CÚINNE NA nEALAÍON
Kino – an Cineama Domhanda
Pat Butler Pat Butler

Chomh maith le bheith ag déanamh cúraim de ghloine fíona thall i Londain, d’fhreastail Pat Butler ar sheoladh scannáin a mheabhródh friotal Chré na Cille do dhuine, “Pléascfaidh mé! Pléascfaidh mé”. ‘Voy a Explotar’ le Gerardo Neranjo (2008) a bhí ann.

Íomhá
Lomas de Chapultepec, Mexico
Íomhá
Cluain na Caointe ([www.theoangelopoulos.gr](http://www.theoangelopoulos.gr))

‘Voy a Explotar’, ‘I’m Going to Explode’ le Gerardo Neranjo (2008)

Ní minic a bhím i Londain ag preastaispeáint scannáin, ach tharla go raibh nuair a sheol Artificial Eye ‘Voy a Explotar’ sa Soho Screening Rooms i Sráid D’Arblay, Soho - Lá Bealtaine, Lá Idirnáisiúnta na nOibrithe. D’fhear Sarah Schedl, dalta óg Artificial Eye, fáilte chroíúil roimh ‘Kino’ agus níorbh fhada go rabhas socraithe isteach go cáiréiseach i dteannta haiceannaí cruabhruite na ceannchathrach - gloine fíona réasúnta sibhialta sa láimh amháin agam agus peann le pár sa láimh eile. Sea, a chairde, sin an sórt míchaoithiúlachta a bhíonn ar dhuine a fhulaingt ar son na healaíne i Londain Shasana.

Marcaíocht ghairgeach is ea ‘I’m Going to Explode’ ó shamhlaíocht is ó lionsa Gerardo Neranjo, duine den dream is briosctha agus is míchompordaí den ghlúin nua stiúrthóirí de bhunadh na Spáinne-Mheiriceánaigh. Stiúrthóirí ar suim leo saol agus sícé na ndéagóirí caillte a mhaireann ar faobharimeall shochaí bhriste, dhíluachaithe na linne seo. Sochaí a thiomáineann Roman agus Maru, friothlaochra an scéilín áiféisigh seo, go himeall a bpléascaithe, agus, eirbeall in airde, thar aill a scriosta ar deireadh.

Mac polaiteora na heite deise is ea Roman. Tiomáint ar meisce an athar a mharaigh an mháthair. Tá teacht ag Roman ar ghunna láimhe agus rún mire ann na sagairt ina scoil phríobháideach a lámhach. Iníon bhean singil is ea an mac léinn Maru, cailín atá díreach chomh imeallaithe leis féin. Tarraingteacht na n-aonaránach cor atá eatarthu – aithníonn ciaróg ciaróg eile. Ach nuair a scaoiltear rún marfach Roman, bréagfhuadaíonn sé Maru as an scoil faoi bhéal gunna agus seo leo ina gceo bóthair le carr éalaithe. Is féidir leid an eolais in ómós do ‘Pierrot le Fou’, Jean-Luc Godard (1965), ‘Harold and Maud’, Hal Ashby, (1971) agus ‘Badlands’ Terence Malick (1973) a léamh ar ghnéithe éagsúla de ‘I’m Going to Explode’.

Samhlaigh déagóirí armtha ar a gcoiméad, díoltas á imirt acu ar na tuistí is ar gach saghas údarás a thiomáin don bpleascphoinnte iad agus tá an pictiúr agat.

Ach cá leandálann siad chun pluais éalaithe a bhunú ach ar dhíon tí Roman, áit ina socraíonn siad isteach i bpoball beag oráiste! Tá féith ghrinn ag Neranjo, i dtaca le suáilcí eile, is léir. Ciapann siad na tuismitheoirí agus na póilíní atá cruinnithe sa teach thíos fúthu le bréag-ghlaonna gutháin óna n-áit folaithe. Tar éis gach glaoch, imíonn na haosaigh amach sa tóir orthu, ar nós na Keystone Cops. Anuas den díon leis an mbeirt ansin, bia, alcól agus sóláisti eile á mbailiú acu ón gcuisneoir don gcampáil éigiallta amuigh!

Níl in aon ní ach seal

Ach is i mbreathnú agus in éabhlú an chaidrimh idir Roman agus Maru is fearr a leagann Neranjo lorg sainiúil a láimhe ar ‘I’m Going to Explode’. Níl duine ar domhan nach cuimhin leo an uair sin sna déaga nuair a chéad chomhlíon leannán gach folús iontu. Comhlíonadh a chasann idir chúthaileacht agus iontas, grá agus fearg, áthas agus díomá, trí nó ceithre uair sa ló ar a laghad. Anamchara a thiomáinfidh thar barr do chéile neomat amháin tú, is a chuirfidh meidhréis meanma díchéillí ort an chéad nóiméad eile. Ach toisc gur dán dorcha a bhíonn sa chinniúint ag leannáin ar a gcoiméad sa cineama, tá a fhios againn nach mbeidh toradh maith ar seo uile. Tá an bás is an scrios á thuar ón tús.

