An chéad chuid de shocrú na deacrachta is ea an dearcadh a shocrú ar dtús dar le Muiris Ó Meara. Má athraítear dearcadh daoine, is féidir teannadh le socrú na deacrachta in ionad a bheith ag seachaint an tsocraithe.
Nuair a d’fhógair Mikołaj Kopernik (1473-1543) don saol gur tuiscint lochtach mearathalach ab ea an tuiscint cheannasach cosmeolaíochta a bhí suas lena linnse .i. an chosmeolaíocht gheolárnach, níor ghéill éigse na hEorpa do thuairim sin Kopernik beag ná mór. D’fhonn cur i gcoinne teoiric Kopernik agus an status quo cosmeolaíochta a chosaint .i. córas Tholamaeis, b’éigean d’aos léinn na hEorpa cruthúnais nua a sholáthar a bhréagnódh an teoiric seo agus a dhlisteanódh an t-údarás a bhí ag córas Thomalaeis roimhe sin.
Bhí fuar acu, áfach. Le himeacht aimsire, de réir mar a bhí ag teip go tiubh ar chruthúnais bhunsifíneacha na saineolaithe cás Tholamaeis a chosaint, tugadh faoi deara go raibh cruthúnais an aosa eagna ag éirí níos aduaine agus níos áiféisí sa tslí go mba léir don saineolaí, don sraceolaí agus don aineolaí araon, faoi dheireadh, nárbh fhada go mbuailfí an chreill ar theoiric Tholamaeis.
Tig linn Tolamaes-iú na faidhbe a ghairm den chur chuige cosantach a chleacht an t-aos léinn sa chás seo. I ndeireadh na dála, áfach, theip ar chosaint na saineolaithe úd nuair a thuig an t-aos léinn an leathfhocal Coparnaiceach. Glactar leis, ó shin i leith, nach bhfuil dul thairis míniú Kopernik ar an scéal .i. an chosmeolaíocht héalárnach.
Is faoina ainm Laidinithe, Nicolaus Copernicus, is fearr atá aithne againn ar an réalteolaí Polannach úd ar na saolta seo agus is minic go dtagraítear do shloinne Copernicus d’fhonn athrú ollmhór ar bith a chur in iúl leis an nath ‘réabhlóid Choparnaiceach’. Tig linn an nath áirithe seo a shamhlú leis an rud a dtugann Thomas Kuhn ‘athrú múnla’ air i réimse na heolaíochta .i. athrú ó bhonn ina cheartuiscint. Athrú radacach a bhíonn i gceist le ‘hathrú múnla’ ar bith agus titeann sé seo amach nuair a chaitear na tuiscintí atá i dtreis i múnla tuisceana amháin i gcártaí d’fhonn forás feasa nua a chruthú in ionad an tseanmhúnla.
Neamhiontas a Dhéanamh de Ghné Éigin den Dearcadh Coiteann
B’fhéidir nár mhiste tuairim Paul Feyerabend i dtaca le ‘dul chun cinn’ na heolaíochta a thabhairt chun cuimhne sa chás seo, leis. D’fhonn an ‘réabhlóid’ a thionscain Kopernik a chur i gcrích, áitíonn Feyerabend gur dhein Kopernik neamhiontas de rialacha normatacha na heolaíochta agus gur sháraigh sé na rialacha áirithe sin sa chás úd. Creideann Feyerabend gurbh í an ainriail radacach seo ba shiocair leis an réabhlóid Choparnaiceach agus le dul chun cinn na heolaíochta trí chéile, leis.
An féidir linn tátal ar bith a bhaint as an méid seo, más ea? Tig linn ‘Tolamaes-iú na faidhbe’ a shamhlú le cur chuige coimeádach ar bith atá teanntaithe i ngeimhleacha an aoin mhúnla tuisceana amháin agus a thacaíonn leis an status quo. Murab ionann is an cur chuige Tolamaes-each, áfach, tig linn ‘Kopernik-iú na faidhbe’ a shamhlú le cur chuige radacach ar bith a dhiúltaíonn do chrapall an aon pharaidím tuisceana amháin agus a thugann scóip do shaoirse na samhlaíochta d’fhonn réiteach nua a aimsiú—más féidir.
Samhlaím féin ‘cur chuige Tolamaes-ach’ le cur chuige an chomhrialtais i láthair na huaire in Éirinn. Is léir do Raifteirí agus do Shéamas Dall faoin dtráth seo, go bhfuil an seanchóras lofa a bhí i dtreis anseo in Éirinn caite críon agus nach bhfuil aon mhuinín ag an bpobal as feasta. Is ríléir, leis, go bhfuil easpa samhlaíochta ag dó na geirbe ag an rialtas seo mar níl sé ar a gcumas aon fhreagra sásúil a sholáthar ar ghéarchéim an ama láithrigh lasmuigh den seanpharaidím tuisceana aimlithe réamhluaite.
