Tá Pádraig Mac Éamoinn dóchasach go ndéanfaí Rialtas na hÉireann tuilleadh airgid a infheistiú sna hiarnróid go luath agus go dtiocfaidh forbairt mhór orthu dá bharr sin.
Sa bhliain 1920, shín iarnróid na hÉireann 3,400 míle. Sa lá atá inniu ann, níl fiú a leath sin fágtha. Caitear an chuid is mó den airgead poiblí ón mbuiséad iompair ar bhóithre nua agus is amhlaidh atá le tamall fada anuas; b’fhéidir, áfach, go bhfuil lag trá na n-iarnród thart tar éis tréimhse fada meathlaithe agus easpa airgid. Sna seachtainí atá romhainn, beidh Martin Cullen, an tAire Iompair, ag foilsiú phlean infheistíochta iompair deich mbliana an Rialtais, agus beidh go leor daoine agus grúpaí ag scrúdú na caibidle dar teideal “Iarnróid” go géar.
Tá neart buntáistí ag baint le traenacha: is modh éifeachtach iompair phoiblí iad, tá siad i bhfad níos fearr don chomhshaol ná gluaisteáin, is féidir leo níos mó comaitéirí a iompar ná busanna nó fiú tramanna Luas agus, nuair a bhíonn siad ag iompar lasta, tig le traein amháin áit breis is cúig leoraí dhéag a ghlacadh.
Ach ní hiad lucht comhshaoil an t-aon bhrúghrúpa atá ag iarraidh tuilleadh infheistíochta sna traenacha. Tá feachtais ar bun faoi lathair maidir le tionscadail mhóra i mBaile Átha Cliath, mar aon le seirbhís traenach go dtí An Uaimh, líne nua go hAerfort na Sionainne, seirbhís níos fearr idir Luimneach agus an tAonach, agus ar ndóigh, athoscailt Chonair Iarnróid an Iarthair idir Sligeach agus Luimneach.
Beidh an Rialtas ag foilsiú a chinnidh maidir le scéim tógála meitreo ó lár Bhaile Átha Cliath (moltar Faiche Stiabhna) go dtí an tAerfort nó go Sord. Níl an scéim seo gan chonspóid! Ar dtús, ba é €4.8 billiún an praghas a luadh, méid ollmhór do scéim amháin. Tá an praghas íslithe anois ag an nGníomhaireacht um Thionscadail Iarnróid, ach chun costais a spáráil chaith siad uathu na staighrí beo agus roinnt mhaith geataí ticéad sna stáisiúin agus chuir siad cosc ar thraenacha níos mó ná trí charráiste (i gcomparáid le teorainn 8 gcarráiste i gcás an DART), rud a chuirfidh srian chomh maith ar chumas iompair na líne.
De réir tuarascála de chuid an bhrúghrúpa Platform 11, tá fadhbanna eile ag an meitreo freisin. Léiríonn an tuarascáil nach mbeidh aon cheangal ag an meitreo le líne eile traenach, DART nó Luas, ach amháin le Líne Uaine Luas i bhFaiche Stiabhna. Dar leo nach mbeidh go leor acmhainní á gcaitheamh ar an meitreo, gur deis chaillte é.
Tá plean eile ag Iarnród Éireann: gan meitreo ar bith bheith ann, ach rian nua bheith ag dul ón aerfort go rian an DART, le stáisiún nua ag Spencer Dock in aice le Stáisiún Uí Chonghaile, agus tollán nua ón áit seo, faoi Faiche Stiabhna (agus stáisiún ansin), go dtí Stáisiún Heuston. Faoi lathair, tá an rian taobh theas de Stáisiún Uí Chonghaile, ar an droichead gránna thar an Life, mar scrogall don chóras iomlán. Dhéanfadh an scéim seo ceangal idir píosaí éagsúla den ghréasán iarnróid agus chuirfeadh deiseanna ar fáil chun seirbhísí comaitéara a fheabhsú, ina measc an DART ó Stáisiún Heuston go dtí an t-aerfort agus go Droichead Átha, Cill Dara, Dún Búinne agus a leithéid. Nuair a tharlóidh sé seo, tabharfar cúis eile do dhaoine gan a ngluaisteáin a thabhairt isteach i gcathair phlódaithe.
Agus an féidir an t-aerfort a bhaint amach ar an traein? Smaoineamh radacach! Is é Baile Átha Cliath an t-aon phríomhchathair Eorpach (ach amháin Lucsamburg) gan a leithéid. B’fhéidir go dtiocfaidh sé sna blianta atá romhainn.
