Is iomaí nath a thug suntas don fheiceálacht: ‘is mór an chuid súil í’ agus ‘tús seirce an síordhearcadh’ srl. Chaith Ciara Nic Gabhann súil ar scéal a bhain le ní nár cheart, dar le dream margaíochta, a nochtú feiceálach os comhair an phobail.
Is leis an aghaidh a fhógraíonn muid cad é atá ag tarlú sa saol againn. Feictear na mothúcháin agus na smaointe atá againn go furasta – an bealach a n-amharcfadh duine ort go cionmhar nó an tslí a dtitfeadh leathmhaig a bhéil ar dhuine agus drochscéal faighte aige.
Amharcann muid ar phortráid déanta ag ealaíontóir agus faigheann muid ann léargas ar an duine sin chomh maith le tuiscint níos fearr ar an taithí dhaonna. Spreagann portráidí ciúine aislingeacha Leonardo Da Vinci an croí mar shampla agus tugann portráidí de leithéid, Francis Bacon spléachadh dúinn ar an anam chéasta.
Téann traidisiún na portráidíochta siar chomh fada leis an tsean-Róimh agus dearbhaíonn sé dúinn an taithí atá againn ar an saol ar a lán bealaí ...nó, sin mar a shilfeá.
Thug an dáilitheoir ceoil, Sony comhairle do na hionaid mhóra siopadóireachta ar nós Sainburys, Tesco, Asda agus Morrisons gan clúdach albam úr na Manic Street Preachers, Journal for Plague Lovers, a thaispeáint mar gur cheap siad nach raibh sé ‘oiriúnach’ do shúile an phobail.
Is é an rud atá ag spreagadh an mhíshuaimhnis seo iontu nó an íomhá a rinne an t-ealaíontóir Jenny Saville de chailín óg a bhfuil comhartha broinne dearg ar a haghaidh. Bhítheas den bharúil go dtiocfadh le ‘míghnaoi’ an chailín óig seo cur isteach ar chustaiméirí leochaileacha agus iad ag déanamh gur créacht fhuilteach a bhí ann.
Cailleadh Custaiméirí
Dúirt Asda go raibh siad ag iarraidh a bheith fíorchúramach faoin chás ar eagla go gcuirfeadh clúdach an albaim seo míshuaimhneas ar dhaoine, agus dhearbhaigh Nicola Williamson ó Sainsburys gur shíl siad go mbeadh sé ‘mí-oiriúnach’ é a bheith chomh feiceálach sin ar na seilfeanna.
Tá an cinneadh seo i ndiaidh easaontas agus achrann a spreagadh i measc cuid mhaith daoine go háirithe James Dean Bradfield, ceoltóir de chuid na Manic Street Preachers, a dúirt gur shíl sé go raibh an scéal ‘go hiomlán áiféiseach’.
‘Má tá taithí agat ar shaothar Jenny Saville, beidh a fhios agat go mbíonn cuid mhór dathanna – buídhearg nó ócar, dearg agus donn - le feiceáil ann agus b’fhéidir go bhfuil daoine ag iarraidh go mbeadh muid níos conspóidí ná mar atá muid.’
Shíl Bradfield go raibh tréithe Lucian Freud le feiceáil i saothar Saville agus gurbh íorónta an rud é go raibh na hollmhargaidh céanna sásta pictiúir de thóineanna agus de ghunnaí a thaispeáint ach go raibh siad ag coinneáil na bpictiúr seo faoi cheilt.
Tá clú ar Saville as a cuid íomhánna ollmhóra péinteailte de mhná móra feolmhara agus tá cáil uirthi mar dhuine de na YBA’s (Young British Arists) a tháinig chun cinn sna 90í.
Athrú Éadain nó Athrú Aigne
Cháin an grúpa Changing Faces, a bhaineann le feachtas do dhaoine le máchail aghaidhe, an cinneadh seo ag rá go raibh iontas orthu go dtiocfadh lena leithéid d’íomhá olc a chur ar dhaoine, go speisialta nuair a chuirtear san áireanh go raibh suas le 42,000 duine sa Bhreatain agus comhartha broinne ar a n-aghaidh acu.
‘Tá an cinneadh seo ag déanamh neamhaird iomlán ar mhothúcháin chustaiméirí le máchail aghaidhe, nó arís, iad siúd a bhfuil ainimh éadain ar pháiste leo. Is masla mór atá ann dóibh’, a deir James Partridge, stiúrthóir an fheachtais.
Dúirt sé go raibh an feachtas ‘Face Equality’ ar chuir siad tús leis ar na mallaibh agus a dhéanann agóid in éadan tuairimí claonta, de dhith go géar. Rinne an grúpa trí phortráid a choimisiúnú de dhaoine agus máchail ar a n-aghaidh acu agus tá siad seo le feiceáil mar chuid de thaispeántas bliantúil an Royal Society of Portrait Painters faoi láthair. Cinneadh suimiúl agus dóchasach – baineann tuairimíocht chlaonta agus eagla le máchail aghaidhe go minic go fóill agus cé go bhfuil dul chun chinn déanta i réimsí eile de dhearcadh an phobail, is léir go spreagann aghaidheanna atá difriúil mothúcháin atá an-phrimitíveach.