AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Sonia Sotomayor - An Bhrionglóid Mheiriceánach
Brian Ó Broin Brian Ó Broin Brian Ó Broin

Ní hé Barack Obama amháin atá ina réadóir thall i Meiriceá. Tá trácht ag Brian Ó Broin ar bhean atá ag déanamh dul chun cinn go seoigh as cúlra nach mbeadh aon duine ag súil léi. Sonia Sotomayor a hainm agus tá sí ag fíorú na haislinge Meiriceánaí.

Íomhá
S. Sotomayor ag Taispeántas Brown vs. Board of Education (US Courts a tharraing)
Íomhá
Sandra Day O Connor, an chéad Bhreitheamh Mná
Íomhá
Sa Teach Bán, Sotomayor le Barack Obama

Ba mhinic le roinnt blianta anuas a chloisteáil nach raibh ann níos mó don "bhrionglóid Mheiriceánach" - go bhféadfadh duine fás aníos as tada chun ardoifige nó airgead mór a bhaint amach. Ach b’shin roimh an 4ú Samhain, 2008, nuair a bhain Barack Hussein Obama, fear gorm a tógadh in Hawai’i, an teach bán amach. Is mar gheall ar an mbua seo go raibh Sonia Sotomayor, bean de bhunadh Puerto Rico a d’fhás aníos i dtithíocht phoiblí sa Bhronx, Nua-Eabhrac, in ann suí breithimh i gCúirt Uachtair Mheiriceá a bhaint amach.

Sula ndéanann tú beag-is-fiú de seo, ba cheart a mheabhrú duit nach bhfuil oiread is post amháin i Meiriceá a mbaineann gradam níos airde leis. Tá meas ar an uachtarán, cinnte, ach meas rialta atá ann a imíonn (don chuid is mó) nuair a éireoidh an t-uachtarán as oifig, agus mar a thaispeáin an sealbhóir deireannach, uaireanta ní leanann sé chomh fada sin, fiú.

Tá cúirt uachtarach in Éirinn, agus an ról ceanann céanna aici agus atá ag ceann Mheiriceá (ar ndóigh, tá codanna go leor de Bhunreacht na hÉireann bunaithe ar Bhunreacht Mheiriceá), ach is annamh é i mbéal na ndaoine mar atá ceann Mheiriceá, agus is beag Éireannach, fiú iadsan atá ardoilte, a d’fhéadfadh baill na Cúirte Uachtaraí a ainmniú.

Ní mar sin atá sé anseo sna Stáit Aontaithe. Bheadh ainm John Roberts, príomhbhreitheamh na cúirte, a mbíonn naonúr breitheamh ina suí ann, ar eolas ag an gcuid is mó de na Meiriceánaigh a léann nuachtáin, agus is cinnte go mbeadh ainmneacha eile mar Thurgood Marshall (an chéad bhreitheamh gorm sa chúirt) agus Sandra Day O’Connor (an chéad bhean) ar eolas ag gach éinne a bhí ar scoil i Meiriceá.

An Tríú Breitheamh Mná

Réamhshampla is ea Sonia Sotomayor freisin ar an dóigh chéanna. Níl inti ach an tríú bean ariamh ar an gCúirt Uachtarach, agus an chéad Hiospáineach. Go cinnte, is scéal ‘tigín go teach mór’ a scéalsa, agus lá a hainmnithe bhí meáin Nua-Eabhrac lán le agallaimh le daoine ina ceantar dúchais (an Bronx) agus sna hiarscoileanna, ag rá go mba mhór an t-uchtach a tugadh dóibh nuair a chuala siad gur ainmníodh í don chúirt. Le breis agus deich mbliana anuas, tá lagar meanman ar Hiospáinigh i Meiriceá, agus drochchlú amach orthu nach bhfuil siad sásta Béarla a fhoghlaim agus go bhfuil siad ag sleamhnú isteach sa tír go mídhleathach chun postanna a ghoid ó Mheiriceánaigh dleathacha. Le Sotomayor ar an gCúirt Uachtarach, b’fhéidir go nglanfar an dearcadh sin beagáinín, a fhios ag Hiospáinigh go bhfuil na seansanna céanna acu gradam a bhaint amach agus atá ag duine ar bith eile.

