Tá tuismitheoirí i dtíortha éagsúla beag beann ar an fhianaise a léiríonn go ndéanann gutháin phóca dochar do pháistí óga. Tuairisc ó Mary Beth Taylor.
Ní bhainim féin an oiread sin taitnimh as bheith ag labhairt ar an ghuthán. Cuireann an dearcadh seo gur *gá *duit labhairt, go gcaithfidh sé go bhfuil rud *éigin *le rá agat strus orm. Ní hionann é agus bheith ag caint le duine atá san áit chéanna leat – tá sé ceart go leor ciúnas bheith ann idir cairde. Ach níl ar an ghuthán. Tá sé ar nós cluiche leadóige – is gá go mbeadh dreasanna maithe agat chun gur fiú bheith ag imirt ar chor ar bith.
Ach mura dtaitníonn sé liom bheith ag labhairt ar an ghuthán anois, bhí mé ní ba mheasa fós nuair a bhí mé óg. Is cuimhin liom cairde bheith ag glaoch orm agus mé seacht nó ocht de bhlianta. Seo an cineál comhrá a bhíodh againn:
“Hi. Seo Courtney.”
“Hi!”
“Cad é atá tú a dhéanamh?”
“Ó, dadaí.”
“Ó.”
“Cad é atá tusa a dhéanamh?”
“Dadaí.”
“Ó.”
(ciúnas fada)
“Cad é a bheas agat don dinnéar?”
“Um, níl a fhios agam. Cuirfidh mé ceist ar mo mháthair.”
(ciúnas fada eile)
“Tá muidne chun brocairí teo bheith againn.”
“Ó.”
“Cad é a bheas agaibhse?”
“Spaigití.”
Agus mar sin de. Nuair a thiteadh an tóin as an chomhrá ar fad d’fhéadfá i gcónaí triail a bhaint as seanchleas éigin, mar shampla tusa fuaimeanna aisteacha a dhéanamh isteach sa ghuthán agus do chara tomhas cad a bhí á dhéanamh agat. D’fhéadfadh a leithéidí sin leanúint ar aghaidh ar feadh tamaill ach faoiseamh mór a bheadh ann sa deireadh nuair a ghlaoití chuig an dinnéar ort nó nuair a d’aimsíteá leithscéal sásúil eile le deireadh a chur leis an chomhrá.
B’fhéidir go raibh forbairt mhoillithe i gceist i mo chás féin agus i gcás mo chairde – sin nó tá níos mó le plé ag dream óg an lae inniu, mar léiríonn suirbhé a foilsíodh le gairid i Sasana go bhfuil guthán póca ag 24% de pháistí seacht agus ocht mbliana, agus ag 13% den dream atá cúig agus sé bliana.
Tá úsáid guthán póca i measc na bpáistí is óige tar éis an imní is mó a chur ar dhaoine, go háirithe ó d’fhoilsigh an Bord Náisiúnta um Chosaint Raideolaíoch (NRPB) foláireamh ag rá nár cheart do pháistí faoi ocht mbliana guthán póca a úsáid. De bhrí go bhfuil an blaosc i gcloigne páistí óga níos tanaí agus nach bhfuil a n-inchinn forbartha i gceart go fóill, d’fhéadfadh an radaíocht leictreamaighnéadach a thagann as gutháin phóca dochar a dhéanamh dóibh, a dúirt an tOllamh Sir William Stewart, cathaoirleach an NRPB.
Tá eolaithe in Institiúid um Thaighde Néardhiagnóiseach na Spáinne tar éis teacht ar an tátal chéanna – tá an taighde atá déanta acu tar éis a léiriú gur féidir le glaoch teileafóin nach maireann ach dhá nóiméad an ghníomhaíocht leictreach in inchinn an pháiste a athrú go ceann uair an chloig tar éis an ghlao. Tá na tátail seo tar éis eagla a spreagadh i measc dochtúirí go bhféadfadh an cur isteach seo ar ghníomhú na hinchinne fadhbanna síciatracha agus iompair a chothú agus dochar a dhéanamh do chumas foghlamtha.
Tá daoine áirithe tar éis gníomhú go tapa ó foilsíodh an fhianaise shuaitheach seo – mar shampla, dúirt David Hart, Rúnaí Ginearálta Chumann Náisiúnta Phríomhoidí na Ríochta Aontaithe gur cheart cosc iomlán a chur ar ghutháin phóca i scoileanna tar éis fholáireamh an Ollaimh Stewart.
