CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Deis Fheidhmiúil Chumarsáide
Roseanne Smith Roseanne Smith Roseanne Smith

Bíodh meas againn ar an ‘minic a thig’ a deir Roseanne Smith linn. Is é sin, ar an ríomhphost agus cá mbeimis dá uireasa? Tá sé díreach agus bíonn sé dírithe ar dhuine amháin, nó ar shlua, ach caithfear fanacht taobh istigh den dlí ina thaobh. Tá a leithéid de reachtaíocht i bhfeidhm agus ba cheart cuimhneamh ar an méid sin.

Íomhá
Mozilla thunderbird - éan na toirní
Íomhá
Maireann an scríobh ar an gcomhad, ach ...

Nuair a labhraítear faoin idirlíon go minic bíonn daoine ag smaoineamh ar an méid atá le feiceáil laistigh de bhrabhsálaí. Tá i bhfad os mó i gceist san idirlíon ná an greasán domhanda amháin. Ach don chuid is mó, is trí bhrabhsálaí a úsáideann an saol mór an acmhainn iontach seo. Bíonn feidhmchláir, de réir a chéile, á gcrúthú a ligeann dúinn gach aon ní a bhíodh á dhéanamh againn trí phrotacóil éagsúla a dhéanamh trí prótacal aistrithe forthéacs ar an ngreasán anois. Bíonn an-chaint na laethanta seo faoi na meáin sóisialta. Tá mé féin den tuairim go bhfuil an chaint seo ar fad tuillte. Tháinig borradh mór faoi na meáin shóisialta toisc pléascadh bolgáin dot com ag deireadh na nóchaidí. Bhí gá le cur chuige nua de dheasca na teipe móire sin. D’fhás éabhlóid cumarsáide as. I gcroílár na heabhlóide seo, bhí cur chuige bunaithe ar roinnt, comh-inoibritheacht agus ar chumarsáid idir córais agus feidhmchláracha éagsúla. Ní hé go raibh teicneolaíocht nua i gceist; is cur i bhfeidhm nua a bhí i gceist agus tuiscint níos fearr ar na bealaí a raibh daoine sásta úsáid a bhaint as an dteicneolaíocht sa saol gnách laethúil. Bhí tionchar ní nach beag freisin ar rochtain níos fairsinge ar leathanbanda sreangtha, gan sreang agus soghluaiste i dtíortha forbartha.

Tábhacht an Ríomhphoist

Ach sreang atá fite trí na forbairtí seo ar fad, ar a ndéantar dearmad go minic i measc na mbreagán lonnracha nua seo go léir ná an r-phost. Murach go raibh seirbhísí r-phost saor in aisce á dtairgeadh agus á nglacadh ag gach mac máthar agus iníon athar sna nóchaidí, ní bheadh an bhuncloch faoin gcuid is mó de na seirbhísí nua snasta seo.

Tá r-phost pearsanta, duine le duine, díreach agus dírithe. Cinnte tá RSS ann a ligeann do dhaoine coinneáil ar an eolas faoi na céadta suíomhanna in aon áit amháin, ach ní hionann é sin agus r-phost le d’ainm agus do sheoladh r-phoist féin luaite ann. Cé go bhfuil RSS fite fuaite tríd an ngréasán, níl an tuiscint bhunúsach chéanna ag an saol mór air is atá acu ar r-phost.Chun an fhírinne a rá, tá mo chroí féin deighilte idir r-phost agus seirbhísí bunaithe ar RSS ó thaobh nuashonrú rialta. Ach is éan cuideáin mise...

Mholfainn d’éinne atá ag tabhairt faoi láithreacht a chrúthú dóibh féin ar líne dhá rud a dhéanamh: blag a thosnú agus tabhairt faoi mhargaíocht r-phoist. I ndáiríre, le leithéidí Feedburner.com, seirbhís saor in aisce de chuid Google, is féidir an dá rud a nascadh le chéile. Pléifidh mé an bhlagadóireacht agus a mionsonraí níos mine amach anseo, ná bíodh aon buairt ort faoi sin!

