AR NA SAOLTA SEO
Measúnú ar chruthúnas na nAirí Rialtais
Breandán Delap Breandán Delap Breandán Delap

I dtrátha an ama seo gach bliain, bíonn scoláirí na tíre ar bís le fáil amach cén breithiúnas a thabharfar orthu ina dtuairisc scoile. Tugann Breandán Delap a mheas féin ar cad é mar a d’éirigh le baill den Chomhaireacht i gcaitheamh na bliana

Íomhá
An Taoiseach, Brian Cowen
Íomhá
An Tánaiste, Máire Ní Chochláin
Íomhá
An tAire Ó Cuív
Íomhá
An tAire, Máire Ní Ainiféin

Brian Cowen (An Taoiseach)

Easpa cinnireachta agus easpa maoirseachta léirithe aige.

Tá an bád ag dul go grinneall na farraige agus gan lámh an chaiftín ar an stiúir. Gaisce de dhéanamh Seamus Darby (nó Shane Lowry fiú) ag teastáil uaidh ar laethanta deiridh an Rialtais, má táthar le fanacht i gcumhacht. A róchairdeas le lucht forbartha ina ualach anois air.

Grád: D

Mary Coughlan (An Tánaiste agus Aire Talamhaíochta, Iascaigh agus Bia):

Is doiligh easaontú leis an slad atá déanta ag na meáin uirthi, cé gur cháineadh róphearsanta a bhíonn ann ar uairibh. Easpa ceannródaíochta le dul i ngleic le géarchéim an gheilleagair agus gan an téagar polaitiúil léirithe le go mbeadh meas coitianta tuillte aici (à la Dan Quayle). Í cáinte go láidir ag a hiarghiolla, John McGuinness, cé gur dócha go raibh seisean ag tarraingt uisce ar a mhuileann féin. Bliain thubaisteach curtha isteach aici, ach d’fhéadfadh rudaí dul i bhfeabhas ó tharla í a bheith luaite go láidir mar chomharba ar Charlie McCreevy sa Bhruiséil.

Grád: D

Brian Lenihan (An tAire Airgeadais)

Seans beag ann go bhfuil tuiscint níos fearr aige ar a chúram anois i ndiaidh teip na cáinaisnéise anuraidh (agus an chonspóid maidir le cártaí leighis na n-aosach ach go háirithe). Láimhseáil sách maith déanta aige ar athchaipitliú na mbanc ach amhras mór ag baint le héifeacht NAMA. An chuma air in amanna nach bhfuil sé i dtiúin mar is dual le haisfhreagra feargach an phobail agus sinn in umar na haimléise.

Grád: C

Dermot Ahern (An tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí):

Tá sé de bhuntáiste aige nach bhfuil sé rómhór nó róbheag leis an fhear cheannais. A chuid oibre déanta go maith aige, go dtí le gairid, agus é á ullmhú féin do ruathar a dhéanamh ar an chinnireacht. A cháil titithe go mór ar na mallaibh, áfach, de dheasca na tubaiste a bhain le príosún Halla Uí Dhroighneáin a bheith caite i dtraipisí agus faoina chuid claonadh i dtreo na heite deise agus coir an Diamhaslú á dhleathú aige. Tabhair do Chaesar an mhéid atá ag dul do Chaesar agus tabhair do Dhia an mhéid atá ag dul do Dhia!

Grád: C -

Éamon Ó Cuív (An tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta)

Éirithe leis na heagrais Ghaeilge a shábháil a bheag nó a mhór ón doineann agus an bhróg ag teannadh orainn. Ach an dtabharfaidh sé faoina gcomhnascadh? Gan a bheith chomh héifeachtach céanna mar Aire Tuaithe agus mar ghlór an iarthair agus teipthe ar a bheartas taidhleoireachta i dtaobh conspóid phíobán is na Coiribe a réiteach. Tá claonadh aige nithe conspóideacha a chur ar an mhéar fhada. Ainneoin seacht mbliana a bheith caite aige ina Roinn, mar shampla, níl iomrá ar bith ar réiteach san aighneas idir siúlóirí sléibhe is feirmeoirí maidir le cearta fánaíochta. Níl iomrá ar bith ach an oiread ar theorainneacha na Gaeltachta a atarraingt, ná baol air. Bhí fonn ar an Taoiseach é a eiseachadadh chuig Parlaimint na hEorpa. D’fhan sé sa bhaile, ach seans gur léiriú é sin go bhfuil a thodhchaí rialtais ar an dé deiridh.

Grád: C -

Mary Hanafin (An tAire Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh):

Titim mhór tagtha ar a seasamh laistigh agus lasmuigh den Rialtas. Gan tearmann le fáil aici sa Roinn seo faraor. Agus baol cánach ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh, níl ach tréimhse ghortach roimpi amach. Gá aici aire a thabhairt do chúraimí níos cóngaraí do bhaile fosta siocair go bhfuil líon suíochán Dhún Laoghaire laghdaithe go ceithre cheann agus Aire na Leanaí, Barry Andrews, mar leathbhádóir aici i soitheach atá ag dul go tóin poill go tiubh gasta.

