AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
An tSúil Nimhe
Balor Balor Balor

Ag tabhairt faoi dhá thaobh na Dála atá Balor an t-am seo, an taobh thuas agus an taobh thíos, nó lena rá ar bhealach eile, an Tuí a D’fhill Balbh agus an Tuí a D’fhill Daoi.

Íomhá
Balor
Íomhá
Deoch an TD, as an Tulach Mhór
Íomhá
Tae na Tulaí Móire
Íomhá
Ar phríomhshráid na Tulaí Móire - na luchóga móra

Tá Balor bocht brúite faoi bhuairt agus faoi chiach an mhí seo, a léitheoirí dílse.

Tá an saol ina chac ar fad. Tá an tóin tite as an tír. Níl pingin rua fágtha ag duine ar bith, agus is beag sin i gcomparáid leis na scéalta uafáis atá ag teacht chun solais lá i ndiaidh lae. Níl solas ar bith ag béal an tolláin dhuibh dhorcha seo ach lampa tosaigh na traenach atá ag teacht le scrios a dhéanamh orainn.

Tamall de bhlianta beaga ó shin shíl muid gur mhór an méid é milliún, ach is beag an méid anois é. Baincéir ar bith ar fiú tráithnín é tuilleann sé cúpla milliún sa bhliain. Is féidir nach é ‘tuilleann’ an focal is fóirsteanaí don íocaíocht a fhaigheann sé, ach is é an scéal céanna é i gcás go leor daoine eile ar na saolta seo. Is é an billiún an focal mór i stór focal lucht an airgid sa lá atá inniu ann.

Is deacair tuiscint cheart nó fiú barúil ar bith a bheith ag duine ar mhéid na suime sin. Billiún soicind ó shin bhí muid i lár na bliana 1959. Billiún nóiméad ó shin bhí Íosa Críost ag siúl bhóithre Thír na Tairngreachta agus ag ruaigeadh lucht sainte an airgid amach as Teampall Dé in Iarúsailéim. Billiún Euro ó shin bhí Lá Fhéile Pádraig 2009 ann. Sin mar atá i dtír seo an ampla agus an antláis.

Clamhairt Ghabhail, an Gonorrhoea Lectem

Feidhmeannas na Seirbhíse Sláinte i ndiaidh rabhadh a chur amach faoi ghalar gnéas-tarchurtha atá thar a bheith contúirteach agus nimhneach amach is amach. Gonorrhoea Lectem an t-ainm atá ar an ghalar teagmhálach seo (fuaimnithe mar ‘gonna re-elect ’em’, cé nach bhfuil baint dá laghad ag an ghalar le cúrsaí polaitíochta ná toghcháin – i ndáiríre! i ndáiríre píre!) Faightear an galar seo go furasta agus tá mórán daoine ag fulaingt cheana féin ón drochaicíd ghránna gháifeach seo. Meastar go bhfuil sé ar chúpla milliún duine cheana féin; daoine ar scriúáil an rialtas iad le roinnt blianta anuas, agus ar meileadh a gcuid airgid ar mhaingléis agus éagantacht. Ach, in ainneoin na ngearán agus an mhosáin ar fad, nuair a thiocfaidh an t-am, beidh na fíréin ag dul ina ndrongbhuíonta chuig na boscaí vótála agus iad ag fulaingt fós ón Gonorrhoea Lectem. Nach mór an díol trua iad, agus an feic saolta, agus an staicín áiféise, agus an ceap magaidh...

Anois, a léitheoirí dílse, tá scéal ag Balor daoibh; scéal fíor dar ndóiche, nó ní thig le Balor Bóibéiseach Boigéiseach bréaga a insint. Fabhalscéal atá ann, murab ionann agus bréag. Baineann an scéal seo le gasúr beag maith darbh ainm Brian. Bhí Brian ina chónaí i lár na tíre, in aice le Tulach Mhór. Bhí dán beag deas aige a ndéanadh sé é a aithris gan stad:

Tá Tulach Mhór i lár na tíre Tulach álainn trína chéile; Lucht dhá chois ag siúl na slí Gan vóta acu ná déine Gan Béarla acu ná Gaeilge.

Bhuel níorbh fhada gur athraigh Brian cúrsaí go mór faoin taobh sin tíre, agus níorbh fhada go raibh vóta ag gach duine faoi lár na tíre, agus déine fosta; agus níorbh fhada gur chuir siad Brian mar theachta go dtí an gheallchathair cois Life, agus níorbh fhada ina dhiaidh sin gur corónaíodh Brian ina rí. Bhí an chuid ba mhó dá phobal dílis agus sásta... go dtí gur tháinig na francaigh: luchóga móra a tháinig ina milliúin agus ina mbilliúin agus a rinne scrios agus léirscrios agus sléacht agus díothú ar gheilleagar na ríochta.

