CÚRSAÍ SPÓIRT
Páirc Imeartha Úr na bPiarsach
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Ní beag a bhfuil déanta ag muintir Chamus / Ros Muc a deir Colm Mac Séalaigh linn. Chruthaíodar páirc bhreá imeartha as an gcriathrach féin agus bhí cuma bhreá ar an bpáirc do Chomórtas Peile na Gaeltachta

Íomhá
Slua agus Ródaí RnaG ag an bpáirc (CPeile na bPiarsach a tharraing)
Íomhá
Róisín Uí Shúilleabháin (Cumann Naomh Anna a tharraing)

Is ag deireadh seachtaine na Cincíse a ted">chuirtear tús leis an samhradh agus leis an aimsir bhreá, más fíor. Bhí sé fíor mar sin i mbliana agus má bhí Cincís chomh te léi cheana ní cuimhin liomsa í. Ní hamháin go raibh an ghrian ag scoilteadh na gcloch, ach bhí sé chomh te sin go bhféadfá ubh a róstadh ar na clocha dá mbeadh ubh agat, mar a dúirt cara liom fadó.

Aimsir scrúdaithe is ea é freisin do dhaltaí na hArdteistiméireachta, ar ndóigh, agus bíonn teannas na scrúduithe ina chuing throm anuas orthu agus ar a muintir ar feadh cúpla seachtaine. Ach, don chuid eile den daonra, is é tús an tsamhraidh é agus cuireadh cúraimí an tsaoil i leataobh ar feadh scathaimhín agus tugadh aghaidh ar na tránna.

Bíonn ócáidí spóirt go fairsing freisin, agus bhí rás mór na mbád seoil, rás Volvo, tagtha chuig cathair na dtreabh agus na mílte duine bailithe timpeall ar dhuga na Gaillimhe chun na báid a fheiceáil agus taitneamh a bhaint as an atmaisféar.

I bPáirc Semple

D’imir Corcaigh i gcoinne Thiobraid Árann i gcraobh chomórtais na Mumhan i nDurlas Éile agus bhí an bua ag Tiobraid Árann ag deireadh cluiche breá iománaíochta. Bhuaigh Tír Eoghain ar Ard Mhacha i gcraobhchomórtas peile Uladh, agus bhí bua éasca ag iománaithe na Gaillimhe ar Laois i gcluiche stairiúil i gcraobhchomórtas Laighean.

Ach, tá cúis eile dar ndóigh go mbíonn deireadh seachtaine na Cincíse an-speisialta agus is é sin go reáchtáiltear Comórtas Peile na Gaeltachta áit éigin i gceann de na ceantair Ghaeltachta ag an deireadh seachtaine sin gach aon bhliain. Cé nach bhfuil an Ghaeilge in uachtar mar theanga an phobail in gach cuid den Ghaeltacht oifigiúil faoi mar atá léirithe in ‘Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht 2007’, fós féin is ócáid an-speisialta Gaeltachta é a thugann daoine agus cumainn pheile de chuid Cumann Lúthchleas Gael atá ag feidhmiú sna ceantair Ghaeltachta agus Bhreac-Ghaeltachta le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh ar spiorad na nGael. Is léiriú é Comórtas Peile na Gaeltachta ar an Éirinn faoi rún, nó an ‘The Hidden Ireland’ ag Dónall Ó Corcra, nach dtugann meáin chumarsáide mhóra na tíre aird ar bith uirthi toisc nach bhfuil aon spéis acu inti. Murach Raidió na Gaeltachta, TG4, Foinse, agus an t-alt bídeach BEO seo againn féin leis, is beag aird a thugtar ar mhórócáid spóirt na nGael.

Páirc an Phiarsaigh

I mbliana reáchtáladh an comórtas peile i Ros Muc i nGaeltacht Chonamara cúpla céad slat ó theach an Phiarsaigh. Cumann Peile an Phiarsaigh nó ‘Na Piarsaigh’, cad eile, is ainm don chumann áitiúil agus in ainneoin na heisimirce, na dífhostaíochta agus na bochtaineachta sna blianta atá thart, tá ceann de na staid pheile is deise atá le feiceáil in Éirinn tógtha ag cumann na bPiarsach i Ros Muc.

