Tá Sinn Féin ag dul ó neart go neart de bharr go bhfuil straitéisí éifeachtacha polaitiúla acu agus is cúis imní é seo do na páirtithe móra.
»»»Roinnt blianta ó shin bhí Telegael, an comhlacht léiriúcháin teilifíse atá lonnaithe sa Spidéal i gConamara, i dtrioblóid agus ag ligint daoine chun siúil. Anois, áfach, agus Gradam Emmy díreach buaite acu, tá todhchaí i bhfad níos fearr i ndán don chomhlacht. Labhair Uinsionn Mac Dubhghaill le bunaitheoir Telegael, Pól Ó Cuimín, faoin gcor nua seo i scéal an chomhlachta.
»»»Labhair Ruth Nic Giolla Iasachta leis an ealaíontóir Ciarraíoch Pauline Bewick faoina saothar agus faoina spéis i reiligiúin an domhain.
»»»Chuir Carmen Rodríguez spéis sa Ghaeilge roinnt mhaith blianta ó shin agus í ina cónaí in Galicia agus chuir a suim sa teanga cor ina saol ina dhiaidh sin.
»»»Tá na rialtais stáit san Astráil fós ag caitheamh do dona leis na bundúchasaigh, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin.
»»»D’éirigh le Balor agallamh eisiach a shocrú le Seoirse Mac Sceiche, Íochtarán na Stát Aontaithe.
»»»Tá go leor comhlachtaí ríomhaireachta ag cur táirgí ar fáil i nGaeilge anois, Microsoft san áireamh, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna.
»»»San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Máire Zepf, Cumann Gaelach Leath Chathail, Dún Pádraig, Contae an Dúin.
»»»Chaith Liz Curtis ceithre oíche i bPrág i bPoblacht na Seice le gairid agus thaitin an chathair go mór léi.
»»»Tá na dánta thíos tógtha as leabhar nua Thomáis Mhic Shíomóin, Na Cathacha Caillte (Coiscéim, €5). Is aistriúchán iad na dánta sa leabhar ar chuid de shaothar an fhile Ernesto Cardenal as Nicearagua.
»»»Tá go leor gearán á ndéanamh in éadan Arm na Breataine sna Sé Chontae go fóill ach measann Robert McMillen go bhfuil a dtionchar ag trá de réir a chéile.
»»»Bíonn spárálaí scáileáin de ghrianghraif as ceantair éagsúla, cinn Ghaeltachta san áireamh, le fáil i ngach eagrán de Beo!. An mhí seo: Cill Charthaigh Co. Dún na nGall.
»»»Tearmann is ea Cumann Lúthchleas Gael do mhuintir na hÉireann: sin a deir Éamonn Mac Suibhne ina leabhar nua faoin mbóthar go Páirc an Chrócaigh. Léigh Colm Mac Séalaigh an saothar le gairid.
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: ag freastal ar choláiste samhraidh.
»»»Chuir an cúpla lá a chaith Tony Birtill in King’s Cross i Londain an mhí seo caite ag smaoineamh é ar an tubaiste a tharla sa stáisiún traenach ansin i 1987.
»»»Tá feachtais éagsúla i gcoinne an Uachtaráin Bush agus na gcorparáidí móra ag bailiú nirt sna Stáit Aontaithe, mar a mhíníonn Uinsionn Mac Dubhghaill.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.