Thart faoin am céanna ar tháinig na luchóga móra tháinig ridire fionnfholtach, dubhchroíoch, drochmhianach amach as iarthar tíre. Enda Aoibhinn Aoibhiúil a bhí ar an ridire seo agus dúirt nach raibh sé sásta leis an dóigh a raibh Brian ag bainistiú na ríochta. Chuir sé teacht na bhfrancach ina leith agus trioblóidí uile na tíre fosta. Bhí sé ag cothú míshuaimhnis i measc lucht tacaíochta Bhriain agus thosaigh daoine ag ceistiú a chumais agus a inniúlachta agus a fhóirsteanachta don phost a bhí aige. Bhuel ní mó ná sásta a bhí Brian agus chuir sé nóta chuige: SSV – 0773H a bhí scríofa ar an nóta.

Enda Aoibhinn

Ba léir, fiú d’Enda Aoibhinn Aoibhiúil, gur cód a bhí ann, agus chuir sé fios ar na gardaí. Tháinig na bleachtairí cliste, ach nuair nach raibh siad in ann ciall dá laghad a bhaint as, chuir siad ar aghaidh chuig a gcairde in MI5 é; ach ní raibh siadsan in ann brí a bhaint as ach oiread. Faoi dheireadh cuireadh an nóta faoi bhráid an CIA. Chuir siad siúd é ar ais chuig Enda, ag rá nach raibh sé cosúil le cód ar bith a chonaic duine ar bith acu riamh, agus ag gearán go raibh seacht gcinn de na ríomhairí ba chumhachtaí ar domhan millte acu agus iad ag iarraidh an cód a bhriseadh.

Bhí an nóta fágtha ag Enda ar thábla na cistine nuair a shiúil gasúr comharsanach isteach. Chas an gasúr an nóta SSV-0773H thart deiseal ar fad. “Cén sórt múinteora a bhí ionatsa, a Enda, nuair nach bhfuil tú in ann rudaí a léamh bunoscionn?” a dúirt sé agus amach ar an doras leis.Bhí Enda ar mire ar fad nuair a léigh sé an nóta ina cheartsheasamh. Bhailigh sé a chuid cairde uilig le chéile agus mhionnaigh siad go sollúnta faoi bhratach na Léine Goirme go ndéanfaidís Brian a chrá go dtí go n-éireodh sé as. Bhí Brian bocht céasta cráite go leor cheana féin ag na francaigh, agus anois ag lucht na léine goirme chomh maith.

Bhí sé ag siúl leis faoi lár na cathrach lá nuair a bhuail sé isteach i siopa a raibh dealbha beaga ar díol ann. Chonaic sé dealbh de luchóg mhór agus d’fhiafraigh sé a phraghas. “Deich euro don fhrancach agus céad euro don scéal a ghabhann leis,” a dúirt fear an tsiopa. Ba mhór an méid é céad euro, dar le Brian, agus cé go raibh spéis aige sa scéal, cheannaigh sé an dealbh gan é, agus as go brách leis. De réir mar a bhí sé ag siúl thosaigh na luchóga móra ag teacht ina dhiaidh. Amach as gach poll sa tír a tháinig siad, ina scaiftí líonmhara, ina sluaite iomadúla. Bhí siad ag plódú na sráideanna agus na mbóithre ó cheann ceann na tíre, agus iad ag leanúint na deilbhe.

Faoi dheireadh shroich Brian bruach na mara. D’ardaigh sé an dealbh an fhrancaigh go hard san aer agus chaith sé é chomh fada agus a thiocfadh leis amach sa taoide thuile. Amach leis na francaigh ina dhiaidh, na mílte agus na milliúin agus na billiúin acu, agus bádh gach uile cheann acu. Ar ais chuig an siopa le Brian faoi dheifir. Bhí fear an tsiopa ag fanacht leis. “Tá a fhios agam an rud a tharla,” ar seisean. “Anois tá tú ag iarraidh an scéal a cheannach – an scéal a bhaineann le dealbh an fhrancaigh, nach bhfuil?” “Scéal an fhrancaigh mo thóin!” arsa Brian. “Ag iarraidh dealbh d’Enda Aoibhinn Aoibhiúil atá mé.”

Agus níl focal de bhréag ann. Oíche mhaith anois, a leanaí.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.