é is fearr nó an t-eolas is tábhachtaí a bheith ag an tús ina iomlán.

2 Úsáid na eochairfhocail: Nuair a fhoilsíonn tú d’fhíseán, cibé gréasán é, nó fiú ar do shuíomh féin, bí cinnte go gclibeann tú i gceart agus go cúramach é. Bí cinnte go dtugann tú teideal tarraingteach air agus bí cliste leis seo go háirithe. Má tá tú ag féinóstú AGUS ag roinnt ar na gréasáin, ní gá an teideal céanna a úsáid, ag brath ar an lucht féachana atá á mhealladh agat. Smaoinigh ar thrascríobh a dhéanamh agus má tá an t-ábhar i nGaeilge, bí cinnte leagan Béarla a chur ar fáil freisin go bpiocfar suas an trácht Béarla chomh maith. Tá seirbhísí uatrascríofa ar fáil ar líne freisin: féach https://www.koemei.com/ mar shampla. Rith do chuid ábhair tríd an tseirbhís seo agus ansin glan suas na torthaí roimh fhoilsiú.

3 Cuir síos sula gcuireann tú suas: Muna bhfuil trascríobh agat, nó muna bhfuil mórán cainte i do chuid físeán, bí cinnte go ndéanann tú mionchur síos air. Bí cinnte go bhfuil na heocharfhocail chuí sa chur síos seo agus éireoidh leat na cuardacha earrfhada a aimsiú freisin. Seo straitéis a chinntíonn go bhfeicfidh an dream ar leith sin ar mó spéis d’fhíseán, ó tá siadsan ag cuardach díreach an rud uathúil faoin obair atá déanta agat.

4 Brandáil: Bí cinnte go mbíonn do fheathal, do sheoladh idirlín nó na sonraí teagmhála le feiceáil go héasca agus go luath sa bhfíseán, go háirithe más cuid de straitéis margaíochta nó poiblíochta é an físeán.

5 Naisc agus mapa: Má tá tú chun an físeán a óstú ar do shuíomh (agus tá ar ndóigh impleachtaí leis an rogha seo, ach sin alt eile!) bain úsáid as Uirlísí Stiúrthóir Gréasáin ó Google chun mapa físeáin suímh a chruthú agus a roinnt le Google. Ligeann seo do sheirbhísí Google an suíomh ina iomlán a aicmiú. Is féidir, má roghnaíonn tú féinóstú, an t-ábhar iomlán a chur ar do shuíomh féin agus blas díobh a roinnt ar leithéid YouTube is Vimeo.

6 Bí flaithiúil agus roinnigí: Tá na suíomhanna físeáin go léir thar a bheith sóisialta, go minic lena feidhmchláiríní féin. Mar sin roinn bhur bhfíseáin leis an saol mór, ar Twitter, Facebook agus cuir naisc chuig na físeáin i nuachtlitreacha agus ar gach r-phost. Is féidir freisin cód QR a úsáid a ligfidh do dhaoine cuairt a thabhairt ar d’fhíseáin fiú ó bhileog nó ó litir.

Má bhraitheann tú go bhfuil an méid thuas iomarcach fós duit agus go bhfuil rud éigin níos bunasaí i leith físeáin ar líne de dhíth ort, molaim na nodanna seo a leanas ó Mashable a chinnteoidh taithí den scoth duit an chéad uair eile a mbeidh ábhar uait ar YouTube http://mashable.com/2012/01/12/youtube-tips-tricks/

Bainígí taitneamh as!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.