AGALLAMH BEO
Fionnbarra Ó Brolcháin
Seosamh Mac Muirí Seosamh Mac Muirí Seosamh Mac Muirí

Ba é an tOllamh Fionnbarra Ó Brolcháin an t-aoichainteoir a d’oscail Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge an mhí seo caite in Aonach Urmhumhan. Bhí Seosamh Mac Muirí i measc an tslua agus bhuail sé leis coicís ó shin lena cheistiú faoi shaol Éire na linne seo agus faoi roinnt de na tuairimí spéisiúla a nocht sé sa leabhar is deireanaí óna láimh ‘Capitalising on Culture, Competing on Difference’ (Bradley, F. & Kennelly, James J., 2009).

Íomhá
An tOllamh Ó Brolcháin
Íomhá
P. Mac Fhearghusa, B. Ní Shúilleabháin, F. Ó Brolcháin, P. Mac Fhlannchaidh
Íomhá
Lár Ollscoil Chathair BhÁC
Íomhá
Síne Nic an Ailí, Conradh na Gaeilge agus Caitríona Bairéad, Raidió Rí-Rá
Íomhá
Pictiúr de Ghrundtvig a tharraing Constantin Hansen
Íomhá
Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán an Chonartha agus aoíchainteoir na hArd-Fheise
Íomhá
Fionnbarra Ó Brolcháin agus Peadar Mac Fhlannchaidh, Conradh na Gaeilge
Íomhá
Ollscoil Chathair BhÁC

Cé na focail is fearr a thugann cur síos ort? Nuálaí, smaointeoir, fiontraí nó eile?

Tá cúpla focail a d’fheilfeadh dom faoin am seo de mo shaol, measaim.

Oideoir nó oideachasóir, fiontraí oideachais nó fiontraí foghlama, nó nuálaí sa chóras oideachais. Tá an cúlra eacnamaíochta agus airgeadais agam ach tá spéis níos mó agam san oideachas agus sa nuálaíocht, agus tá mé tar éis imeacht le sruth an oideachais níos mó le tamall anuas. Is féidir go bhfuil mo nideog san áit a bhfuil an nascadh idir luachanna na teibíochta agus luachanna an mhargaidh.

Cén tionchar oideachais is mó a chuaigh i bhfeidhm ort?

Is tábhachtaí, dar liom, an tionchar a imreofar ort le linn d’óige ná níos faide anonn sa saol. D’fhreastail mé ar an Mainistir Thuaidh i gCorcaigh. (Féach http://www.northmonprimary.net) Bhí sé crua le mo linn, ach thugadar an-oideachas teicniúil do dhuine, ach lena chois sin, bhí meas ar luach an duine. Is dóigh liom go bhfuil an-tábhacht leis an dá ghné sin, taobh an duine féin agus taobh na ceirde nó na teicneolaíochta. Sin an ceacht is mó a thug mé liom as an áit.

Cén duine is mó a chuaigh i bhfeidhm ort in d’óige?

Múinteoir thall is abhus, déarfainn. Bhí fear amháin is cuimhin liom, a raibh de cháil air gur mhúin sé Jack Lynch. Fear ard a mhúineadh an Laidin agus an Béarla agus bhí sé anonn san aois ag an am. Bheadh sé ag teannadh le haois an phinsin. Níor bhuail sé duine ar bith, ní hionann is an chuid eile acu, ach an té a tharraing aird air féin as drochiompar, d’íocfadh sé ar bhealach eile. Bhí sé in ann an cloigeann a oibriú agus an rang go léir a mhúnlúthoil féin. Bhí rúndaingne ann.

Fear eile, Bráthair Críostaí, thug sé de leataobh lá amháin mé agus chuir comhairle orm. Bheadh sé go gairid sular fhág mé an Mon. Mhol sé mé as ábhair éagsúla a raibh mé ag cruthú go maith iontu. Níor mhol éinne eile mé roimhe sin. Dúirt sé liom, dá gcoimeádfainn orm leis an obair mhaith go bhféadfainn go leor a chur i gcrích. Braithim fós tionchar na cainte sin orm. Is fíor an chaint sin a deir siad faoin óige a mholadh agus go dtiocfaidh sí. Má thugann tú misneach agus dóchas don duine óg, is féidir leis teacht chun cinn as féin.

