CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Mearbhall agus fimínteacht na gCríostaithe coimeádacha

Tá go leor de na Chríostaithe coimeádacha sna Stáit Aontaithe a bhí ag iarraidh go leanfaí ar aghaidh ag cothú Terri Schiavo, seachas deireadh a chur lena beatha, sásta tacú le polasaithe a rialtais san Iaráic atá tar éis na scórtha míle a fhágáil marbh.

Íomhá
Íomhá

Sa tréimhse roimh agus i ndiaidh bhás Terri Schiavo in Florida seans gur rith sé le go leor daoine go bhfuil tuiscint an-aisteach ar fad ag Críostaithe Poblachtánacha sna Stáit Aontaithe ar an choincheap sin “an ceart chun marthana”.

Ba bhúilimeach í Schiavo a fuair taom croí i 1990. Rinneadh dámaiste an-mhór dá hinchinn (scriosadh leath di) agus chaith Schiavo an cúig bliana déag ina dhiaidh sin ina luí i saghas cóma, nó *persistive vegetative state *(PVS) mar a thugtar air go coitianta.

Thug Michael Schiavo, fear céile Terri agus a caomhnóir dlíthiúil, cead do na dochtúirí córacha leighis de chineálacha éagsúla a thriail, agus chuaigh sé ar ais chun na hollscoile le staidéar a dhéanamh ar an altracht sa dóigh is go bhféadfadh sé aire níos fearr a thabhairt di. Nuair a bhraith sé, áfach, go raibh an t-am tagtha nach bhféadfaí níos mó a dhéanamh di, agus nuair a chonaic sé nach raibh feabhas ar bith i ndán di, mheas sé go mbeadh sé ní ba dhaonnachtúla ligean di bás a fháil.

Bhí cuid tuismitheoirí Terri Schiavo den tuairim, áfach, gur cheart í a choinneáil beo is cuma cén riocht ina mbeadh sí, agus ghéaraigh ar an achrann eatarthu.

Tá sé furasta bheith báúil leis an dá thaobh den argóint. Ach chuir sé olc ar go leor daoine Críostaithe coimeádacha agus Poblachtánaigh áirithe a fheiceáil ag teacht i dtír ar an chonspóid seo, iad i mbun bigile agus agóidí os comhair na hospíse ina raibh Schiavo. Bhagair cuid acu bás, fiú, ar Michael Schiavo agus ar an Bhreitheamh Greer, an fear a rialaigh gur cheart éirí as Terri Schiavo a chothú le feadán cothaithe. Gabhadh beirt go dtí seo: fear as North Carolina a bhfuil sé curtha ina leith go raibh sé ag tairiscint $250,000 do dhuine ar bith a mharódh Michael Schiavo; agus fear as Illinois a ghoid gunna as siopa gunnaí in Florida agus é ar intinn aige “teacht i dtarrtháil ar Terri Schiavo”. Tá strainséirí tar éis bagairt ar bhean chéile duine de dheartháireacha Michael Schiavo chomh maith; dúirt fear amháin léi: “Má fhaigheann Terri bás, tiocfaidh mise ar ais agus scaoilfeadh mé tú féin agus do theaghlach.”

Níl ciall ná réasún leis an iompar seo. Cén dóigh ar féidir leat agóid a dhéanamh i gcoinne bhás fóirthe mná a bhfuil damáiste do-aisiompaithe déanta dá hinchinn trí dhuine eile a dhúnmharú? Agus muid ag trácht ar na cúrsaí seo, cén chaoi ar féidir leat troid “ar son na beatha” trí dhochtúirí i gclinicí ginmhillte a dhúnmharú le díoltas a bhaint amach orthu as ginte a fhoirceanadh.

Agus, má tá na Críostaithe coimeádacha seo chomh meáite sin ar an bheatha a chosaint, ar chostas ar bith, cén fáth mar sin a bhfuil an tromlach acu i bhfábhar cearta úinéireachta gunnaí? Agus, má tá an bheatha dhaonna chomh luachmhar sin, cén fáth a bhfuil lucht leanúna Bush – a rinne iarracht chomh mór sin Terri Schiavo a choinneáil beo – tar éis tacú le cogadh agus le hionradh inar maraíodh na mílte Iarácach neamhchiontach?

Léiríonn seasamh seo na gCríostaithe coimeádacha i Meiriceá an mearbhall atá ar chuid acu maidir le ceisteanna a bhaineann leis an cheart chun marthana agus an fhimínteacht a bhaineann le cuid eile acu.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.