THALL IS ABHUS
L’Appel du 18 juin
P.J. Mac Gabhann P.J. Mac Gabhann

Am corrach i stair na Fraince atá faoi thrácht ag PJ Mac Gabhann as Páras. Daoine á bhfuadach, á gcéasadh is á gcartadh marbh i dtalamh gan taise. Daoine eile ag iarraidh éalú ar ais nó ar éigean. An t-am seo bliana 1940 a thosaigh an drochobair.

Íomhá
Páras ó Mhóin Valérien
Íomhá
Marianne na Fraince, ag cosaint na ndaoine.
Íomhá
Míle ainm den lucht saoirse a básaíodh anseo
Íomhá
An t-údar os comhair an Mhásailéim

Bhí sé te. Bíonn sé te go minic an tráth seo bliana i bPáras, ag dearbhú go bhfuil an t-am tagtha finalement chun na héadaí geimhridh a chur i stóras. Ach níorbh é teacht an tsamhraidh a bhí ag déanamh imní do mhuintir Pháras in 1940. Ar an deichiú lá Bealtaine, tháinig deireadh leis an gCogadh Bréige nuair a thug arm na Gearmáine ruathar ar an Lucsamburg, ar an mBeilg agus ar an Ísiltír agus ghlac seilbh orthu. Theith rialtas na Fraince, rialtas Paul Reynaud, go Bordeaux ar an deichiú lá Meitheamh. Is faoi cheannas an Wehrmacht ceithre lá níos déanaí a thit an phríomhchathair.

Ina leabhar Suite Française, tugann Irène Némirovsky cur síos ar an gcíor thuathail inar fágadh na daoine i rith na tréimhse sin. Is ar an tríú lá Meithimh a thit na chéad bhuamaí ar Pháras. Ar cheart an chathair a fhágáil agus dídean a lorg i ndeisceart na tíre nó fanacht i bPáras?

An Maréchal Pétain

Ar cheart muinín a chur sa Maréchal Pétain, laoch míleata na Fraince sa Chéad Chogadh Domhanda a tháinig i gcomharbacht ar rialtas Reynaud, a dúirt leis an bpobal: C’est le coeur serré que je vous dis aujourd’hui qu’il faut cesser le combat. (- Le briseadh croí a deirim go gcaithfear géilleadh) A luaithe a bhí an Fhrainc faoi chois, chuir an Wehrmacht tús le feachtas bolscaireachta inar iarradh ar phobal na Fraince glacadh le forlámhas fórsaí na Gearmáine agus cabhrú leo aghaidh a thabhairt ar an sean-namhaid, An Ríocht Aontaithe.

Cathal na Gaile

Nó ar cheart éisteacht leis an bhfógairt a rinne Charles de Gaulle, 49 bliain d’aois, a raibh cáil bainte amach aige sna seachtainí beaga roimhe sin toisc gur éirigh leis dushlán éigin a thabhairt do na Gearmánaigh i gceantar Abbeville ón 27-30 Bealtaine agus a dúirt i Londain: Quoi qu’il arrive, la flame de la résistance française ne doit pas s’éteindre et ne s’éteindra pas. (- Más mall lasair na saoirse, ná múchtar is ní mhúchfar í) Glaoitear an ‘Appel du 18 juin’ ar an bhfógairt seo a chuir tús leis an ngluaiseacht France Libre agus an Résistance.

Tar éis na laethanta saoire poiblí ar fad a bhí againn sa Fhrainc le roinnt seachtainí anuas, ceithre cinn ar fad - Lá Bealtaine (la fête du travail), 8 Bealtaine (Victoire de 1945), 21 Bealtaine (Déardaoin Deascabhála) agus an chéad lá de Mheitheamh (Luan Cincíse) - is cúis iontais dom é, ar bhealach, nach mbíonn an 18 Meitheamh saor chomh maith. Dar leis an staraí Jean-Pierre Rioux ina leabhar De Gaulle, La France à Vif, b’eachtra ar leith an Appel du 18 juin i stair na Fraince san fhichiú haois, eachtra a léirigh go raibh todhchaí na Fraince ag brath ar dhuine amháin, eachtra a thug dóchas don phobal.