Ainmnítear baill nua don Chúirt Uachtarach ar an dóigh chéanna i Meiriceá agus in Éirinn: is é an t-uachtarán a mholann iad. Más ea, scarann an dá phróiséas ina dhiaidh seo. Ar dtús, déanann Uachtarán Mheiriceá gach iarracht duine a ainmniú atá ar aon intinn lena réimeas. Coimeádaigh, mar sin, a d’ainmnigh George Bush, agus liobrálaithe a d’ainmigh Bill Clinton agus Barack Obama. Is ar orduithe an rialtais a ainmníonn uachtarán na hÉireann na breithimh, agus déantar chomh cinnte agus is féidir nach mbainfidh conspóid ar bith leis an ainmniúchán. Go deimhin, tar éis an ainmniúcháin, sin deireadh leis an bpróiséas: glacfaidh an duine nuacheaptha a shuí breithimh agus leanfar ar aghaidh leis an saol. I Meiriceá, is minic nach mbíonn in ainmniúchán an bhreithimh ach an tús: caithfidh Seanad Mheiriceá an t-ainmniúchán a dheimhniú. Ó na fichidí amach, ciallaíonn sé seo go bhfuil ar an ainmnitheach dul os comhair Choiste Breithiúnach an tSeanaid sula vótáiltear orthu. Má tá an Seanad deighilte go maith, agus má tá an t-ainmnitheach sách conspóideach, d’fhéadfadh deireadh a theacht leis an bpróiséas ar lá an cheistiúcháin os comhair an tSeanaid, mar a tharla le Harriet Miers, dlúthchara le George Bush, i 2005. D’éirigh chomh dona léi sa cheistiúchán gur iarr sí ar an Uachtarán Bush a hainm a aistharraingt. I 1987 d’ainmnigh Ronald Reagan an Breitheamh Robert Bork don Chúirt Uachtarach. Ainneoin scalladh a fuair sé ó Ted Kennedy in óráid sa Seanad lean sé ar aghaidh leis an bpróiséas, agus theip air go dona nuair a vótáil an Seanad air.

An Scoláireacht

An turas seo, is beag seans go mbeidh conspóid ann. Tá cáil ar Sotomayor mar scoláire den ardscoth, agus tá 60 suíochán sa Seanad ag an bPáirtí Daonlathach cheana féin - go leor chun í a chosaint ar bheachtaíocht an fhreasúra.

Rugadh an Breitheamh Sotomayor sa Bhronx i Nua Eabhrac i 1954 de thuismitheoirí as Puerto Rico nach raibh ach cúpla focal Béarla acu. Fuair a hathair bás nuair a bhí sí naoi mbliana d’aois, bliain tar éis di diabéiteas a tholgadh. Ainneoin seo, agus nach raibh ach bunteastas altramais ag a máthair, leagadh an-bhéim ar oideachas sa teach, agus bailíodh airgead go leor chun í a sheoladh go dtí scoileanna Caitliceacha sa cheantar. Chuaigh sí ó Ardscoil an Chairdinéil Spellman i 1972 go dtí Ollscoil Princeton. D’fhág sí Princeton i gcéadáit a ranga chun céim mháistreáchta a dhéanamh in Ollscoil Yale agus ó shin i leith d’éirigh suas trí chóras dlí Nua-Eabhrac. Ise a chuir deireadh le stailc ollmhór na n-imreoirí Daorchluiche 1995 a chuir an cluiche ar fionraí ar feadh bliana. Tá breithiúnais déanta aici cheana féin ar cheisteanna mar chearta ginmhillte, cearta gunnaí, cearta sibhialta, agus leithcheal in aghaidh mionlaigh.

Mar a dúirt mé cheana, próiséas fada atá ann - ainneoin nach mbeidh constaic ar bith roimpi ar bhealach an ainmnithe, caithfear fanacht go gcríochnóidh téarma reatha na Cúirte (tá sí ag tógáil áit bhreitheamh atá ag éirí as), agus is beag seans go bhfeicfear deimhnithe í go dtí mí Lúnasa.

Cúis mhórtais do Hiospáinigh, mar sin, agus cúis cheiliúrtha do mhná. Is dóigh go mbeidh liobrálaithe ag ceilúradh freisin. Ba é a bhfaitíos iadsan ó 2005 i leith go bhfaigheadh breitheamh bás tobann agus go gcuirfí coimeádach ina áit a chinnteodh tromlach coimeádach dobhriste ar an gcúirt.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.