Cén áit is fearr leat laethanta saoire a chaitheamh?

Oileáin Árann, cé nach raibh mé ann le fada. Inis Meáin agus Inis Oírr go háirithe. Caithfidh mé Corca Dhuibhne a lua. Maine sna Stáit Aontaithe. Sri Lanka in am amháin, bhí sé ar fheabhas ar fad.

An bhfuil tú sásta leis an gcéim Fiontar?

Tá mé níos mórtasaí as an gcéim sin ná aon ní eile a rinne mé i mo shaol acadúil. Cé nach bhfuil mé ann le tamall, feicim roinnt den obair atá ar bonn ann, www.focal.ie agus www.logainm.ie, fágaim. Ceapaim gur iontach an rud iad sin a bheith ar siúl. Nuair a bhí mé féin ann, bhínn ag leagan béime ar an nascadh idir luachanna airgeadais agus luachanna neamhairgeadais, luachanna margaidh agus luachanna neamhmhargaidh, d’fhéadfaí a rá. Airgeadais, Ríomhaireacht agus Fiontraíocht, ba shin iad na bunchlocha. Teicneolaíocht, airgeadas agus margaíocht, ceapaim gurb shin í an áit a bhfuil an deis ag an teanga, an Ghaeilge, is dóigh liom.

Leagann tú béim mhór ar an nasc idir saíocht, nó cultúr, na muintire agus an dul chun cinn

sóisialta. Bhí mé ar tídul chun cinn an gheilleagair’ a rá, ach seo í an cheist: an tábhachtaí, dar leat, béim a leagan ar an dul chun sóisialta in áit a leagan don chuid is mó ar dul chun cinn geilleagair?

An Bealach Ceart nó Botún?

Níl amhras least, whatsoever">dá laghad orm go bhfuil an stát in iomrall sa treo a bhfuil siad ag leagan béim na forbartha. Is é bun agus barr an scéil acu, gur fás agus forbairt an gheilleagair a chaithfear a dhéanamh. Síltear leis an dearcadh sin, más féidir an geilleagar a tiomáint go dtí go dtarlóidh fás agus borradh faoin ngeilleagar go dtarraingeoidh sé sin an tsochaí agus an pobal aníos leis chomh maith. Is botún bunúsach é sin, dar liomsa. Ní hamháin gur botún bunúsach é, ach sa sampla is fearr a bhí againn den am a raibh sé sin ag tarlú, is é sin, fás an-ard, ré an téagair Cheiltigh, níor bhain sé sin amach riamh é. Bhí an geilleagar ag fás as éadan, ach bhí a lán fadhbanna sóisialta agus timpeallachta ag an am céanna. Níor chóir díriú ar fhás eacnamaíochta, dar liom. Tá sé earráideach, mar aidhm.

Is í an aidhm cheart dar liom féin, forbairt cheart inmharthana. Forbairt inbhuanaithe. Tá tú ag iarraidh trí ghné a thabhairt le chéile. B’fhearr liom an focal ‘cothromas’ ná ‘fás/forbairt’. Cothromas geilleagair, cothromas sóisialta/cultúir, cothromas nádúir/timpeallachta. Ní dhéanann stáit Chríoch Lochlainn an botún a dhéantar abhus. Cothaíonn siad thall na gnéithe éagsúla mar go dtuigeann siad go gcruthóidh sé leas agus caighdeán maireachtála níos iomláine agus níos fearr i ndeireadh báire. Is é saol níos fearr sa stát agus ní fás geilleagair sa stát, i ndeireadh báire, aidhm an stáit! Caighdeán saoil, sin é an sprioc.

