AR NA SAOLTA SEO
Athbhreithniú ar imeachtaí na stailce ocrais i leabhar conspóideach O’Rawe
Breandán Delap Breandán Delap Breandán Delap

Tá léamh le fáil ar imeachtaí le linn na stailce ocrais i 1981 i leabhar nua nach bhfuil go leor de na poblachtánaigh róshásta faoi, mar a mhíníonn Breandán Delap.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Ted Kennedy - ní raibh sé sásta castáil le Gerry Adams aimsir na Cásca
Íomhá
Príosún Maze, nó an Cheis Fhada mar a tugadh air go coitianta

Cé gur chlis go tubaisteach ar stailc ocrais na bliana 1981, ní teip gan toradh a bhí ann mar gur chlis fosta ar iarrachtaí Mhargaret Thatcher an ghluaiseacht phoblachtánach a cheangal le coiriúlacht. Sin ceann de na tátail atá le baint ó leabhar conspóideach Richard O’Rawe, Blanketmen, a foilsíodh le déanaí.

Baineadh stádas polaitiúil ó aon phríosúnach paramíleatach a cúisíodh i ndiaidh Márta na bliana 1976 agus bhíodh “a crime is a crime is a crime” mar mhantra síoraí ag Príomhaire na Breataine. Ach chuir íobairt na stailceoirí ocrais beatha sa phobal náisiúnach ar an dá thaobh den teorainn. Ba léir nach raibh toghlaigh Fhear Manach/Deisceart Thír Eoghain, Cabhán/Muineacháin nó Contae Lú ar aon intinn le tuairim Thatcher gur ghnáthchoirpigh a bhí sna príosúnaigh phoblachtánacha nuair a thogh siad Bobby Sands, Kieran Doherty agus Paddy Agnew fá seach. Seans go raibh muid débhríoch go maith faoin fhoiréigean ach ba é an tuairim choitianta i measc náisiúnaithe na tíre ná nach raibh i gcimí na Ceise Fada ach íospartaigh a bhí san áit chiotach ag an am chiotach. Ní bheidís i gcarcair ach go b’é go raibh siad ina gcónaí i bpáirt den tír ina raibh cearta á séanadh ar an phobal náisiúnach.

24 bliain níos deireanaí tá éirithe leis na Sealadaigh an rud a bhaint amach nár éirigh le Thatcher a bhaint amach – an ghluaiseacht phoblachtánach a cheangal leis an choiriúlacht. Thosaigh sé roimh an Nollaig le goid £26m ón Northern Bank ach ba mheasa i bhfad marú brúidiúil Robert McCartney mar gur ghoill sé go mór ar a bpobal féin. Ó thús na dtrioblóidí, tá macasamhail Mhichael McDowell á gcáineadh go géar ach is beag an seasamh a bhí ag a leithéid i measc an phobail phoblachtánach. Is mó i bhfad an éifeacht atá ag an seisear ban atá ar a gcamchuairt timpeall na cruinne ag nochtadh rúin faoi imeachtaí coiriúla an “rafia” agus faoin chultúr imeaglaithe i bpobail náisiúnacha ó thuaidh a chinntíonn nach sárofar an *omerta *riamh. Ba gheall le dearbhú ar líomhaintí na mban é tairiscint an IRA dúnmharfóirí Robert a scaoileadh.

Tá níos mó damáiste ó thaobh caidrimh phoiblí de déanta ag dúnmharú McCartney ná mar a rinne bolscaireacht na Sasanach agus na n-aontachtaithe le tríocha bliain anuas. Ba ghnách le leithéidí Ted Kennedy agus Peter King an chluas bhodhar a thabhairt do chlamhsáin na Breataine ach ba bhuille mór don ghluaiseacht phoblachtánach é a gcinneadh gan castáil le Gerry Adams aimsir na Féile Pádraig i mbliana. Bhíodh dearcadh rómánsúil, soineanta fiú, ag King i leith na gluaiseachta ach níor chuir sé fiacail ann an iarraidh seo nuair a d’éiligh sé go neamhbhalbh go scorfaí an IRA. Is beag rómánsaíocht, is cosúil, a bhaineann le fear a shá ó bhaitheas go bonn taobh amuigh de theach leanna i mBéal Feirste.