Bearna
Tá bearna i bplean Iarnród Éireann, áfach, darb ainm an Uaimh. Tá brúghrúpaí ag lorg seirbhíse paisinéara ón Uaimh go Baile Átha Cliath, agus is cinnte go dtógfadh an rian seo roinnt brú ón N3, ach an ndéanfar gealltanais fhothoghchán na Mí a chomhlíonadh i ndáiríre?
Ábhar mór eile plé é Conair Iarnróid an Iarthair, an rian ó Inis i gContae an Chláir, trí Chontae na Gaillimhe agus Clár Chlainne Mhuiris go Sligeach. Agus is cnámh spairne ceart é seo! Dar leis an eagraíocht atá ag lorg athoscailt an riain, West On Track, is áis an-luachmhar é agus, má osclaítear é, go dtiocfaidh forbairt gheilleagrach ina dhiaidh. Tá ag éirí go maith leis an tseirbhís idir Inis agus Luimneach, a tosaíodh i mí na Nollag 2003, agus idir an dá linn tá plean foilsithe ag comhlacht príobháideach chun rian gearr a thógáil le hAerfort na Sionainne a cheangal leis an líne seo idir Inis agus Luimneach.
De réir dealraimh tá “plean gnó” réasúnta forbartha leis an seanrian a oscailt idir Inis agus Gaillimh (agus b’fhéidir níos faide, go Tuaim) chun seirbhís comaitéara a chur ar fáil. Ach, cé go ndúirt an Taoiseach sa Dáil go bhfuil “airgead sa bhuiséad do Chonair Iarnróid an Iarthair” dúirt sé freisin - agus go cúramach - nach dtabharfar faoin tionscadal iomlán ar dtús, ach go ndéanfar an fhorbairt céim ar chéim, ag brath ar chúinsí geilleagracha. Mar sin, is beag seans go mbeidh seirbhís ar fáil ó Thuaim nó Clár Chlainne Mhuiris go Sligeach go luath, agus is dócha go gcuirfidh Plean Infheistíochta an rialtais an scéim seo ar an méar fhada (ar a laghad). Beidh míshásamh i Maigh Eo má chuireann.
Seo na scéimeanna móra a bheidh sna ceannlínte nuachta sna seachtainí atá romhainn. Ach tá neart tionscadal níos lú freisin nach dteastaíonn rianta nua uathu agus a d’fhéadfadh iompar poiblí áitiúil a fheabhsú go mór. Tá an rian ó Bhaile Uí Bhróithe tríd an Aonach go Cathair Luimnigh ar cheann acu. Tá oiread de dhroch-chaoi air seo, áfach, go bhfuil teorainn luais 25 míle san uair ar roinnt de. Ach ba luachmhar an ceangal a bheadh ann do Thiobraid Árainn thuaidh, do chomaitéirí Luimnigh, agus do na mic léinn in Ollscoil Luimnigh atá in aice leis an rian.
Mar an gcéanna, d’fhéadfaí an rian ó Luimneach trí Chluain Meala go Port Láirge, nó an gabhalrian go Béal an Átha i Maigh Eo, a úsáid ar dhóigh níb fhearr dá dtuigfeadh Iarnród Éireann - nó chun an fhírinne a rá, dá dtuigfeadh a máistrí sa rialtas – go bhfuil buntáistí móra ag baint le daoine a mhealladh i dtreo na dtraenacha in ionad iad bheith ag tiomáint gach áit. Tá forbairt bheag déanta cheana féin: cuireadh in iúl anuraidh go dtosnófar seirbhís nua ó Chathair Chorcaí go Mainistir na Corann in 2007.
Céad bliain ó shin, cé go raibh neart rianta iarnróid in Éirinn, bhí a bhformhór ag cailleadh airgid toisc go mbíodh na traenacha leathfholamh. Ach ní gá gur mar sin a bheadh cúrsaí. Más amhlaidh go bhfuil go leor paisinéirí (nó lasta) ann, déanann rianta ciallmhara iarnróid sochar mór don chomhshaol, do luach na dtithe in aice le stáisiún (féach ar an méadú atá tagtha ar luach na dtithe in aice leis an Luas le déanaí), agus, chun an fhírinne a rá, do gach éinne ach amháin lucht forbartha na ndolabhóithre.
Le cuidiú Dé, feicfidh an rialtas ina Phlean Infheistíochta cá háit ar cheart an bhéim a chur.
Is comhairleoir é Padraig Mac Éamoinn atá ag obair i dtionscal eitlíochta na Breataine.