CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Saint an Iarthair

Bhain cinnteacht le Cogadh an Fhuachta. Is i ré an diúracáin anois sinn thairis ariamh. An fáth nach bhfuiltear á dteilgean thart i gceantair íogara na cruinne faoi láthair, siocair lucht an ionsaithe a bheith éiginnte faoi theicneolaíocht a namhad. Mar bharr ar an donas dóibh, tá lucht an ionsaithe den bharúil go bhfuil achan eolas, nó gar dó, ag a namhaid ar theicneolaíocht a gcuid ladrann. Má tá an ceart acu, ní fiú dul chun sleanntrach leo, nó dá n-eitlídís céad nó leathchéad ladrann amach as an Tuirc leis an Iaráin ‘a chur ó mhaith’ ní fios dóibh nach dtionfaí san aer iad ina n-éadan féin agus a gcuid diúracán a chartadh le haonaid ECAT nó le cathair Ancara. D’fhéadfaí roinnt díobh a thiontú san aer in aghaidh a gcóilíneachta féin, Pailistín Faoi Mhursacht na Breataine, nó Iosrael más fearr leat. Ní bheadh an lasair sa bharrach go dtí sin.

Lucht na cóilíneachta úd, Iosrael, bhí orthu na cadhnraí a bhaint amach as a gcuid ladrann siadsan sa Táidsíceastáin ar na mallaibh, cionn as gur bhuail taom scanradh iad nuair a thosaigh cuid acu, na ladrainn, ag dúiseacht astu féin san oíche. Ba shin an t-am a raibh siad ag bladar go mursanta in aghaidh a n-údaráis féin, SAM. Ní fios go cinnte arbh iad SAM nó an Iaráin a mhúscail a gcuid diúracán i sciobóil sa Táidsíceastáin le ciall a chur iontu, ach bhain an méid sin an gus astu. Féachadh teicneolaíocht chogaidh na hIaráin roinnt leis na heitiltí ‘spiadóireachta’ agus leis an ionsaí ar Stiall Gáza. Is é tuairim lucht an ionsaithe faoin am seo go mb’fhéidir go bhfuil an Iaráin chun cinn go mór ar fhearaistí marfacha an Iarthair. Níl siad ag maíomh as an mhéid sin ar ndóigh, ach ar a laghad ar bith tá na sluaite ag amharc ar Americas got Talent, ag ithe feoil chapaill agus ag sú isteach gach scéal i mbarr maide.

AFRICOM

Thig leis an ‘Iarthar’ tolgadh ar aghaidh ó dheas le srian a chur ar an tSín, tír a bhfuil cathracha á dtógáil aici, chan amháin sa bhaile mar nach bhfuil díol ná ceannach orthu, ach san Afraic. Bhí AFRICOM ag téamh ina chur i láthair i rith na bliana seo chuaigh thart, ag tréigean íomhá na maitheasa agus na córa. Níl fanta san eagraíocht ach buíon thionsanta dortadh fola fud fad na hAfraice. Tá ionradh na Mór-Roinne ar a bhonnaí cearta anois, tá drad an Iarthair nochta agus tá na mílte curtha i mbun slad ar a chéile mar is toil leo, ó Libia go Máilí.

Níl fanta de screamh ar an dlí idirnáisiúnta ach an scannán is tanúla, scannánaíocht Hollywood, cláir teilifíse gan beann ar aon rud ach seafóid agus cé dúirt seo faoi siúd nó fúithi siúd. Oibríonn an té a bhfuil obair aige nó aici, téann abhaile, suíonn siar agus súnn as bocsaí nó as taibléidí aineolais. Ar imeall na himpireachta, is scéal eile é.

Fearann fola críoch Cruinne,
Bíodh cách slán fá chomhartha
Go bhfuil d’oidhreacht ar Chlainn Ádhaimh
Slad, slad, slad.

Ar a laghad ar bith, ní bheidh an bhean nár bhain toghchán riamh ina saol as póca, Baroness Ashton a throid sa Mhainistir Thiar ar son Chonradh Liospóin. (Sin an conradh a thug na jabanna seo go léir dúinn, an cuimhin leat?). Nuair a chruthaigh Conradh Liospóin an AE úrmhéadaithe, chruthaigh an AE úrmhéadaithe post don Baroness a íocann £328,000 léi achan bhliain. Beidh sí ag coinneáil súil ar an domhan ar do shonsa agus gheobhaidh sí na jabanna a gealladh dúinn, a luaithe a ghoidfear a bhfuil ann amuigh ansin, cibé cén áit. Mo chomhairlese, léigh na foinsí ó imill na himpireachta, John Pilger agus eile. Tosaigh sna naisc ar dheis.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.