Anseo thíos, tá sliocht as leabhar nua Bhalor, Tá Níos Mó Seomra i mo Bholg, ina bhféachann sé le coincheapa casta de chuid ghramadach na Gaeilge a chur i láthair an léitheora.
“Tá mé dubh dóite, dóthanach, tinn tuirseach agus bréan den phoiblíocht uilig atá á fáil ag an leabhar sin nach fiú cros na cianóige é, Eats Shites and Leaves,” a mhaíonn Balor na Súile Nimhe, Laoch na Litríochta. “Níl substaint ná fiúntas sa leabhar agus, in ainneoin na poiblíochta ar fad atá faighte aige, níl tionchar ar bith aige ar chomharthaíocht ná ar fhógraíocht an Bhéarla. Tá CD’s *agus *DVD’s *fós ar díol (bíonn uaschamóga ar fáil saor in aisce leo) i *Dunnes Stores *(nach le Dunnes ar chor ar bith iad, de réir uireasa na huaschamóige). Níl feabhas ar bith ar chomhréir an Bhéarla ach oiread. Léigh mé an fógra seo i nuachtán clúiteach áitiúil Béarla ar na mallaibh, agus níl mé sásta a rá cén áit sa tír a mbaineann an nuachtán leis: “Good strong kitchen table wanted by Donegal man with thick wooden legs*.” Tá mo sháith ráite agam!”
Cé go bhfuil a sháith ráite ag Laoch na Litríochta níl a leordhóthain scríofa aige go fóill, nó tá sé chomh corraithe sin faoi thionchar an Bhéarla agus faoi thionchar dhul an Bhéarla ar theanga ársa na hÉireann go bhfuil sé ar tí leabhar gramadaí agus comhréire dá chuid féin a fhoilsiú. Tá Níos Mó Seomra i mo Bholg a bheas mar theideal ar an magnum opus *seo agus, mar is léir ón teideal, beidh tagairt nó dhó ann don ithe agus don ól mar is iondúil i rud ar bith a scríobhann Balor an Blaochán. Agus mar is iondúil i gcás scúpanna móra tá Balor sásta tús áite a thabhairt daoibhse, a léitheoirí mearbhlacha *Beo Ar Éigean, agus réamhspléachadh a thabhairt daoibh ar a bhfuil de ghaois agus de theagasc sa leabhar.
Triúr creatúr atá ar an ghannchuid ó thaobh mhaoin agus earraí an tsaoil seo de atá mar phríomhcharachtair ann. Agus, cé go bhfuil na seandiúlaigh seo ag dul anonn in aois, agus cé go bhfuil mearbhall na mblianta ag teacht orthu, tá a gcuid Gaeilge chomh glan agus chomh glinn agus chomh saor ó thionchar iasachta agus a bhí riamh. Baineann an chéad chaibidil leis na coincheapa isteach agus istigh, amach agus amuigh, suas *agus *thuas, síos agus thíos, agus mar sin de.
Éamó, Léamó agus Réamó atá ar an triúr gaiscíoch agus ag tús an leabhair tá siad ina suí sa chistin ag ól cupán tae. Ag cur mhórchúrsaí an tsaoil faoi chaibidil atá siad: cothromaíocht na cumhachta ar domhan, na huimhreacha Lotto, Meánscoil Feirste. Tosaíonn Léamó ag amharc thart agus feiceann sé an féilire ar an bhalla.
“Dia dár sábháil,” a deir sé. “Bhail, féach air sin. Mí an Aibreáin atá ann cheana féin! Tá sé in am domhsa mé féin a ní.”
“Tá sé! Tá an ceart agat,” a deir an bheirt eile d’aonghuth. Éiríonn Léamó ina sheasamh agus as go brách leis, *amach *as an chistin, *fríd *an halla, *suas *an staighre agus *isteach *sa seomra folctha. Druideann sé an doras ar eagla go bhfeicfeadh aon duine a chaoinchorp nocht. Siúlann sé *anonn *go dtí an tobán. Cuireann sé an stopallán *isteach *sa pholl draenála agus osclaíonn sé na sconnaí. De réir mar a bhíonn an t-uisce ag teacht *amach *as na sconnaí tosaíonn leibhéal an uisce ag éirí *aníos *ó thóin an tobáin. Nuair a bhíonn an tobán *leathlán *baineann Léamó a chuid éadaigh de. Cuireann sé cos amháin isteach sa tobán. Anois tá cos amháin *istigh *agus cos eile *amuigh *agus cuireann sé ceist air féin: “An ag dul *isteach *sa tobán a bhí mé, nó ag teacht *amach *as?” Níl cuimhne aige. Cuireann sé scairt síos an staighre ar an bheirt eile atá fós ina suí sa chistin ag ól cupán tae: “An an dul *isteach *sa tobán seo a bhí mé nó ag teacht *amach *as?”
*Thíos *sa chistin amharcann Réamó agus Éamó ar a chéile, téann súile na beirte *suas siar *i loig na súl agus croitheann siad a gcloigeann *anonn *agus *anall *go mall agus go feasach. Agus Réamó ag doirteadh *amach *cupán tae eile dó féin deir sé le hÉamó dul suas agus comhairle a chur ar an chréatúr bhocht *thuas *staighre sa seomra folctha atá ar shiúl sa chloigeann agus ar crith leis an fhuacht. As go brách le hÉamó.
Éiríonn sé ina sheasamh, téann sé amach *as an chistin, *fríd *an halla agus *suas *an staighre. Tá sé *leath bealaigh *nuair a stadann sé, amharcann sé thart, sánn ordóg amháin isteach ina bhéal, déanann a thóin a thochas leis an ordóg eile, agus cuireann sé ceist air féin: “An ag dul *suas *an staighre a bhí mé nó ag teacht *anuas? Nó an ag dul síos *an staighre a bhí mé nó ag teacht *aníos? An thuas *a bhí mé nó *thíos, nó an leath bealaigh *a bhí mé an t-am uilig? Nó an san áit seo atá mé ar chor ar bith?” Níl cuimhne aige. Scairteann sé *suas *agus scairteann sé *síos: “An thuas *a bhí mé nó *thíos? Nó an ag dul suas *an staighre a bhí mé nó ag dul *síos? Nó ag teacht anuas *nó ag teacht *aníos?”
Agus macalla na gceisteanna sin fós ag preabadh *anonn *agus *anall *ó bhalla go balla agus *suas síos *ó shíleáil go hurlár, cluintear glór uaigneach caointeach ag teacht ón seomra folctha: “Agus an ag dul *isteach *sa tobán seo a bhí mé, nó ag teacht *amach *as?”
*Thíos *sa chistin, agus é fós ina shuí ag an tábla, beireann Réamó greim docht daingean ar a chupán. Agus é ag iarraidh teacht ar shamhail a chuirfeadh *síos *go héifeachtach ar ghamalacht agus ar bhómántacht agus ar dhúire na beirte eile deir sé: “Níl ciall dá laghad ag an bheirt sin *thuas *staighre. Tá siad chomh tiubh le... chomh tiubh le... chomh tiubh leis an tábla seo.” Agus le teann díchreidimh agus dírathaithe briseann sé an cupán ar an tábla. *Aniar *leis de phreab agus an phléasc fós ag goin na gcluas aige: “Cé a bhuail rap mar sin ar an doras?” a fhiafraíonn sé, agus alltacht ina ghnúis, “Agus arbh é doras na gaoithe nó doras an fhoscaidh?”
Léaráid: Seán Ó Domhnaill (www.cartuin.net)