Bhí fás an gheilleagair le linn an téagair as alt, mar nach raibh na gnéithe eile ag teacht chun cinn mar a chéile, ag an am céanna. Tá a lán fianaise againn a thugann le fios, má chruthaíonn tú na gnéithe sóisialta, timpeallachta, cultúrtha maraon leis an ngeilleagar, ag an am céanna, eascróidh forbairt fadtéarmach agus nuálaíocht amach as. Tá sé an-deacair ag lucht polaitíochta an méid sin a thuiscint. Díríonn siad ar an ngeilleagar amháin, mar tá sé níos éasca. ‘Aigne leisciúil’ a thugaim féin air. Léiríonn taighde agus fianaise go leor gur tábhachtaí le daoine a bheith sona, go bhfuil gaol acu le daoine eile, go bhfuil siad i bpobal a bhfuil nascanna sóisialta le daoine eile, agus ní tharlaíonn sé sin as forbairt gheilleagair. Is é a mhalairt a tharlaíonn go minic. Tosaíonn tú leis an áit, an tslí leis an áit a dhéanamh speisialta, taitneamhach don dream atá ina gcónaí ann. Oideachas, timpeallacht agus tá gné na timpeallachta gheillagraí i gceist agam chomh maith le rudaí eile, gan amhras. Is as muintir na háite iad féin a thiocfaidh an fhorbairt agus ní droim ar ais é, is é sin, ní as an bhforbairt a thiocfaidh muintir na háite chun cinn.

Oideachas an DFÉ

Leis an taithí blianta fada agat ar an tríú leibhéal in Éirinn agus thar lear, luaifidh mé cailín freastal beár leat a raibh céim ríomhaireachta aici tuairim is ceithre bliana ó shin ach ní raibh sí in ann post a fháil i saol na ríomhaireachta. Is í an cheist, an bhfuil céimeanna cearta á soláthar in ollscoileanna na tíre dar leat?

Níl. Is obair diy é an t-oideachas. Ní ón léachtóir ná ón múinteoir a gheobhaidh tú do chuid oideachais. Cuireann tú oideachas ort féin. Cóireoidh tú nó cruthóidh tú an timpeallacht ina bhfuil an duine óg len é féin, nó len í féin, a fhorbairt. Cothóidh tú an aigne sa duine gur faoi féin nó fúithi féin atá machnamh, an nuálaíocht, an bealach chun tosaigh. An rud ba chóir dúinn a chothú: an duine. Cruthóidh an duine a bhfuil le titim amach ina dhiaidh sin.

Luaigh tú i do chuid cainte le hArd-Fheis Chonradh na Gaeilge go mbaineann an ghné shóisialta le forbairt na hollscolaíochta lasmuigh den ollscoil féin agus gur dea-shampla den ghné sin Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. (Féach http://www.nuigalway.ie/administrationservices/acadamh//faoinacadamh/ionaid/gaoth_dobhair.html)

Ar cheart do gach ollscoil an cur chuige sin a leanacht?

  • An dearcadh an rud is tábhachtaí. Feicim ag an Acadamh rud ba cheart a bheith san ollscolaíocht trí chéile. Ní hé go bhfuil an t-eolas istigh ann agus go bhfuil an pobal ag triall ann lena fháil, cé go dtuigimid go léir go bhfuil lucht saineolais sna hollscoileanna, ach is iad na daoine agus an t-eolas atá acu féin an tsócmhainn is tábhachtaí. B’fhéidir nach bhfuil eolas an phobail forbartha ar an gcéad amharc, ach tá eolas éigin iontu. Is é misean na hollscolaíochta, cur le heolas an phobail, mar atá acu cheana féin, chomh maith leis an saineolas de chuid na hollscoile féin, a roinnt leo.

Gluaiseacht Béaloidis na hArdscoile sa Danmhairg, is eiseamláir mhaith í sin den tógáil pobail, tríd an ollscolaíocht, atá i gceist agam. Céad bliain tar éis a mbunaithe, tá tionchar ag na hardscoileanna sin ar shaol na tíre thall. Coláistí samhraidh ar bhealach do dhaoine fásta, is oideachas den scoth é sin. Tugann sé ciall don duine sa saol aige/aici féin.

