Tabhair cuairt ar www.beo.ie mí Lúnasa 2008 (anuraidh) chun freagra na ceiste seo a fháil:
Cén áit ar rugadh John Ghráinne Ó Duibheannaigh? Seol do fhreagra chuig alt@beo.ie roimh an 29 Meithimh 2009. Bíodh na focail ‘Comórtas mhí Mheithimh’ mar theideal ar do theachtaireacht agus tabhair do sheoladh baile, le do thoil.
DuaiseannaBeidh beirt bhuaiteoirí i gceist agus gheobhaidh siad beirt:
Cóip den leabhar An áit a n-olanna an t-uan an bainne le John Ghráinne Ó Duibheannaigh (curtha in eagar ag Seán Mac Labhraí).
Mar Eolas: John Ghráinne Uí Dhuibheannaigh Is scéalaí den scoth é John Ghráinne – nó John Phadaí Hiúdaí, mar a thugtar air chomh maith. Is fear é atá lán de shaibhreas agus de shaíocht Ghaeltacht Thír Chonaill. D’imigh sé go hAlbain lena athair agus chaith seal ag tanú tornapaí ansin, in áit darbh ainm Landrick. Tugann sé cuntas ar na tithe tábhairne uilig sa cheantar agus ar an chéad phionta a d’ól sé riamh. Baineann sé feidhm as an stíl chéanna seanchais agus é ag tabhairt cuntais ar eachtraí a shaoil. Maidir lena chúlra féin, thig le John Ghráinne é féin a rianú siar ocht nglún ar líne amháin, trí Chlainn Mhic Grianna: John Ghráinne Chonaill Neilí Eibhlín Aodha Róise Sheáin ’ic Grianna. Tugann sé cur síos ar na nósanna ar fad a bhain leis an chleamhnas agus an dóigh a gcaitheadh daoine a bheith pósta roimh Mháirt na hInide, an Mháirt roimh an Charghas. Insíonn sé dúinn faoi Aonach an Fhostaithe ar an tSrath Bhán agus faoin nós a bhíodh ag muintir na Gaeltachta dul ar fostú ar an Lagán, is é sin “áit ar bith ó Leitir Ceanainn go Doire go Tír Eoghain”, áiteanna a raibh talamh maith feirmeoireachta. Is mór is fiú a leabhar atá curtha in eagar ag Seán Ó Labhraí.