Tá dhá léamh ar na heachtraí coiriúlachta seo. Ar an chéad dul síos, cuirtear an milleán ar fad ar na ceannairí polaitiúla - Gerry Adams, Martin McGuinness agus Gerry Kelly ach go háirithe - siocair gurb iad a chothaigh na fir chrua mar gur fhóir sé dóibh go mbeadh a leithéid ag déanamh póilíneachta ar na ceantair náisiúnacha. Rinne siad imeaglú ar na heasaontóirí agus chinntigh siad nach ndéanfaí forálacha Chomhaontú Aoine an Chéasta a shárú. Ach is léamh simplí é seo ar an scéal.

Léargas iad na heachtraí seo fosta ar a dheacra is atá sé an ghluaiseacht phoblachtánach a athrú ó ghluaiseacht fhoréigeanach go gluaiseacht Pharlaiminteach. Tá aistear fada siúlta ag lucht ceannasaíochta Shinn Féin agus bheadh sé mí-réadúil bheith ag ceapadh nach mbeadh cúpla cor gan choinne ar an bhóthar sin.

Cur síos beacht

Ní inniu ná inné ar ndóigh a thosaigh imeachtaí coiriúla na gluaiseachta poblachtánaí. Go deimhin, tá cur síos beacht go maith déanta ag Richard O’Rawe air seo i dtús a leabhair. Scaoil na Sealadaigh O’Rawe agus cúpla compánach dá chuid nuair a ghoid siad airgead ó theach leanna i mBaile Uí Mhurchú. Ghlac an t-údar lena phionós agus bhí sé buíoch díobh gur cuireadh ar cairde é go ceann seachtaine i ndiaidh a bhainise. Tamall gairid ina dhiaidh sin, bhí sé ar ais sna Sealadaigh agus é ag robáil banc an iarraidh seo - gníomh eile atá píosa fada ón dearcadh románsúil ar chomhrac na saoirse. Bhí an choiriúlacht de dhlúth agus d’inneach sna Trioblóidí ariamh anall.

Díol spéise sa chomhthéacs seo ab ea ráiteas Cásca an IRA go bhfuil Rialtas na hÉireann agus na Breataine ag iarraidh coirpigh a dhéanamh díobh. Sin é cnámh lom na fírinne, ach más ea, tá an IRA féin ag tabhairt lámh chúnta dóibh. Tá polaiteoirí an deiscirt ag baint na sála dóibh féin ag iarraidh sochar a bhaint as deacrachtaí Shinn Féin. Bhí an Taoiseach giota beag róghasta ag síneadh a mhéire i dtreo na bparamíleatach maidir le robáil €2m ó veain Securicor i Ráth Éanna ar na mallaibh. Tá an oiread flosca chun cáinte air gur mór an t-iontas nár chuir sé an milleán ar Shinn Féin as teip fhoirne na hÉireann i gCaerdydd agus i dTel Aviv. Ach murab ionann is iarrachtaí Thatcher aimsir na stailce ocrais, chaithfeá a rá go bhfuil ag éirí leis na hiarrachtaí míchlú a tharraingt ar phoblachtánaigh an iarraidh seo.

Ní nach ionadh mar sin gur fáilte dhoicheallach a cuireadh roimh leabhar O’Rawe i bhfianaise na drochpoiblíochta ar fad atá faighte ag an ghluaiseacht le cúpla mí anuas. Rinne an t-iarstailceoir ocrais Laurence McKeown agus an t-iarchime Danny Morrison géarcháineadh ar an údar ina gcolúin i Daily Ireland. Níl aon ghlacadh le guth an easaontóra, is cosúil, sa ghluaiseacht phoblachtánach!

Is é an pointe is mó atá ag tarraingt airde ar an leabhar ná go raibh ceannasaithe na bpríosunach sa Cheis Fhada toilteanach glacadh le plean comhréitigh a bhí á thairiscint ag gníomhaire de chuid Rialtas na Breataine (“an dreapadóir sléibhe” mar a tugadh air) ach gur dhiúltaigh an Ard-Chomhairle taobh amuigh den phríosún glacadh leis an tairiscint. Cailleadh seisear stailceoirí ocrais sa tréimhse idir diúltú na tairisceana agus an uair a cuireadh deireadh leis an agóid ar choinníollacha nach raibh leath chomh flaithiúil leis an méid a bhí ar fáil ón “dreapadóir sléibhe”.