Feictear oideachas sa tír againn féin mar áit a rachaidh tú ann le post a aimsiú duit féin, in áit tú féin a fhorbairt. In Athbheochain na tíre againn féin, d’fhoghlaim an Piarsach an-chuid ó mhodh oideachais fhear an chórais thall, Nikolaj Frederik Severin Grundtvig. Tá na folk highschools seo ar fud na Danmhairge agus is scoileanna an-spéisiúla iad.

An Teicneolaíocht

Ar tharla an iomarca infheistíochta i réimsí eolaíochta agus teicneolaíochta in Éirinn le deich mbliana anuas?

Níor tharla, ach caithfear an bhéim a leagan ar thaobh amháin de. Nuair a luaitear nuálaíocht sa tír seo, samhlaítear gur ar thaighde eolaíochta atá tú ag díriú airde. Níor cruthaíodh riamh go bhfuil baint ag taighde agus forbairt (R&D) le dul chun cinn, nó i mBéarla, prosperity. Ar leibhéal náisiúnta, ceantair, cathrach ná ar leibhéal an phobail áitiúil, léiríonn fianaise ar fud na cruinne nach bhfuil baint eatarthu. Is tábhachtaí an cothromas a luaigh mé ag an tús, ná taighde, is é sin, an pobal follán, le dul chun cinn a dhéanamh. Is mar ghné den phobal follán atá tábhacht ag baint le cúrsaí taighde, gné a thiocfas faoi bhláth ina am ceart féin nuair atá an pobal follán ag feidhmiú i gceart. Chuirfinn féin na billiúin isteach i bpobail in ionad é a infheistiú sa taighde. Fionnghlas, Baile Munna, áiteanna i Luimneach abair. Dhéanfainn iarracht pobail fholláine a bhunú sna háiteanna sin, pobail a mbeadh féinthuiscint, féinmheas, an fhéiniúlacht féin á gcothú. Chothódh sé sin an aigne eolaíochta atá de dhíth sa tír. Is caillteanas airgid, is airgead amú é, cuid mhaith dá raidtear isteach i dtaighde ollscolaíochta. B’fhearr liom díriú ar láimhseáil an eolais atá ar fáil cheana féin, eolas as tíortha eile isteach san áireamh, sa chaoi go mbeimis in ann eolas a cheannach nuair a theastódh uainn eolas a cheannach, ach an t-eolas go léir a tháthú agus a nuálú, a chur ar an margadh, nó a chur chun tráchtála, nó commercialize mar a deir an Béarla. Úsáid nó reic an eolais, sin í croí na ceiste. Faoi láthair, is isteach i gcéad sciar na hoibre atá an t-airgead á chur, is é sin, sa taighde amháin. Is í an áit a bhfuil an fhadhb, go síltear go n-eascróidh an dara cuid amach, go n-eascróidh an tráchtáil, amach as céad sciar na hoibre a bheith déanta. Tá an-acmhainn sa tír seo, acmhainn nó tréithe atá i muintir na tíre seo ó dhúchas, féadaim a rá. Is acmhainn dhaonna é agus baineann sé leis na scileanna cumarsáide sin a theastaíonn leis an tráchtáil eolais a fheidhmiú. Ba cheart dúinn an acmhainn láidir luachmhar sin a spreagadh i gceart agus a fhorbairt i gceart. B’fhearr liom an bhéim a chaitheamh anonn ar an ealaíon/cumarsáid. Pósadh idir an teicneolaíocht agus an daonnacht a theastaíonn.

De Dhéantús na hÉireann

Luaigh tú an dlúthbhaint a bhí ag gluaiseacht na hAthbheochana le déantúsaíocht na hÉireann ag an am. Má tá an nasc sin scaoilte ar chóir an nascadh sin a dhéanamh arís agus a threisiú?

