TEANGA AGUS CULTÚR/DÚSHRAITH NA GAEILGE
Cumann Gaelach Leath Chathail
Máire Zepf Máire Zepf

San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Máire Zepf, Cumann Gaelach Leath Chathail, Dún Pádraig, Contae an Dúin.

Íomhá
  1. Cén ról atá agat féin i gCGLC agus cén fhad atá tú sa phost? Tá mise ag obair mar Oifigeach Forbartha leis an Chumann Gaelach. Tá mé sa phost le dhá bhliain go leith anuas - go lánaimseartha ar dtús agus go páirtaimseartha ó bhí mí Éanair na bliana seo ann.
  2. Cá huair a bunaíodh CGLC agus cé a bhunaigh é? Bunaíodh Cumann Gaelach Leath Chathail mar chraobh de Chonradh na Gaeilge sa bhliain 1982. Gaeilgeoirí áitiúla a bhunaigh é, go háirithe iad sin a bhí ag tógáil a gcuid páistí le Gaeilge.
  3. Cén fáth ar bunaíodh é? Bhí dhá chuspóir i gceist:

pobal na Gaeilge a mhéadú i gceantar Leath Chathail, Contae an Dúin; freastal a dhéanamh ar riachtanaisí phobal na Gaeilge.

Ar an chlár oibre ag an am sin, bhí bunú naíscoile agus bunscoile lán-ghaelaí, soláthar ranganna oíche agus imeachtaí sóisialta, chomh maith le feachtas stocaireachta chun seirbhísí Gaeilge a fháil don phobal. 4. An bhfuil duine ar bith fostaithe ag an Chumann? Ní raibh ag an Chumann ach oibrithe deonacha go dtí go bhfuair muid deontas ó Fhoras na Gaeilge in 2001 le hOifigeach Forbartha a fhostú. Tá obair dheonach go fóill ag croílár na heagraíochta. 5. Cén obair a dhéanann an Cumann? Do na páistí, reáchtálann muid scéim shamhraidh, club óige, club obair bhaile agus turas chun na Gaeltachta. Bíonn ranganna oíche ar siúl againn do dhaoine fásta, rang ar leith do thuismitheoirí agus oícheanta sóisialta go míosúil. Bíonn comórtas gnó againn gach bliain i rith Sheachtain na Gaeilge, chomh maith le plé leanúnach le gnólachtaí. Tá feachtas chun sráidainmneacha a Ghaelú ar bun againn, comórtais scoile agus feachtas comharthaíochta. Tá mionsonraí ár gcuid gníomhaíochtaí le feiceáil ag www.leathchathail.org 6. Cad iad na foinsí maoinithe atá ag CGLC? An leor iad? Foras na Gaeilge, Awards for All, An Chomhairle Ealaíon, agus Comhairle an Dúin. Tá muid ar lorg maoinithe ón Chrannchur don chlub obair bhaile do mhí Mheán Fómhair agus, ina dhiaidh sin, deontas eile ó Fhoras na Gaeilge le post an Oifigigh Fhorbartha, agus na tionscadail a bhaineann leis, a choinneáil ag dul. 7. An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach? Tá fás as cuimse tagtha ar phobal na Gaeilge sa cheantar seo sna 20 bliain ó bunaíodh an Cumann. Tá ag éirí go geal le Naíscoil Dhún Pádraig agus leis an Bhunscoil, atá anois mar Aonad Gaeilge i mBunscoil Naomh Pádraig. Rinne muid suirbhé ar na mallaibh ar labhairt na Gaeilge sa bhaile, agus thaispeáin sé gurb iad an naíscoil agus an bhunscoil innill na beochta maidir leis an Ghaeilge i nDún Pádraig. 8. Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann le CGLC? Laige amháin atá againn ná go dtiteann cuid mhór den obair ar na daoine céanna bliain i ndiaidh na bliana. Sílim féin gurb é an láidreacht is mó atá againn faoi láthair ná an spreagadh, an teacht le chéile agus an tógáil croí a thugann Gaeilgeoirí óga na naíscoile agus na bunscoile don phobal. Ní ag troid ar son cúise teibí atá muid níos mó, ach ag soláthar seirbhísí, siamsaíochta agus pobail do na páistí iontacha seo. 9. Ainmnigh na trí rud is tábhachtaí, dar leatsa, ba cheart a bheith bainte amach ag CGLC faoi cheann cúig bliana.

Meánscoil Ghaeilge. Tuilleadh teaghlach ag tógáil clainne le Gaeilge. Comhartha dátheangach a bheith ar gach sráid sa cheantar.

  1. Cén fhís atá agat féin don Ghaeilge? An Ghaeilge bheith beo beathach san áit is tábhachtaí ar domhan - sa bhaile. Cumann Gaelach Leath Chathail, Teach Mhíchíl, 99 Sráid na nÉireannach, Dún Pádraig, Co. an Dúin BT30 6BS

Guthán: (028) 4483 8681; www.leathchathail.org

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.