CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Athfhorbairt déanta ar Gaelport.com
David Leydon David Leydon David Leydon

Míníonn David Leydon cuid de na háiseanna atá le fáil ar Gaelport.com, suíomh gréasáin atá á fhorbairt ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, an eagraíocht a bhfuil sé ag obair di.

Tá an baol ann i gcónaí nach mbeidh an Ghaeilge, dála mionteangacha eile, in úsáid i ndóthain réimsí den saol. Mura mbíonn baint aici le teicneolaíocht na faisnéise, fágfaidh sin an teanga ar an imeall i réimse eile den saol; mar sin, caithfear a chinntiú go bhfásfaidh cultúr idirlín agus cultúr ríomhaireachta ina nglacfar leis an nGaeilge mar ghnáth-theanga úsáide.

Aithníonn Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge go bhfuil sé fíorthábhachtach go mbeadh an Ghaeilge i lár an mhargaidh maidir le cúrsaí idirlín agus, dá bhrí sin, tá an suíomh Gaelport.com á fhorbairt i gcónaí.

Tá Gaelport.com dírithe ar dhaoine a bhfuil an teanga ar a dtoil acu, a bhfuil spéis acu sa mhéid atá ag titim amach i saol na Gaeilge agus atá ag iarraidh an teanga a úsáid go laethúil.

Gach lá cuirtear suas na hailt a bhaineann leis an nGaeilge ó na nuachtáin náisiúnta (Irish Times, Irish Independent, Irish Examiner, Lá, Daily Ireland agus Foinse). Má tá spéis agat i scéalta móra na Gaeilge, ní gá duit ach breathnú ar Gaelport.com chun na tuairimí agus tuairiscí éagsúla a léamh.

Chomh maith leis sin, cuirtear amach nuachtlitir leictreonach gach coicís. Tá an-tóir ar an nuachtlitir chéanna - tá breis is 2,500 síntiúsóir i gceist cheana féin. Sa nuachtlitir, bíonn eolas ar phríomhscéalta na Gaeilge, imeachtaí sóisialta agus cultúrtha timpeall na tíre, folúntais phoist, leabhair nua atá ar an margadh agus go leor leor eile. Is féidir clárú don nuachtlitir ar Gaelport.com.

Tá cineálacha eile teicneolaíochta ar an suíomh chomh maith, mar shampla, Sruth SAS (Sindeacáitiú An-Simplí), nó *RSS Feed *as Béarla. Is bealach éasca é Sruth SAS chun an t-eolas is úire a fháil go huathoibríoch ó na suímh ghréasáin is fearr leat. Má tá Léitheoir SAS agat gheobhaidh tú foláireamh uaidh go bhfuil eolas nua curtha suas ar Gaelport.com - ní gá duit cuairt a thabhairt ar an suíomh, fiú.

ábhar tacaíochta ann do na heagraíochtaí Gaeilge ar mian leo suíomh gréasáin a chur le chéile. Tá eolas an-phraiticiúil ann faoi theicneolaíocht na faisnéise agus an Ghaeilge a úsáid le chéile san oifig.

Tá réimse leathan seirbhísí ann don phobal, mar shampla, foirmeacha stáit i nGaeilge ar líne, treoracha chun an Fáinne a cheannach, eolas faoin Acht Teanga agus an bealach a bhaineann sé leatsa, agus is féidir tuarascálacha agus taighde na Comhdhála a íoslódáil freisin.

I measc na n-áiseanna eile atá le fáil ar Gaelport.com, tá an tEolaire, ina bhfuil os cionn 400 suíomh gréasáin a bhaineann leis an nGaeilge. Tá Dialann ann freisin - má tá tú ag iarraidh do shaol sóisialta a eagrú, breathnaigh ar Gaelport.com. Seol teachtaireacht ríomhphoist chuig eolas@gaelport.com agus cuirfear suas eolas mar gheall ar d’imeacht ar an suíomh. Beimid ag cur leis an rannóg seo gach seachtain.

Tá dhá eagraíocht is fiche deonach Gaeilge mar bhalleagraíochtaí ag an gComhdháil agus tá micreashuíomh acu go léir ar Gaelport.com. Measaimid go gcabhróidh sé seo go mór leis na balleagraíochtaí nach bhfuil a suíomh gréasáin féin acu láithreacht a aimsiú ar líne.

Tabhair cuairt ar an Gaelport.com. Táimid cinnte go dtaitneoidh an suíomh leat agus go bhfillfidh tú arís agus arís eile air!

Tuilleadh eolais:

Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 (01) 679-4780

www.gaelport.com eolas@gaelport.com

*Tá David Leydon ag obair mar fheidhmeannach le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge. Bhain sé céim amach sa Ghaeilge roinnt blianta ó shin sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus rinne sé MSc le Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ina dhiaidh sin. *

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.