Níl mé a rá go bhfuil ré na déantúsaíochta thart. Beidh tábhacht leis an déantúsaíocht bia ar bhonn áitiúil i gcónaí, ach daonnacht agus seirbhísí atá á lorg anois. Tá an chuid fisiciúil sna réimsí sin an-bheag ar fad. An rud is tábhachtaí faoi láthair don tír seo, a aithint cá bhfuil an luachmhaireacht, an saibhreas áitiúil, an tsócmhainn is gainne in áiteanna eile i margaí an domhain. Tá eolas nár scríobhadh síos go fóill, eolas nach féidir a thomhas, aisteach go leor. Sin an cineál eolais a mbeidh luach air. Tugaimis ‘iomas’ nó intuition air, ach tá sé le forbairt fós. Tá a fhios againn go n-eascróidh sé as an taobh daonna, an t-ómós áite a luaigh mé sa léacht, as an bhféiniúlacht. Aigne oscailte a theastóidh amach anseo. B’fhearr liom a rá le mic léinn a bheith ag machnamh astu féin in aghaidh an tseanpharadigm. A bheith ag teacht aníos le húire, le nuáil, in áit a bheith ag súil le freagra tur ón gcóras féin. Féach, is é an duine an saibhreas.

Déarfaidh mé mar seo é. Tá daoine sa tír seo faoi láthair i dtimpeallachtaí nach bhféadfadh aon leas a theacht astu. Is ansin atáimid ag cailleadh na mbilliún in aghaidh na bliana. Tá cailliúint dhochreidte don tír ansin. Dá mbeadh an dream céanna daoine in ann oideachas a fháil, in ann a bheith i dtimpeallachtaí cearta spreagúla, bhainfeadh an tír seo tairbhe thar na bearta astu. Dúirt fear darb ainm Erich Zimmerman, fear an-spéisiúil, na blianta fada ó shin, “resources are not, they become” agus is laoch agam é i gcónaí. Is an-chliste an ráiteas é. Is é sin, an ola faoi ghrinneall na farraige nó an mianach faoi shlios an tsléibhe, ní acmhainn é go gcruthaítear inneall a dhófas an ola, nó go dteastóidh soitheach a dhéanfar as miotal. An duine mar a chéile. Stócaigh dífhostaithe ag siúl na sráide, b’fhéidir go n-abródh duine éigin, “féach orthu siúd ag siúl thart, an dá láimh chomh fada lena chéile agus ní fhaca siad lá oibre ceart go fóill” nó a leithéid. Ní acmhainn iad dar le duine a déarfadh a leithéid, ach ba cheart réamhacmhainn a aithint agus a fhorbairt. Níor cheart dúinn daoine a ligean le sruth in am ar bith. Tá an duine róluachmhar le ligean le sruth. Is ionann an duine a ligean le sruth agus saibhreas a bheith caite amú.

Bostún v. Beirlín

Scríobh Ciarán Mac Aonghusa ar BEO i mí Eanáir na bliana seo, gur spéis le lucht eacnamaíochta an dóigh gur féidir le dream pobail a chur le chéile agus éacht a dhéanamh ach iad a thabhairt ar aon intinn. Cad é do bharúil féin faoin dearcadh sin?

Tuigim. An pobal i dtosach. Is cuimhin leat an nath a chualamar roinnt blianta ó shin ag Mary Harney, ‘Boston versus Berlin’. Ghlacamar le Boston. An duine aonair agus pointí an duine aonair sin, as an ardteist, don lároifig iontrála.

Cuirtear an laoch aonair os ár gcomhair mar eiseamláir i saol na tráchtála, gnó srl. amhail is a rá, má tá an duine aonair ag déanamh go maith, tá an pobal ag déanamh amhlaidh.

Is tábhachtach an méid a dúirt Ciarán ansin. Ar scáth a chéile mar a déarfá. Na beachafeithidí, nuair a chuireann siad le chéile is iontach an méid is féidir leo a dhéanamh. Daoine, is dream iad a mhachnaíonn agus a mhothaíonn. Ní i dtuilleamaí instinne amháin atá siad. Níl mé i gcoinne na Micheal O Learys ná Denis Desmonds na tíre, mar teastaíonn siad, mar a theastaíonn an pobal leis chomh maith céanna.