An chaint a thug de Gaulle an tráthnóna sin ó stiúideo de chuid an BBC, is cosúil nár chuala mórán daoine é. Rinneadh an fhógairt a athchraoladh ceithre lá ina dhiaidh sin, ar an 22 Meitheamh, agus cuireadh póstaeir ar crochadh in áiteanna éagsúla sa Fhrainc ag meabhrú don phobal: La France a perdu une bataille! Mais la France n’a pas perdu la Guerre. (- Má chaill an Fhrainc cath, níor chaill sí an cogadh) Níor thug de Gaulle aitheantas riamh do rialtas Pétain, nó do rialtas Vichy mar is fearr aithne air, ach d’iarr sé ar gach Francach bailiú timpeall air agus tús a chur le slógadh a chuirfeadh an ruaig ar an namhaid.

Cuimhneachán ar Lucht an Éirí Amach

Is in 1960 ar ordú de Gaulle a cuireadh ar bun an Mémorial de la France Combattante in aice leis an gcampa míleata ar an Mont Valérien, áit a ndéantar an Appel du 18 juin a chomóradh gach bliain i láthair Uachtarán na Poblachta. Ní trí thimpiste a roghnaíodh an áit áirithe seo chun a leithéid de chuimhneachán a thógáil. Suite ar mhullach cnoic gar do cheantar La Défense in iarthar na cathrach, ba champa míleata an Mont Valérien ó lár an naoú haois déag. Is anseo a bhí an t-ionad teileachumarsáide ag arm na Fraince le linn an Chéad Chogadh Domhanda. Tá reilig ann freisin ina bhfuil níos mó ná 1,500 saighdiúir Meiriceánach curtha, saighdiúirí a fuair bás de bharr a gcuid créachtaí nó den Fhliú Spáinneach ag deireadh an Chogaidh Mhóir in ospidéil na príomhchathrach.

Ghlac an Wehrmacht seilbh ar an gcampa agus is anseo ó 1941 ar aghaidh a baineadh úsáid as an Mont Valérien chun os cionn 1,000 duine ón Résistance a chur chun báis. Scoite amach ón gcathair ach congárach go leor mar sin féin, thógtaí na príosúnaigh anseo faoi choim na hoíche as na hionaid choinneála éagsúla i mórcheantar Pháras agus chuirtí chun báis iad. Ba nós leis na húdaráis fáil réidh leis na coirp ar an toirt i reiligí thart timpeall ar an gcathair gan tada a rá fiú lena muintir faoi cén áit ar cuireadh iad. Is i gcuimhne ar na daoine seo go háirithe agus ar na daoine eile a thug dushlán do rialtas Vichy agus do na Naitsithe a socraíodh an Mémorial de la France Combattante a thógáil ar an láthair seo.

Is ar cuireadh ó John O Loghlen, oifigeach in Arm na hÉireann atá lonnaithe sa Mont Valérien faoi láthair, a d’éirigh liom cuairt a thabhairt ar an gcuimhneachán tráthnóna amháin le déanaí. Táispeánadh dom an seanséipéal inar coinníodh na príosúnaigh go dtí gur tugadh iad chuig an doire beag thíos faoi, áit ar cuireadh chun báis iad, uaireanta seasca duine in aon oíche amháin, cúigear i ndiaidh a chéile. Thug mé cuairt ar an másailéam ina leagann an tUachtarán bláthfhleasc ar an 18 Meitheamh gach bliain os comhair uaigheanna an sé dhuine dhéag atá curtha ann. Tugtar cuireadh do na daoine ar fad ar bronnadh an gradam Ordre de la Libération orthu agus atá fós beo a bheith i láthair ag an searmanas seo. Tá uaigh amháin folamh go fóill sa mhásailéam. Is san uaigh seo a chuirfear an duine deireanach den Ordre a fhaigheann bás.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.