Ba é an léamh a bhí ag O’Rawe air seo ná gur thábhachtaí i bhfad do cheannasaithe na gluaiseachta go dtoghfaí Owen Carron san fhothoghchán i bhFear Manach/Deisceart Thír Eoghain ná beatha na stailceoirí ocrais. Líomhaint thar a bheith tromchúiseach é seo atá ag teacht salach ar an léamh traidisiúnta ar an stailc ocrais, is é sin go raibh na ceannairí lasmuigh ag tathant ar na príosúnaigh éirí as an agóid.

Thiocfadh leat a rá gurb é an stailc ocrais a bhí mar thúsphointe leis an bhorradh polaitiúil a tháinig faoi Shinn Féin le scór bliain anuas. Ach níl dóigh ar bith go bhféadfaí é sin a thuar ag an am sin. Níor mhór a chuimhneamh fosta gur cuireadh stop leis an chéad stailc ocrais leathbhliain roimhe sin tráth go raibh geallúintí gan bhunús á dtairiscint. Thuigfeá cad tuige go mbeadh drogall ar an cheannasaíocht glacadh lena mhacasamhail de shocrú arís.

Dúshlán

Ach ainneoin na bolscaireachta ina choinne, tá neart ábhair machnaimh in Blanketmen. Ní haon áibhéil a rá ach gur dúshlán atá sa leabhar do cheannasaíocht Gerry Adams. Dalta na McCartneys, is tábhachtaí i bhfad na líomhaintí seo siocair go n-eascraíonn siad óna bpobal féin, cé nach bhfuil an seasamh céanna ag O’Rawe i measc an phobail sin, ná baol air. Ionadaí é O’Rawe, agus easaontóirí eile ar nós Brendan Hughes, Anthony McIntyre agus Tommy McKearney, dóibh siúd a chaith blianta fada i gcarcair ar mhaithe le haisling nár baineadh amach. Bhí simplíocht ag baint lena gcuspóirí go pointe, mar is léir ó na díospóireachtaí a tharla sa phríosún agus a ndéantar cur síos orthu sa leabhar. Chan amháin go raibh siad ag troid ar son Éire Aontaithe ach bhí Poblacht Shóisialach mar aidhm acu fosta.

Bhí leithéidí McKearney ag moladh go fiú go mbunófaí deachtóireacht phrólatáireach agus go ndéanfaí na feirmeacha a chomhshealbhú. Ní raibh seans faoin spéir acu na haidhmeanna uaillmhianacha seo a bhaint amach ach lean siad orthu ag dul i ngleic le samhailtí. Cionn is gur saighdiúirí in arm a bhí iontu níor cheistigh siad ariamh an treoir a thug an cheannasaíocht dóibh. Níl na laincisí sin orthu a thuilleadh, áfach, agus tá ceisteanna á n-ardú go flúirseach acu anois. Cuimhnigh gur dream iad seo nach bhfuair buntáiste ar bith as díbhinn na síochána. B’fhalsa an staraí a thabharfadh neamhaird ar a leagan athbhreithnithe siúd d’imeachtaí na tréimhse brónaí sin.

Lárnach san athbhreithniú seo tá teachtaireacht a sheol ceannasaí na bpríosúnach, Bik McFarlane, chuig Gerry Adams ar an 25 Iúil 1981. Sa teachtaireacht seo dúradh go raibh teaghlach Kevin Lynch ar tí a fhógairt go poiblí gur cheart éirigh as an agóid. Bhí ar a laghad triúr stailceoirí ocrais eile a bhí go mór in amhras faoin straitéis a bhí á leanstan acu. Mar bharr ar an donas, tugtar le fios go raibh ar a laghad beirt sásta bás a fháil in onóir iad siúd a bhásaigh rompu, cé go raibh a fhios go maith acu nach raibh seans faoin spéir go mbainfidís na cúig éileamh a bhí á lorg acu amach.

Gníomh cróga a bhí i stailc ocrais na bliana 1981. Is cuma cé acu i bhfábhar nó i gcoinne na hagóide a bhí daoine, níl aon dabht ach gur fhág íobairt an deichniúir a bhásaigh a lorg ar an phobal náisiúnach ó cheann ceann na tíre. Is masla é dúnmharú Robert McCartney do chuimhne na marbh.

Is clár-eagarthóir le Nuacht TG4 é Breandán Delap. Tá cónaí air sa Spidéal.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.