Cad a bhí sa téagar Ceilteach seo?

Níor rud é a tháinig aníos as dúchas na ndaoine, ní hionann is an Danmhairg nó an Iorua. Tháinig sé as Meiriceá chugainn. Bhí sé bunaithe ar FDI, nó infheistíocht ó thíortha thar lear. Bhí an t-ádh linn. Tharla nár uainne féin a tháinig sé, táimid ag brath go dona anois dá uireasa. Tharla san EMU sinn agus gur i lár báire sinn, bhíomar in áit na garaíochta don dá thaobh i gcónaí agus rinneamar go maith as dá bharr. Tharla an t-idirlíon agus an teicneolaíocht mar thaca linn. Bhí cáin íseal againn. Rinne lucht fiontraíochta a lán airgid gan mórán dua ná doghrainn a chur orthu féin. A bheith san áit cheart ag an am ceart. “Ní ginearál maith a theastaíonn uaim” mar a dúirt Napeoleon, “níl uaim ach ginearál ádhúil!” Nuair a bhí an geilleagar ag moilliú is ag meath ar domhan, thosaigh na Gaeil ag díol is ceannach tithe lena chéile, rud a choinnigh dlús faoi anseo seal sa bhreis. Dúramar go ndéanfadh 12.5% mar cháin tionscail é, agus bhí an ceart againn sa mhéid sin. Mheall sé tionscal isteach. D’éirigh linn, ach d’éirigh linn ró-éasca. Ní sinne a thionscain é.

B’fhearr liom an ghné áitiúil a bheith láidir agus an ghné idirnáisiúnta a bheith crioslaithe thart air. Feiceann an Fhrainc iad féin mar chultúr láidir, sách cumasach le seasamh in éadan gach a dteilgfidh Hollywood leo. Is iad lár a ndomhain féin iad. Má táimid chun an geilleagar a fhorbairt, beidh orainn an cultúr againn féin a láidriú agus ár bhféinmheas a láidriú. Sin an fáth go bhfuil an focal ‘culture’ luaite i dteideal an leabhair a scríobhamar ansin, ‘Capitalising on Culture, Competing on Difference.’

An bhfeictear duit gur iarracht ar fónamh a bhfuil tosaithe ag Meanma na hÉireann?

Tá an t-ómós áite le brath ar a suíomh idirlín (http://www.spiritofireland.org/overviews.php ), mórán ar aon dul le do leagan amach féin.

Bheadh sé an-deacair easaontú leo. Braithim nach dtugann siad aird go leor, ar nós roinnt eagraíochtaí eile a bhfuil mé páirteach leo, fiú amháin, ar an mbunspreagadh nó ar an mbunfhoinse. An duine agus ar áit an duine sa timpeallacht, sa chultúr. Níl aon rud cearr lena gcuid uimhreacha. Tá an obair sin déanta acu, ach b’fhearr liom dá dtosóidís leis an duine, an tír thart timpeall ar an duine agus ansin, tabhairt faoi imirt an duine ar an timpeallacht agus ar an ngeilleagar a ríomh.

An bhfuil tú dóchasach, leathdóchasach nó an-dóchasach i leith a bhfuil i ndán don tír seo le hais na coda eile den domhan san am atá le teacht?

Táim an-dóchasach. Is é mo mheas go bhfuil na nascanna a luamar anseo ar ball, go bhfuil siad sin réitithe, go bhfuil muintir na tíre ar tí tabhairt faoina gceistiú féin ina dtaobh. I ré seo an domhandaithe, is tábhachtaí ná riamh ionad na háite in aice leat. Beidh orainn brath níos mó feasta ar na fórsaí dúchais, ar an áitiúlacht, amach anseo. Beidh infheistíocht isteach as tíortha eile ag an am céanna, ach beidh orainn brath orainn féin agus a bheith in ann seasamh ar ár gconlán féin chomh maith céanna.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.