Déanann Liz Curtis cur síos an mhí seo ar Lucca, an áit san Iodáil ar fhreastail sí ar chúrsa teanga.
](..\2005-01\lizseal.asp) Cuid 1 le fáil anseo ](..\2005-02\lizseal.asp) Cuid 2 le fáil anseo ](..\2005-03\liz_seal.asp) Cuid 3 le fáil anseo
Mo chéad mhaidin i Lucca, chonaic mé an radharc iontach ó árasán m’óstaigh, Francesca. Bhí cloigtheach San Frediano in aice láimhe agus sléibhte gorma le feiceáil uaim. Bhí an spéir breá geal, ach ní raibh sé te – bheadh cóta de dhíth taobh amuigh agus geansaí agus tú taobh istigh. Cé go raibh aimsir mhaith ann an chuid is mó den am, bhí roinnt stoirmeacha fearthainne an-troma ann freisin.
Ní raibh an scoil teanga, Centro Koinè, ach cúig bhomaite siúil trí shráideanna cúnga a raibh seantithe an-arda ar gach taobh díobh. Thaitin sé liom ar maidin amharc ar na daoine ar a gcuid rothar - ní fhaca mé riamh roimhe daoine ag marcaíocht ar rothar ar dhóigh chomh cuanna sin. Bhí mná dea-ghléasta ag rothaíocht leo, mar aon le seandaoine, agus daoine agus páiste ar cúl acu nó madadh i gciseán chun tosaigh. Nuair a chuireadh sé fearthainn, thógaidís a scáthanna báistí agus leanaidís ar aghaidh leo mar sin, gan guagadh ar bith.
Bhí an scoil suas staighre cloiche measartha fada – níl Lucca fóirsteanach do dhaoine a bhfuil fadhbanna aistritheachta acu mar go bhfuil líon mór seanfhoirgneamh ard gan ardaitheoir ann. Tá urlár amháin i seilbh na scoile. Tá fáiltiú sa lár, ansin seomraí ranga agus cistin bhreá nua do ranganna cócaireachta.
De bhrí gur an geimhreadh a bhí ann, ní raibh ach trí rang ar siúl, agus b’fhéidir fiche foghlaimeoir san iomlán ag freastal orthu. Bhí cuid mhaith acu ina gcónaí san Iodáil, nó ag caitheamh tréimhse fhada ansin. Bhí daoine ann as roinnt tíortha, an Ollainn, an Ghearmáin, an Iorua, Éirinn, Sasana, na Stáit Aontaithe agus Ceanada san áireamh. Bhí siad uilig an-chairdiúil agus suimiúil. Déarfainn go raibh an chuid is mó acu idir thart fá thríocha agus seasca bliain d’aois.
Bhí mise i rang a dó, agus ní raibh ach ceathrar againn ann. Bhí muinteoir breá beoga againn darbh ainm Isabella. Bean rúndaingean a bhí inti agus choinnigh sí faoi smacht muid. Béarlóirí uilig a bhí ionainn, ach ní raibh focal amháin Béarla le cluinstin sa rang. Rinne muid a lán oibre i bpéirí, agus d’athraigh muid go páirtí nua go minic, mar sin fuair muid a lán deiseanna cainte.
Thaitin ainmhithe le hIsabella. Bhí madadh mór aici darbh ainm Puccio, a thagadh isteach ag am lóin á cuartú. Dúirt Isabella go dtugadh sí bia gach lá do roinnt mhaith cat sa bhaile, a raibh cónaí orthu amuigh faoin spéir. Tá scata mór cat mar sin i Lucca, agus coinníonn comhairle na cathrach súil orthu.
Dúirt Isabella linn: “Nuair a fheiceann duine go bhfuil piscíní nua ann, cuireann sé nó sí scairt ar an chomhairle agus tugtar isteach iad chun iad a ghearradh.”
Crith talún
Bhí stailc ghinearálta ar siúl agus mé i Lucca – ní rud neamhchoitianta é sin san Iodáil – agus bhí crith talún ann freisin, a mhothaigh mé i lár na hoíche. Ní raibh contúirt ar bith ann mar go raibh an t-eipealár i bhfad uainn, sna sléibhte ó thuaidh. Phléigh muid na rudaí seo sa rang, cé nach raibh ach beagán Iodáilise againn.
Bhain muid sult as rudaí níos éadroime a phlé fosta. Fuair muid amach, mar shampla, go bhfuil nós ag mórán Iodálach, agus iad ag taisteal go tíortha eile, inneall caife a thógail leo ina mála. Sa dóigh sin, is féidir leo fíorchupán caife a fháil, rud atá riachtanach le hiad a mhuscailt ar maidin.
