AR NA SAOLTA SEO
Na Carainn sa ‘Bhurma’, nó Myanmar
Alan Desmond Alan Desmond Alan Desmond

Tá Alan Desmond le sraith de chuntais ghearra ar mhionlaigh eitneacha éagsúla timpeall an domhain a roinnt linn. Ní dhéantar mórán tráchta sna meáin ar na mionlaigh seo. Tá sé ag díriú a aird an mhí seo ar na Carainn i mBurma.

Íomhá
Aung San Suu Kyi, an bhaintreach i ngéibheann le blianta fada
Íomhá
Bratach an KNU
Íomhá
Arm Shasana ag Shwedagon tráth dá raibh

Tá ainm an cheannaire charcraithe, Aung San Suu Kyi, comhchiallach ar fud an chuid is mó d’iarthar domhain le Burma, an tír ina bhfuil sí faoi chois ag na húdaráis mhíleata atá i réim ann ó 1962. Ní háibhéil a rá gurb í an bhean seo t-aon rud a ritheann le daoine nuair a luaitear Burma, ní nach ionadh agus an tuairisciú a dhéanann na meáin ar an tír chomh teoranta is atá.Ach is fiú aird a thabhairt ar Bhurma ar chúiseanna eile chomh maith. Ina measc, is san áit mhí-ámharach seo atá ceann de na cogaí is fadsaolaí san Áis. Tá muintir Karen, ceann de bhreis is dosaen grúpaí eitneacha sa tír, ag iarraidh stát dá gcuid féin laistigh de Bhurma ó fuarthas neamhspleáchas ón mBreatain i 1948.

Is i réigiún cnocach na teorann thoir agus timpeall ar an deilt Irrawaddy sa deisceart atá an chuid is mó de na Carainn. Cé gur lucht Búda iad a bhformhór, tá suas le trian díobh ina gCríostaithe. Is deacair a líon a áireamh go cruinn, ach meastar go bhfuil corradh is 3 milliún de na Carainn i mBurma féin chomh maith leis na céadta míle díobh sa Téalainn, ceann de chúig cinn de thíortha atá le taobh Bhurma. Agus timpeall ar 49 milliún duine i mBurma san iomlán, is iad na Carainn an tríú grúpa eitneach is mó i ndiaidh na Burman agus na Shan.

Ba d’fhonn stát na gCarann a bhaint amach a bunaíodh Aontas Náisiúnta na gCarann (KNU) sna daichidí agus bíodh is go bhfuil sciathán armtha ag an KNU, is é sin an KNLA, tá an chuma ar an scéal gur faide ó na Carainn cur i gcrích a gcuspóra inniu ná mar a bhí sé trí scór bliain ó shin.(Féach www.knu.org)

Ó 1948 ar aghaidh, agus fiú roimhe, tá géarleanúint á himirt ar na Carainn den saghas a raibh taithí ag muintir na hÉireann uirthi tráth den saol. Ní bhíonn oideachas ná seirbhísí stáit le fáil ina n-áiteanna dúchais trí mheán a dteanga féin, díshealbhaítear iad, dóitear a mbailte is a mbarra, baintear úsáid astu mar oibrithe éagantais chun mianaigh talún a ghlanadh, déantar éigniú agus foréigean gnéis eile orthu. Ní hionadh mar sin go bhfuil an oiread sin Karen tar éis teitheadh trasna na teorann isteach sa Téalainn.Agus an méid sin éagsúlachta eitní i mBurma, ní dhéanfar iontas de nach iad na Carainn an t-aon ghrúpa eitneach amháin a chuaigh chun sleanntracha le rialtas brúidiúil na tíre. Ach is iad an grúpa is mó nár stríoc go fóill d’fhórsaí cumhachtacha an Stáit.