Grád: D

Martin Cullen (An tAire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta):

Tá bás mall, pianmhar i ndánshaol aireachta. Leonta go holc cheana ag tubaiste na n-inneall vótála - atá anois tréighte ag a chomharba. Leanann conspóid i dtólamh é faoi chostais inghearáin, turas chuig Corn Ryder srl. Gan deighiltidirdhealú ceart déanta ar réim a údaráis i gcomhréir lena Aire Sóisir, Martin Mansergh, agus is dócha ná a mhalairt go ligfear Cullen chun bealaigh gan rómhoill.

Grád:E

John Gormley (An tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil)

Gnaithe maith déanta aige ach tá coimheá leochailleach le socrú idir a dhílseacht chomhghuallaíoch don Rialtas agus mianta a chúlbhinseoirí féin a shásamh. Deacrachtaí aige le macasamhail Dan Boyle agus Paul Gogarty. Cinneadh críonna déanta aige na hinnill vótála a chur ó mhaith. Beidh críonnacht sa bhreis de dhíth don tréimhse atá díreach amach romhainn.

Grád: B

Micheál Martin (An tAire Gnóthaí Eachtracha):

Meas tuillte ar a chuid iarrachtaí Éire a thabhairt chun míntíreachais san Aontas Eorpach i bhfianaise theip Chonradh Liospóin. Ghlac sé seasamh láidir fosta ar fheallmharú Michael Dwyer sa Bholaiv, nuair ba leasc le polaiteoirí de chuid Shinn Féin agus Páirtí an Lucht Oibre rialtas raidiceach Evo Morales a cháineadh. Éirithe cuíosach maith leis ina chúram ach rud beag éiginnte ar uairibh. Beidh sé san áireamh nuair a chrochfaidh ruagaire Uíbh Fhailí a chuid seolta, gan amhras ar bith.

Grád: C+

Mary Harney (Aire Sláinte):

Gan ord ná eagar ar an chóras sláinte le dornán blianta anuas (nó Angola mar a bhaist an Taoiseach ar an Roinn fadó.) Ach tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil an tAire ag fáil an ceann is fearr ar ghéarchéim na scuainí agus na liostaí feithimh. Cé go bhfuiltear ag tuar go dtiocfaidh feabhas ar sheirbhísí chúram ailse le bunú na n-ionad barr feabhais, níl smacht iomlán faighte ar pholaiteoirí bradacha ó pháirtithe an rialtais atá ag iarraidh a gcraiceann is a luach maidir le seirbhísí logánta a choinneáil. Aire cumasach mar sin féin, ach nach bhfuil oiread toradh ar a cuid saothair is a measadh a bheadh. Cainteoir cumhachtach agus trodaire crógach a chruthaíonn go maith i ndíospóireachtaí Dála.

Grád: C -

Noel Dempsey (An tAire Iompair):

Dul chun cinn áirithe déanta aige maidir leis an dara aerstad in Aerfort Átha Cliath, ach tá todhchaí Aer Lingus ina chnámh spairne i gcónaí. Ní bheidh an sparánacht fhairsing ann le barr feabhais a chur ar an mhogalra de mhotárbhealaí atá againn. Beidh ciorruithe á gcur i bhfeidhm leis i seirbhísí Bhus Éireann agus Bhus Átha Cliath. Tréimhse chorrach i ndán dó, ach má thagann sé slán as, d’fhéadfadh sé a bheith san áireamh do chinnireacht an pháirtí. Thig leis a bheith rud beag righin agus ceanndána, áfach.

Grád: C

Eamon Ryan (An tAire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha)

Aire cumasach - ach comhghéilleadh le déanamh ar chuid mhaith de pholasaithe na nGlasach ar chúrsaí fuinnimh de bharr costas ró-ard a bheith ag baint leo le linn cúlú mór eacnamaíochta. Gan breith chríochnúil tugtha ag an choiste cúirte air go fóill.

Grád: C+

Brendan Smith (An tAire Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia):

Níl sé go mór i mbéal an phobail agus tá gá aige a íomhá a chur chun tosaigh ar bhealach níb fhearr. Láimhseáil sé géarchéim na muiceola go pras agus go cumasach roimh an Nollaig. Tuiscint mheasartha aige ar pholasaithe talmhaíochta na hEorpa fosta.

Grád: C+

Batt O’Keefe (An tAire Oideachais agus Eolaíochta):

Bliain saor ó mhórchonspóid ó tharla gur beag tacaíochta ón phobal a fuair múinteoirí dá mbagairtí stailce i bhfianaise drochstaid na tíre. Beidh an bhliain seo chugainn níos deacra agus táillí ollscoile ar na bacáin arís. É ag díol as peacaí a shinsir sa Roinn i dtaobh an socrú de €128m a rinne a réamhthachta sa Roinn, an Dr Michael Woods, leis na hOird Eaglasta agus slánú stáit á thiomnú orthu. Ba shuarach an mhaise é, áfach, stop a chur le forbairt ionad uathachais trasteorann, de cheal airgid.

Grád: C

Willie O’Dea (An tAire Cosanta):

D’fhan sé saor ó chonspóid le bliain anuas agus ní beag sin! Ní thig leis mórán dochair a dhéanamh in áiteanna coigríocha ar nós Sead. Baintear an-leas as i gcláracha faisnéise polaitiúla le bolscaireacht an rialtais a chur chun cinn agus ainneoin dreach an fhir ghrinn a bheith air in amanna, éiríonn cuíosach maith leis agus é i mbun argóna.

Grád: C

  • Is iriseoir é Breandán Delap atá lonnaithe i gConamara, Co na Gaillimhe.
MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.