I measc na breithiúnais atá le déanamh againn ar aon aiste dá leithéid, tá seo – ar éirigh go hiomlán le Neranjo an maoithneachas a sheachaint nuair a thagann lá fuilteach na cinniúna? Beidh a fhreagra féin ag gach éinne ar an gceist sin. Shásaigh sé mise, pé scéal é.

Dein ‘I’m going to explode’ a ghúgláil agus beidh sé le léamh agat ó scread na ndéagóirí sna blagspotaí, na bhfóram agus na gclárchainte éagsúla go bhfuil méar Neranjo ar chuisle na n-óg. Tá glúin amuigh ansin ar tí pléascadh, nach bhfuil oiread agus nóisean an tairbh acu cad is údar don fhuinneamh scriostach seo laistigh díobh. Murab ionann agus cohórt réabhlóideach na seanthuistí. Fócas polaitiúil agus sóisialta a bhí faoi aicsean anarcach 1968. In ainneoin na ndifríochtaí ollmhóra idir Berlin, Páras agus Cathair Mheicsiceo na linne sin, d’aimsigh an ghlúin sin bealaí polaitiúla chun an fhearg agus an scriostacht inmheánach sin a oibriú amach, a chur in úil, agus a léiriú. Thug glúin Godard action directe dúinn. Níl fócas ar mhórán seachas éiginnteacht agus dímheabhracht i ndomhan Roman agus Maru, domhan a chruthaíonn Neranjo. Eisiomláir úr agus nod don ngluaiseacht a thug Nouvelle Vague cineama na Fraince dúinn sna caogadaí agus sna seascadaí atá anseo againn.

Tá an saol athraithe in eadarlinn an dá scór bliain idir Godard agus Neranjo. Agus léiríonn na difríochtaí idir an scannán seo agus Pierrot le Fou, sainscannán Godard, an bhearna dholíonta atá idir angst dhéagóirí reibiliúnacha sna seascaidí agus an sórt inphléascadh gan fócas, gan treoir a tharlaíonn do charachtair Naranjo i náideanna na linne seo.Tá eisiúint teoranta beartaithe in Éirinn do ‘I’m Going to Explode’ ón 3ú lá Iúil ar aghaidh. Is fiú súil a chaitheamh ar na sleachta de atá amuigh ar youtube cheana féin chomh maith.

Breithiúnas: *? (Sin an leath réalta, dar le mo ríomhairese! .i. 3.5)

Rogha na nDVD’s......

The Weeping Meadow’, le Theo Angelopoulos (2004). Artificial Eye 291 DVD

Scannán eipiciúil faoi stair na Gréige sa chéad leath den 20ú aois is ea ‘The Weeping Meadow’. Scannán meith ar dul stíle David Lean. Dearann Angelopoulos oll-léaráid chun suaithí móra na linne sin ar na Gréagaigh a bríodh as Odessa na Rúise ag Arm na Sóibheide i 1919 a nochtadh, pobal a shocraigh faoi dheireadh ar an móinéar taoidmhear ar imeall Salonika - ‘Weeping Meadow’ an teidil.

Tá na mórthéamaí uilig anseo – dílseacht agus brath, mac a d’éalaigh le brideach athar, laochas agus tréas, an grá agus an drúis. Tá céad seat an scannáin (na céadta imirceach ag siúl ón fharraige iseach ar an móinéar) ar an tosach is cumhachtaí a chonac ar aon scannán le fiche bliain anuas.

Ní fheiceann tú cineamatagrafaíocht chomh saibhir le seo gach aon lá den tseachtain, agus tabharfar trí réimse iomlán na mothúchán thú chomh maith. Tá an bháisteach geall le bheith leanúnach tríd, ach, murab ionann agus in ‘Angela’s Ashes’, tá feidhm agus brí anseo leis! Maoithneach in áiteanna, pas beag ‘stáitsiúil’ in áiteanna eile, ach maithim na laigí sin air i bhfianaise buanna máistriúla Angelopoulos - dánaíocht, fís, misneach agus péacacht cineamúil.

Scannán ar an seandul, ar scála na máistrí Lean agus Bertolucci. An £8.42 ab fhearr dar chaith mé ar an idirlíon le fada an lá.

Breithiúnas: **

Pat.Butler@beo.ie

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.