Easpa fianaise
Bhí na comhlachtaí guthán póca le ceangal. Mháigh siad gur chuir tuarascáil an NRPB scaoll ar an phobal ach nach raibh fianaise nua ar bith le fáil inti.
Ach dar le ChildWise, gníomhaireacht taighde margaidh a dhíríonn ar dhaoine óga, ní gá do na comhlachtaí guthán póca bheith róbhuartha – in ainneoin na fianaise go léir go bhfuil na gutháin díobhálach, tá líon mór tuismitheoirí ag tabhairt neamhairde ar na foláirimh. Léirigh suirbhé a rinne ChildWise i measc 1,200 dalta go raibh guthán póca ag 58% de pháistí naoi agus deich mbliana, ag 89% de pháistí atá aon bhliain déag agus dhá bhliain déag, ag 93% den dream atá 13 agus 14, agus ag 95% de dhéagóirí atá 15 nó 16.
Cé go bhfuil guthán póca ag líon níos lú Meiriceánach – léiríonn Suirbhé Domhanda Teicneolaíochta an NOP in 2005 go bhfuil ceann ag 40% de pháistí idir dhá bhliain déag agus ceithre bliana déag agus ag 75% den dream atá idir 15 agus 17 – tá méadú mór ag teacht ar an mhéid daoine a bhfuil guthán acu, go háirithe i measc an aosa óig. Tá comhlacht amháin Meiriceánach, Firefly Mobile, ag díriú ar mhargadh na bpáistí nach bhfuil sna déaga go fóill, agus tá sé beartaithe acu guthán póca a chur ar an mhargadh a dearadh go speisialta do pháistí níos óige.
Tá guthán Firefly, a rinne athair in Illinois a dhearadh, níos lú na gutháin phóca eile, agus dá bhrí sin tá sé níos fusa ag páiste é a láimhseáil. Tá na cnaipí atá air níos simplí (tá dhá cheann i gceist chun “Mom” nó “Dad a mheardhiailiú), agus tugann sé níos mó smachta do na tuismitheoirí de bhrí go bhfuil rochtain cosanta ag pasfhocal i gceist chun na huimhreacha a chlárú ar féidir glaoch orthu nó glaonna a fháil uathu.
Faoiseamh mór
Luann an chuid is mó de na tuismitheoirí cúrsaí sábháilteachta nuair a iarrtar orthu a mhíniú cén fáth a bhfuil siad ag ceannach guthán dá páistí; deir siad gur faoiseamh mór é bheith ábalta teagmháil a dhéanamh lena bpáistí ag am ar bith, go háirithe i gcás éigeandála.
Ach easaontaíonn lucht cáinte na nguthán póca, daoine mar an síciteiripeoir Rozie Friedman, leis an mheon seo, agus deir siad go bhfuil sé mar chuid de “Chultúr an Fhaitís” atá tagtha chun cinn ar fud na Stát Aontaithe ó tharla ionsaithe 11 Meán Fómhair.
“Tá tionscal na nguthán póca go maith ag mealladh daoine,” a deir Friedman. “Thosaigh sé le tuismitheoirí ag imeacht chun scaoill mar gheall ar shábháilteacht a bpáistí, agus chuaigh seo i bhfeidhm ar na páistí ansin. Braitheann siad gur gá dóibh bheith in ann glaoch am ar bith, áit ar bith.”
Cinnte, tá sé furasta a thuiscint cén fáth a mbeadh tuismitheoirí ag iarraidh fios a bheith acu cá bhfuil a bpáistí. Ach cén costas atá i gceist? Nach cineál d’ocsamórón é sláinte do pháiste a chur i mbaol ar mhaithe le sábháilteacht? Agus, nuair a smaoiníonn tú air, bhí tuismitheoirí breá ábalta súil a choinneáil ar a bpáistí i bhfad sular tháinig gutháin phóca ar an saol.
Tá an domhan amuigh ansin lán contúirtí, gan amhras. Ach ná déan dearmad go bhfuil na comhlachtaí gutháin neamhscrupallacha mar chuid den fhadhb – tá siad ag cothú eagla i measc tuismitheoirí agus ag tabhairt neamhairde ar an dainséar a bhaineann leis na gutháin. Ní mór ceist a chur cén taobh a bhfuil siad air i ndáiríre.
Is as Georgia ó dhúchas í Mary Beth Taylor. Fuair sí a gcuid oideachais in Ollscoil Georgia agus Ollscoil Oxford. Tá céim BA aici sa Bhéarla agus i Staidéar na mBan, agus tá sí díreach tar éis iarchéim a bhaint amach sa Bhéarla sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Is de bhunadh Éireannach í.