Le déanaí, mar shampla, chuala an Taoiseach ar an teilifís ag rá gur ceist thar a bheith ‘casta’ agus ‘teicniúil’ is ea an cheist seo a bhaineann leis na nótaí gealltanais. Bhí an ceart ar fad aige, ar ndóigh, ach ní raibh an freagra sin sásúil mar sin féin. Bhí coinne agam go míneodh an Taoiseach na castachtaí teicniúla seo dom mar ní mór dom a admháil nach dtuigimse an cheist ghabhlánach seo mar ba chóir. Muna bhfuil breall ana-mhór orm, ceaptar Teachtaí Dála thar cheann an phobail d’fhonn castachtaí na polaitíochta a mhíniú do thoghthóirí na tíre seo. Muna bhfuil sé ar chumas an Taoisigh castachtaí teicniúla na polaitíochta a mhíniú dom, creidim féin gur teip fhollasach pholatiúil is ea í sin. Is ea, tuigim gur cheist chasta ghabhlánach is ea í ach tá míniú soiléir sothuigthe dlite do phobal na tíre seo sula n-íocann siad bonn bán den 3.1 billiún euro as seo go 2023.
An Reitric nó an tAllagar?
Ná bíodh aon chorrabhuais orainn feasta agus bainimis an brach idé-eolaíoch dár súile d’fhonn an fhírinne shearbh atá folaithe faoi screamhóg mhullaigh na reitrice poiblí seo a nochtadh. Is straitéis idé-eolaíoch í an reitric bheagmhaitheasach seo d’fhonn aineolas is corrabhuais a chothú d’aon ghnó i measc an phobail Éireannaigh. Cad atá i gceist agam anseo le reitric, más ea?
Tig linn ‘modh an áitithe’ a ghairm den reitric thraidisúnta. Ealaín ársa ab ea an reitric nó an ars rhetorica, ealaín a raibh aidhm chinnte aici ó aimsir lucht cleasaíocht cainte na Sean-Ghréige, na Sofaistí, i leith .i. taobh amháin den argóint a mhíniú is a chur siar ar an bpobal. Chreid Sócraitéas gur modh lochtach ab ea an reitric, áfach, toisc go bhféadfadh sí an pobal a mhealladh le hargóint bhréagach. Dhiúltaigh Sócraitéas don reitric agus chleacht sé ‘modh an allagair’ nó réasúnaíocht dhialachtaice d’fhonn ‘fírinne‘ an scéil a nochtadh.
Siúd is gur chreid Sócraitéas gur modh lochtach ab ea an reitric, is follas go bhfuil feidhm ríthábhachtach aici i gcónaí i ndioscúrsa poiblí na tíre seo. Chuige sin, ní mór dúinn an tslí ina bhfeidhmíonn an reitric chomhaimseartha seo a thuiscint go ríshoiléir. Tig linn ‘modh an aineolais’ a ghairm den reitric chomhaimseartha faoi mar a chleachtaítear í in Éirinn. Is léir, tríd is tríd, nach dteastaíonn ón rialtas seo argóint ar bith a chur siar ar an bpobal lena gcuid reitrice. A mhalairt ghlan atá fíor mar baintear earraíocht as reitric i ndioscúrsa poiblí na tíre seo d’fhonn seachrán agus corrabhuais aineolgaiseach a chothú d’aon ghnó i measc an phobail.
Nuair a éilíonn an pobal aon mhíniú sásúil ar cheisteanna bunúsacha amhail “Cá bhfuil ár dtriall feasta?”, soláthraíonn saineolaithe an rialtais freagraí atá foirgthe le béarlagar dothuigthe is le leathfhocail leathbhruite d’fhonn an fhírinne shearbh a cheilt .i. go bhfuil féidearthachtaí eile ann.
Cad atá i ndán dúinn, más ea? I láthair na huaire, déarfadh Jacques Derrida nach bhfuil aon ní eile i ndán dúinn seachas “Le Futur”. Tugann Derrida ‘Le Futur’ ar iomlán na nithe intuartha réamhcheaptha atá i ndán dúinn. An bás, abair. Nó an 3.1 billiún euro atá le híoc againn gach bliain idir seo agus 2023. Ní thiocfaidh aon mhórathrú ar an ‘futur’ intuartha seo toisc go bhfuilimid fós teanntaithe laistigh den seanpharaidím tuisceana seanchaite.
Murab ionann is an ‘Futur’ intuartha réamhcheaptha seo, áfach, tá féidearthacht eile ann .i. a bhfuil romhainn amach. Tugann Derrida ‘L’avenir’ ar seo agus áitíonn Derrida gurb í an ‘Avenir‘ seo an fhíorthodhchaí toisc go mbaineann poitéinseal radacach réabhlóideach leis an todhchaí ‘eile’ seo. Samhlaíonn Derrida ‘L’avenir’ le duine éigin a thiocfaidh gan choinne d’fhonn gnáthchúrsa an tsaoil a athrú ó bhonn. Samhlaigh Mac an Cheannaí, nó samhlaigh Gráinne Mhaol nó samhlaigh Gile na Gile nó samhlaigh Godot, fiú. Nó ar a laghad, samhlaigh, más féidir linn a thuilleadh. Ach sin agaibh eisint na faidhbe.
Éilíonn an ‘Avenir’ seo samhlaíocht. Níl avenir ar bith i ndán dúinn, faraor.