Arsa Isabella: “I seomra óstáin, is féidir iarann a chur bunoscionn agus an t-inneall caife a chur air leis an chaife a théamh.”
Chuir sé sin iontas orainn! Ach is cinnte go ndéanann na hIodálaigh caife den scoth. Bhain muid an-sult achan lá as dul amach ag am sosa go dtí caife beag ag an choirnéal, ar le teaghlach an-chairdiúil é, agus *cappuccino *a fháil agus ciste beag milis leis. (Dála an scéil, sin rud eile a dhéanann na hIodálaigh go han-chuanna – is féidir leo ciste milis a ithe agus é a choinneáil taobh istigh de naipcín páipéir an t-am ar fad. Tá sé sin le foghlaim agam féin go fóill!)
Tá an Centro Koiné an-chóngarach do roinnt áiteanna clúiteacha suimiúla, Túr Guinigi, Piazza Anfiteatro, agus Séipéal San Frediano ina measc.
Tá Túr Guinigi ina shiombail de chuid Lucca. Is túr ard cearnógach dearg é, agus daracha ag fás ar a bharr. Radharc aisteach atá ann! Sa mheánaois, bhí an-rath ar Lucca mar gheall ar bhaincéaracht agus déantús síoda agus thóg ceannaithe saibhre túir mar seo.
Is áit álainn é Piazza Anfiteatro. Piazza *é atá go hiomlán cruinn. Tá spás mór ina lár agus tithe arda bána agus buí tógtha thart air. An fáth go bhfuil sé cruinn ná gur tógadh ar shuíomh an aimfitéatair Rómhánaigh é, a bhí díreach taobh amuigh de bhallaí na cathrach ag an am. Anois, tá siopaí beaga ceirde agus caifí thart ar an *piazza, agus bíonn páistí ag súgradh ina lár.
Naomh Éireannach
Níl Piazza Anfiteatro i bhfad ó Shéipéal San Frediano. Foirgneamh galánta dea-mhaisithe atá ann, agus tá scéalta an-suimiúla bainteach leis. Ba naomh Éireannach é San Frediano, a dtugtar Frigidian nó Finnian air fosta. Ceapadh é ina easpag ar Lucca sa bhliain 560 agus fuair sé bás i 588.
Tá clú agus cáil ar Shan Frediano mar deirtear gur shábháil sé an chathair le míorúilt. Tá Lucca suite ar mhá fhliuch – tagann a ainm ón fhocal Ceilteach luk, a chiallaíonn corcach. Nuair a bhí tuilte móra ag bagairt ar an chathair, thóg an t-easpag a ráca agus d’athraigh sé cúrsa na habhann. Tá freascó den eachtra sin le feiceáil taobh istigh den séipéal. Tógadh an séipéal atá ann anois sa dara haois déag agus tá San Frediano curtha faoin phríomhaltóir.
Tá beirt naomh suimiúil eile curtha sa séipéal céanna. Tá Naomh Richard as Sasana ann, taobh istigh de sharcófagas Rómhánach, a fuair bás anseo ar a bhealach go dtí an Róimh mar oilithreach sa bhliain 722. Agus tá Naomh Zita ann, a dtugtar an-urraim di sa chathair.
Fuair Zita bás sa bhliain 1278, agus tá a corp ann go fóill, taobh istigh de chónra ghloine. Duine beag bídeach atá inti, gléasta i ngúna turcaidghorm agus seál déanta as lása bán agus bláthanna bándearga fabraice air. Tá a haghaidh, a lámha agus a cosa liath.
Is í Zita naomh na mbláthanna agus na carthanachta. De réir an scéil a insítear, ba sheirbhíseach i dteaghlach saibhir í, agus ghoid sí bia le tabhairt do na daoine bochta. Lá amháin, nuair a tháinig sí amach as an teach agus a naprún lán de bhia, tugadh a dúshlán. Nuair a d’oscail sí a naprún, ní raibh bia ar bith le feiceáil – bhí sé lán bláthanna.
Nótaí:
Tá brú óige iontach in aice le Séipéal San Frediano: Ostello S. Frediano, Via della Cavallerizza, 12, Lucca. Teil: +39 0583 469957, faics: +39 0583 461007
Is féidir níos mó a léamh faoi scéal Lucca i leabhar breá dátheangach (Iodáilis agus Béarla) dar teideal History of Lucca / Storia di Lucca* le John Jones *(www.pacinifazzi.it)
](..\2005-05\liz_seal.asp)
Is scríbhneoir agus grianghrafadóir í Liz Curtis, a bhfuil cónaí uirthi i mBéal Feirste.