Tráth den saol, agus ní i bhfad ó shin é, criathrach, portach agus bolláin mhóra ó aimsir na hoighearaoise, a bhí san áit ina bhfuil an pháirc inniu. Is ar ‘chriathraigh bheaga’ is mó a imríodh ógfhir agus ógmhná Ros Muc/Camus an pheil, an iománaíocht agus an chamógaíocht sna blianta atá thart mar a insíonn Máirtín Ó Mainnín i gclár chomórtas peile 2009, agus ar an gcriathrach beag ó dheas ó Ghairmscoil Ros Muc an láthair ar a mbídís ag imirt go deireanach. Ach a deir Máirtín ‘ó lár na gcaogaidí amach ní raibh an pháirc feiliúnach le haghaidh cluiche ar bith mar bhí dochar mór déanta don chriathrach ag peil, beithígh agus ag an mbáisteach’.

Fíorú Físe

Ach bhí fís ag daoine i Ros Muc agus i gCamus, agus an fhís a bhí acu, páirc peile cheart agus ionad le seomraí feistis agus seomraí cruinnithe a thógáil. Bhí an suíomh ar fáil, criathrach garbh ar aghaidh na gairmscoile, agus an fhís, an toil agus an tsamhlaíocht ag daoine cróga, dúthrachtacha an cheantair. Bunaíodh coiste na páirce i 1993, agus cuireadh tús le feachtas bailithe airgid, ní hamháin i bparóiste Ros Muc, ná in Éirinn amháin, ach ar fud an domhain mhóir. Chruinnigh siad an t-airgead i Meiriceá, i Sasana, san Astráil, i mBaile Átha Cliath, in áit ar bith ar domhan a raibh na Gaeil, Gaeil Chonamara go háirithe, ina gcónaí. Díoladh ticéid agus reáchtáladh damhsaí, ceolchoirmeacha, ‘lotto’, tráth na gceist agus crannchuir go dtí go raibh dóthain sa chiste. Osclaíodh an pháirc, na seomraí feistis agus an t-ardán nua in 2002 agus reáchtáladh Comórtas Peile na Gaeltachta i Ros Muc don chéad uair riamh i mbliana. Tá dhá ghrianghraf a tógadh ón aer de Pháirc an Phiarsaigh i gclár na bliana a thugann léargas an-mhaith ar an éacht a rinneadh: páirc ghlas, chothrom agus criathrach agus sliabh donn, scáinte ina timpeall.

Is iomaí deireadh seachtaine cincíse a thug mé cuairt ar chomórtas peile na Gaeltachta; Gaoth Dobhair, Rath Cairn, Leitir Móir, An Cheathrú Rua, Corca Dhuibhne, Cois Fharraige, An Fhairche, Gleann Cholm Cille, cibé áit a raibh an comórtas ar bun. Ní hiad na cluichí féin a mhaireann im’ chuimhne le fírinne, ach an comhluadar is an spraoi, an ceol agus an t-atmaisféar speisialta a chruthaítear nuair atá na Gaeil ó Ghaeltachtaí uile na tíre i dteannta a chéile. Bhíodh an deireadh seachtaine ar nós Oireachtas na nGael go luath sna seachtóidí agus an dream óg ag campáil nó ag codladh ar urlár éigin, ar chúl cairr nó faoi na réalta dá dtiocfadh sé chuige, gan mórán aird againn ar chluichí peile ach a lán airde ar chailíní Gaelacha. Níl fhios agam an mar sin a bhíonn inniu. Tá súil agam gurb ea.

Tréaslaím le Róisín Uí Shúilleabháin, cathaoirleach Cumann Peile na bPiarsach, agus lena buíon oibrithe deonacha a rinne gaisce as cuimse chun comórtas peile na bliana a eagrú chomh maith agus a rinne, agus tréaslaím leis na buaiteoirí, Ard Ratha as Tír Chonaill sa chomórtas sinsir, Oileáin Árann sa chomórtas sóisear, agus le Naomh Anna, Leitir Mór, i gcomórtas na mban. Bua iontach dar ndóigh, agus an chéad cheann riamh, a bhí ag Oileáin Árann sa chraobh shóisir agus gaisce ar leith os rud é go raibh imreoirí ó na trí oileán ar an bhfoireann. Nil fhios agam cén chaoi a dtagaidís le chéile chun traenála, i gcuracha, in eitleán nó ag snámh, ach ba mhór an t-éacht acu é an corn a bhreith leo. B’fhéidir gur shíl strainséirí gur in onóir seoltóirí Rás Volvo a lasadh tinte cnámh ar na hoileáin oíche Luain Chincíse, ach bhí údar eile i bhfad níos tábhachtaí ná sin leo.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.