Is fearr an t-ádh ná éirí go moch!

muintir na hÉireann loite ó thaobh rogha córais nuachtlitreach leictreonacha. Tá an t-ádh orainn abhus. Tá neart seirbhísí ar fáil ó chomhlachtaí a bunaíodh agus atá lonnaithe sa tír seo. Ach sula n-áireoidh mé iad, tá piosa comhairle agam ó dhuine díobh siúd atá ag soláthar a leitheid de sheirbhís. Molann Alan O’Rourke ó Toddle.com dóibh siúd atá ag cur tús lena margaíocht r-phoist, “Coinnigh simplí é.” Molann sé, mar thúspointe, do chuntas agus do chóras r-phost féin a úsáid. Dar leis is cuma cé chomh snasta is atá an pacáiste ina dtagann an bronntanas don chustaiméir muna bhfuil bronntanas ann gach lá, seachtain, coicís nó mí, bí cinnte nach léifidh siad is nach ndéanfaidh siad aon ní eile leis na tairiscintí ann ach oiread. Agus ní rudaí saor in aisce atá i gceist aige, ná tairiscintí speisialta fiú. Séard atá i gceist ná eolas úsáideach. Más déantóir málaí mná thú scríobh, liostaí de na cúig mhála is cáiliúla, nó treochtaí málaí an tseasúra, tabhair comhairle nó nodanna úsáide nó ghlanta is mar sin de. Má tá tú buíoch as an gcomhairle seo ó Alan féin agus má bhíonn fonn ort tús a chur le do chuid margaíochta gan aon agó, is fiú breathnú ar Toddle.com a ligeann duit r-phost simplí, glan ach snasta a chrúthú ar an bpointe le seoladh ó do sheoladh r-phoist féin. Fiú is féidir d’íomhánna agus logo féin a chur leis. Má tá tuilleadh spreagadh uait, gheobhaidh tú é ag www.beautiful-email-newsletters.com.

Sar i bhfad, beidh tuilleadh uait, táim cinnte, faoi sin. Is féidir breis seirbhísí a fháil ó Toddle.com ar praghas ar ndóigh. Agus mar a dúirt mé cheana tá rogha ann d’Éireannaigh. Is féidir trí úsáid córas Newsweaver.ie, Newsletter.ie, nó Customer Minds.com, nó Ionom.com eolas a bhailiú faoin ábhar is mó spéise le do léitheoirí, is féidir suirbhéanna a chruthú is a scaipeadh, is féidir ábhar ar leith a dháileadh ar ghrúpaí ar leith agus ligfidh córas CustomerMinds duit margaíocht téacs a dhéanamh freisin.

Mar fhocal scoir, áfach, bí cinnte i gcónaí go bhfaigheann tú cead r-phost a sheoladh chuig duine agus coinnigh an fianaise sin i gcónaí. Tá reachtaíocht sa tír seo i leith r-phost tráchtála gan iarraidh agus tugadh suas chun dáta le déanaí é. (Féach www.cosantasonrai.ie mar a bhfuil roinnt mhaith eolais, i nGaeilge.) Ag fógairt athraithe ar an reachtaíocht céanna bhí an méid seo le rá ag an gCoimisinéir Cosanta Sonraí, Billy Hawkes: “I want, in particular, to send a message to all involved in business to familiarise themselves with the law which applies to unsolicited communications for direct marketing purposes. Increasingly, in this period of economic downturn, my Office is receiving complaints about businesses making unsolicited contact with their past customers for marketing purposes. In many cases, such contact is unlawful and, if carried out by telephone, text message or email it may be a criminal offence. Ignorance of the law is not an acceptable excuse for non-compliance and I will have no hesitation in applying the full force of the new regulations to offenders.”

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.