Tá go leor de na Chríostaithe coimeádacha sna Stáit Aontaithe a bhí ag iarraidh go leanfaí ar aghaidh ag cothú Terri Schiavo, seachas deireadh a chur lena beatha, sásta tacú le polasaithe a rialtais san Iaráic atá tar éis na scórtha míle a fhágáil marbh.
»»»Déanfaidh an tAire Oideachais Mary Hanafin tionscadal nua de chuid Ionad na dTeangacha, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad a sheoladh ag tús na míosa seo a bhfuil sé mar aidhm aige cur ar chumas foghlaimeoirí fásta Gaeilge cáiliocht a bhaint amach ag a mbeidh aitheantas Eorpach. Labhair Caoimhe Ní Laighin le Stiúrthóir an ionaid, Anna Ní Ghallachair, faoin tionscadal seo agus faoin obair cheannródaíoch eile atá idir lámha aici féin agus ag a foireann.
»»»Tá Pól Ó Muirí ag obair mar eagarthóir Gaeilge an Irish Times le hocht mbliana anuas anois ach tá go leor oibre eile idir lámha aige, an scríbhneoireacht chruthaitheach san áireamh. Labhair Caoimhe Ní Laighin leis faoina chuid oibre agus faoina dhearcadh i leith eagraíochtaí éagsúla i saol na Gaeilge a mbíonn sé dian go leor orthu uaireanta.
»»»Féachann Tom Deignan siar ar dhá chonspóid a bhí go mór sa nuacht i Nua-Eabhrac le linn na Féile Pádraig i mbliana.
»»»Is díol spéise é an taispeántas péintéireachta de shaothar an ealaíontóra Willaim Orpen atá le feiceáil i Londain faoi láthair, agus a bhogfaidh go Baile Átha Cliath an samhradh seo. Caitheann Ciara Nic Gabhann súil ar shaothar agus ar shaol an Éireannaigh seo a bhí fostaithe ag Rialtas na Breataine mar ealaíontóir oifigiúil le linn an Chéad Chogadh Domhanda.
»»»Cé gur múinteoir Laidine é Ed Foley ina chathair dhúchais, Bostún, bhraith sé frustrachas an-mhór nuair a chuaigh sé i ngleic le gramadach na Gaeilge ar dtús. Míníonn sé anseo cad é mar a d’éirigh leis an teanga a thabhairt leis sa deireadh.
»»»D’eisigh an boscadóir Páidí Ó Conchúir as Baile Uí Aichir, Cill Áirne i gContae Chiarraí albam nua dar teideal Different State le déanaí. Ceol i dtraidisiún Shliabh Luachra go príomha atá ann. Labhair Antaine Ó Faracháin leis faoin dlúthdhiosca nua seo.
»»»Mhaígh turasóir Gearmánach i mí Feabhra go bhfaca sé an tíogar Tasmánach, ainmhí a d’imigh in éag beagnach seachtó bliain ó shin. Ní seo an chéad uair a tharla a leithéid, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin.
»»»Anseo thíos, tá sliocht as leabhar nua Bhalor, Tá Níos Mó Seomra i mo Bholg, ina bhféachann sé le coincheapa casta de chuid ghramadach na Gaeilge a chur i láthair an léitheora.
»»»Tá léamh le fáil ar imeachtaí le linn na stailce ocrais i 1981 i leabhar nua nach bhfuil go leor de na poblachtánaigh róshásta faoi, mar a mhíníonn Breandán Delap.
»»»Tá tuismitheoirí i dtíortha éagsúla beag beann ar an fhianaise a léiríonn go ndéanann gutháin phóca dochar do pháistí óga. Tuairisc ó Mary Beth Taylor.
»»»Míníonn David Leydon cuid de na háiseanna atá le fáil ar Gaelport.com, suíomh gréasáin atá á fhorbairt ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, an eagraíocht a bhfuil sé ag obair di.
»»»Tá robáil Bhanc an Tuaiscirt tar éis droch-chlú a tharraingt ar ghluaiseacht na poblachta ach, mar a mhíníonn Dónall Ó Maolfabhail, tá sé seo tar éis tarlú go minic ó bhí tús na dTrioblóidí ann.
»»»San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Dorothee Uí Cheallaigh, Ionad Foghlama Chléire, Oileán Chléire, Contae Chorcaí.
»»»Déanann Liz Curtis cur síos an mhí seo ar Lucca, an áit san Iodáil ar fhreastail sí ar chúrsa teanga.
»»»Tá Pádraig Mac Éamoinn dóchasach go ndéanfaí Rialtas na hÉireann tuilleadh airgid a infheistiú sna hiarnróid go luath agus go dtiocfaidh forbairt mhór orthu dá bharr sin.
»»»Tá dearcadh na náisiúnaithe i mBéal Feirste i leith an IRA tar éis athrú go mór le tamall anuas, go háirithe ó dúnmharaíodh Robert McCartney, mar a mhíníonn Robert McMillen.
»»»Léirigh an tslí ar cuireadh deireadh le triail na rialacha nua sa pheil Ghaelach le gairid easpa misnigh i gCumann Lúthchleas Gael, dar le Colm Mac Séalaigh.
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: ag ceiliúradh lá breithe
»»»Bhí díomá ar go leor daoine nuair a dhún caife Ghael Linn i mBaile Átha Cliath an mhí seo caite. Ar an dea-uair, áfach, d’oscail caife Gaeilge eile i lár na cathrach i dtrátha an ama chéanna. Thug Caoimhe Ní Laighin cuairt ar an gcaife seo agus labhair leis an mbainisteoir, Úna Nic Gabhann.
»»»Chaith Ruth Nic Giolla Iasachta seal i mBeirlín na Gearmáine i mí Feabhra i mbliana le linn don fhéile idirnáisiúnta scannán bheith ar siúl.
»»»Spreag clár teilifíse a rinne RTÉ le gairid faoi na hÉireannaigh i Learpholl go leor díospóireachta sa chathair sin, mar a mhíníonn Tony Birtill.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.