An Eite Armtha

rian an neamhghéillte sin ar an KNLA, áfach. Faoi na seachtóidí bhí tuairim is a thrian de Bhurma faoi smacht an KNU agus buíonta ceannairceacha eile ach ag deireadh na n-ochtóidí cuireadh go mór le fórsaí míleata Bhurma. D’fhógair roinnt eagraíochtaí reibiliúnacha sos cogaidh, ach d’iompaigh grúpa saighdiúirí Búdaíocha ón KNLA i 1994 agus thacaigh le harm an Stáit mar gheall ar fhorlámhas na gCríostaithe sa KNU agus leithcheal frith-Bhúdaíoch.Fágann sé sin go léir go bhfuil an bonn á bhaint den KNLA le scór bliain anuas agus iad á dtiomáint ar gcúl i dtreo na teorann Téalannaí. Seachas réimsí leathana talún a bheith faoina smacht acu mar a bhí tráth dá raibh, tá treallchogaíocht ar siúl acu anois as campaí sealadacha sa dufair timpeall ar an teorainn. Seachas comhoibriú raidhse grúpaí eile, tá siad beagnach fágtha ina n-aonar agus bíonn tuairim is 12,000 díobh i gcoimhlint le 400,000 saighdiúirí rialtais a bhfuil tancanna, eitleáin is gunnaí nua-aimseartha acu. Seachas dul i gcomhrac ar son saoirse mar a dhéanaidís, is ar son na marthana atá siad ag troid anois.

Rud amháin a chuireann ar chumas an KNLA maireachtáil ná tacaíocht phobal na gCarann. Eascraíonn an tacaíocht sin, ní amháin as dréim le stát do na Carainn, ach as an gcosaint a thugann an eagraíocht armáilte do Charainn a bhíonn faoi bhagairt. Ní beag líon na ndaoine atá tugtha slán sábháilte thar an teorainn go dtí an Téalainn ag an KNLA.

Ós rud é nach bhfuil ag éirí le hionsaithe fuilteacha na saighdiúirí rialtais an tacaíocht a thugtar don KNLA a fháscadh as an bpobal Carainn, is féidir a bheith deimhneach de gur go géar atá stát dá gcuid féin ag teastáil is gur diongbháilte a rún.

Ach dá mhéad cabhair a thugann a gcomhghleacaithe eitneacha don KNU is a sciathán armáilte, is ea is lú tacaíocht a fhaightear ón gcomhphobal idirnáisiúnta.

Comhoibriú dearmadtha, neamhiontas domhanda

Sular bhain Burma neamhspleáchas amach i 1948 rinneadh ionsaithe ar na Carainn toisc gur féachadh orthu mar chomhoibrithe leis an mBreatain. Ní féidir a shéanadh gur ghlac na Briotanaigh leis na Carainn i seirbhís mhíleata fad a bhí Burma faoina smacht acu. Is cinnte chomh maith go raibh na hearcaigh sin ina gcabhair nach beag ag an mBreatain agus an t-éirí amach á chur faoi chois acu i mBurma. Ach dealraíonn sé gur fada ó rinne an Bhreatain dearmad ar an gcomhoibriú seo. Dealraíonn sé, leis, gur fada go dtiocfaidh iar-chomhoibriú na gCarann ná aon tír Eorpach eile chun fóirithinte ar an mionlach míchinniúnach.

Is iad an dá thír is mó a thacaíonn le húdaráis bharbartha Bhurma is a d’fhéadfadh tionchar a imirt orthu ná an tSín is an India. Ach ós rud é go bhfuil mionlaigh eitneacha dá gcuid féin ag na tíortha ábhalmhóra seo atá ag iarraidh neamhspleáchas a bhaint amach, is féidir talamh slán a dhéanamh de nach gcuirfidh siad aon bhrú ar Bhurma oiread is orlach a ghéilleadh do na Carainn.

Ach cén fáth a dtugann meáin chumarsáide na cruinne a laghad sin airde ar chás na gCarann? Toisc easpa diaspóra ina bhfuil piardaí móra a chuirfeadh cás na gCarann ar a shúile do cheannairí an domhain, b’fhéidir. Is dócha chomh maith, nach éasca suntas na meán a fháil nuair is in aon tír atáthar le Aung San Suu Kyi, bean a dtugtar poiblíocht di nuair a thagann drochshláinte uirthi. Is cinnte go rachfaí i ngleic leis an éagóir atá á déanamh ar an ngrúpa eitneach seo dá mba fhoinse saibhir gáis nó ola í a n-áit dhúchais.

Ach pé rud is cúis le neamhiontas an domhain, tá sé rud beag íorónta gurb é is mó a tharraing aird ar fhulaingt mhuintir Carainn le déanaí ná an scannán is nuaí ó Sylvester Stallone, Rambo IV. Sin poiblíocht de shaghas nach bhfaigheadh Aung San Suu Kyi féin.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.