RANNÓG NA bhFOGHLAIMEOIRÍ/TAISCE FOCAL
Taisce Focal
Róise Ní Bhaoill, Róise Ní Bhaoill, Gordon McCoy Gordon McCoy

Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: ag ceiliúradh lá breithe

Thit croí Shusaidh nuair a smaointigh sí go mbeadh sí ag bualadh an dá scór. Ach ar a laghad bheadh sí ar shiúl ón áit seo agus ní bheadh fiachadh uirthi aghaidh a thabhairt ar a cairde agus an saol mór. Bhí rún aici teitheadh go Nua-Eabhrac ach ba é donas an scéil nach raibh a fear céile ar an phort chéanna léi féin.

Tá muid siar is aniar sa scéal, ach is é an deireadh atá air nó nach fiú a dhul go Nua-Eabhrac ar feadh cúpla lá. Beidh tú cráite ag tuirse aerthaistil agus ní bheidh brí míoltóige ionat,” arsa Aindí. “Tá a fhios agam go bhfuil Áine thall ansin agus gur mhaith leat í a fheiceáil ach b’fhearr i bhfad duit saoire mar is ceart a bheith agat ann, seachas sciuird ghasta mar seo. Fág Nua-Eabhrac go dtí an samhradh agus gabh amach le do chuid cairde eile anseo. Ansin beidh do ghruth is do bhainne agat.”

Ach leis an fhírinne a dhéanamh bhí Susaidh ag teitheadh óna cairde fosta. Bhí siad i gceart ina nduine agus ina nduine ach tabhair le chéile iad agus sin nuair a d’éireodh an raic.

“Bhuel, tá sin ann,” arsa Susaidh sa deireadh, “agus tá corrdhuine nach bhfaca mé le tamall – cúpla duine a phós agus a bhfuil páistí orthu. Ach seo an Mháirt agus beidh obair againn tábla a fháil i Roscoff’s don tSatharn do scaifte mór.”

“Is léir nach tusa a bheas ag íoc as,” arsa Aindí leis féin. Bhí Susaidh tugtha do bhialanna daora agus don ócáid mhór, agus ba mhinic a cuid smaointe trom ar an phóca. Is ag smaointiú ar na cairde a bhí Aindí nuair a dúirt sé: “Níl fiachadh orainn a dhul ansin. Tá neart bialann eile atá chomh maith leis.”

D’ainneoin Shusaidh, chuir Aindí tábla mór in áirithe i mbialann Fhrancach. Ansin thug sé aghaidh ar chuireadh a thabhairt do chairde Shusaidh. Ghlaoigh sé ar Bhríd ar tús agus is é an chéad cheist a chuir sise ná “An mbeidh Kate ann?” Níor lú ar Bhríd an diabhal ná Kate. “Seo,” arsa Aindí, “cinnte le Dia beidh sibh ábalta an tsíocháin a choinneáil ar feadh oíche amháin.”

Níor tharraing Bríd agus Kate an snáithe ariamh. Bhí éirí in airde i Kate a chuir Bríd suas na ballaí, idir sin agus í a bheith ag síorchaint uirthi féin agus a saol breá agus fios maith aici nach raibh pingin rua ag Bríd.

Ar eagla go mbeadh an béile san oíche ina phraiseach chuir Aindí lón in áirithe i mbialann dheas faoin tuath. Bhí Susaidh chomh sásta le píobaire leis sin, go háirithe ó thug sé slabhra daor óir di.

“Is cuma cad é mar a théann an oíche anocht anois,” arsa Susaidh, “ní thiocfaí seo a bhualadh amach.”

Nach minic an cúrsa tosaigh níos fearr ná an príomhbhéile!” a d’fhreagair Aindí.

Phill siad ar an bhaile agus chaith Susaidh cuid mhaith den am á cluimhriú féin don oíche mhór. Ach bhí sé ag ithe uirthi go mbeadh a cairde ag troid sula mbeadh an oíche amuigh.

“Ná buair do cheann,” arsa Aindí. “Cluinim go bhfuil sos cogaidh fógartha acu ar mhaithe leis an ócáid. Seo, tógfaidh seo an cian díot,” ar sé agus tharraing sé buidéal mór seaimpéin as an chuisneoir. Ní raibh na gloiní curtha amach i gceart aige nuair seo isteach Kate. Chaithfeadh Kate a bheith i gcónaí ar thoiseach an tslóigh. Bhí a fear céile léi, píle fada a raibh cuma fhadfhulangach air. Bhronn Kate pictiúr a tharraing sí féin ar Shusaidh (b’ealaíontóir í).

Ní raibh Bríd mórán ina diaidh. “Téann sé leis an pháipéar balla ar a laghad,” ar sí. Bhí Kate le ceangal ach tharraing sí ar an seaimpéin gan focal a rá.

“Seo mo cheannsa,” arsa Bríd agus bhronn sí léarscáil ar Shusaidh a bhí barrlán réaltógaí. “Agus tá teastas leis a dhearbhaíonn go bhfuil réaltóg ainmniste i do dhiaidh!”

“A Bhríd,” arsa Susaidh, “Cad é thig liom a rá! Tá réaltóg amuigh ansin a bhfuil m’ainm féin uirthi. Idir réaltógaí agus an seaimpéin seo, tá mé ar eiteogaí.”

“A leithéid de bhronntanas! Níl stíl ar bith ag an bhean sin!” arsa Kate le hAindí.

“Anois,” arsa Aindí, “níl ann ach rud beag craice. Níl mórán airgid ag Bríd. Tá sí ag déanamh a díchill.”

Líon Aindí na gloiní arís, ag dúil go mbeadh an t-ól ina leigheas ar achan achrann.

Bhí a cuid cairde eile uilig ag fanacht le Kate sa bhialann. Chomh luath agus a chonaic Susaidh an áit, chuir sí a gaosán in airde. “Tá daoine ag cur a cótaí ar chúl na gcathaoireacha!”

“Ní dhéanann sé lá difir a fhad is go bhfuil an bia maith!” a dúirt Aindí. “Bíonn tú ag cur do thóin amach i gcónaí. Deir siad go n-éiríonn daoine níos réchúisí sna daichidí – cad é bhain duitse!?”

Ar an drochuair, nuair a shuigh siad síos bhí Bríd agus Kate buailte ar a chéile agus bhí deireadh déanta. Cibé nár cháin Bríd an bia agus an tseirbhís, cháin Kate. Bhí Aindí ar daoraí léi nó, cé gur breithlá Shusaidh a bhí ann, bhí Kate i lár an aonaigh mar ba ghnách. Ach ní raibh an oíche thart go fóill agus, go hádhúil, bheadh Kate ag imeacht go luath siocair go raibh an gogamán le ligint ar shiúl.

Ní raibh siad ar shiúl ach cúpla bomaite nuair a shiúil Áine isteach, í ar ais as Meiriceá. Ann ach nár thit Susaidh thart. “Áine!” ar sí agus d’éirigh sí le barróg mhór a thabhairt di.

Bhí an oíche óg agus ní raibh idir iad agus an mhaidin ach ragairne agus ceol.

Tá Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy ag obair le hIontaobhas ULTACH i mBéal Feirste.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.