AR NA SAOLTA SEO/SEAL LE LIZ
Saoire shultmhar i bPrág
Liz Curtis Liz Curtis Liz Curtis

Chaith Liz Curtis ceithre oíche i bPrág i bPoblacht na Seice le gairid agus thaitin an chathair go mór léi.

Íomhá
Díonta dearga Phráig
Grianghraf: Liz Curtis
Íomhá
Báid in aice le Droichead Shéarlais i bPrág
Grianghraf: Liz Curtis
Íomhá
Banna snagcheoil ar Dhroichead Shéarlais
Grianghraf: Liz Curtis
Íomhá
Dealbh de sclábhaí mar thaca ag balcóin
Grianghraf: Liz Curtis
Íomhá
Abhainn an Vltava agus Ardeaglais Naomh Vitus ar an imeall
Grianghraf: Liz Curtis
Íomhá
Dealbha de leanaí ar an túr cumarsáide
Grianghraf: Liz Curtis

i ndiaidh cúpla a chaitheamh i bPrág i bPoblacht na Seice, agus caithfidh a gur thaitin an turas go mór liom. Sílim go bhfuil leath de Bhéal Feirste ag dul ann anois, ó thosaigh an comhlachtno frillsJet2.com eitilt dhíreach ansin le gairid. eitilt amháin sa ann, agus bhí aithne agam ar dhaoine ar an eitilt amach agus ar an eitilt ar ais freisin.

Is cathair álainn í Prág, agus foirgnimh inti a théann siar go dtí na meánaoiseanna. Chomh maith leis sin, stair an-suimiúil phianmhar chorraitheach ag an áit nach raibh eolas ar bith agam fúithi roimhe seo, agus rinne iarracht rud beag a fháil amach mar gheall uirthi.

an-deacair, ar ndóigh, a bheith in áit nuair nach bhfuil teanga na tíre agat. Is cúis mhór frustrachais é gan a bheith ábalta comhrá ceart a dhéanamh le daoine. go bhfuil Béarla ag cuid de mhuintir Phráig, go háirithe i lár na cathrach agus i measc daoine óga, neart daoine nach bhfuil an teanga acu.

Mhínigh cúpla duine an cás dom mar seo: “Mothaíonn na glúnta níos sine go bhfuil siad faoi mhíbhuntáiste. Faoin ollsmachtachas [sin an t-ainm a thug daoine ar an chumannachais, ar tháinig deireadh léi sa bhliain 1989] raibh cead againn Béarla a fhoghlaim. Bhíothas ag súil nach dtaistealódh muid áit ar bith. Bhí orainn Rúisis a fhoghlaim ar scoil.”

Sula ndeachaigh go Prág, fuair téip Seicise ón Leabharlann Lárnach i mBéal Feirste agus d’fhoghlaim cúpla frása, mar shampla, *dobrý den *( maith), *prosím *(le do thoil) agus *dekuji *(go raibh maith agat). Bhí an-sásta go ndearna sin, mar bhí daoine i bhfad ba dheise liom nuair a rinne iarracht cúpla focal Seicise a labhairt. Deirtear é sin sna leabhráin eolais, agus an ceart acu.

Agus ag trácht ar leabhráin eolais: measaim go bhfuil an Rough Guide *i bhfad níos fearr an *Lonely Planet, go bhfuil léarscáileanna níos fearr sa dara ceann sin. Fuair sin amach an dóigh chrua - d’fhág an *Rough Guide *sa teach mar go raibh iontach trom, ach táim á léamh anois agus aiféala orm nach raibh liom, mar go bhfuil eolas i bhfad níos cruinne ann.

Ag stopadh le cara

Bhí an t-ádh orm mar go raibh ábalta stopadh le cara as Londain a bhfuil teach aici i bPrág. scéal suimiúil aici. sna seachtóidí anois, agus ina cónaí i Londain ó bhí na 1940í ann. An rud a tharla go raibh a hathair ina bhall d’aerfhórsa na Seicslóvaice roimh an Dara Cogadh Domhanda. Ansin i 1938 fuair na Naitsithe greim ar an Sudetenland, an ceantar measctha in aice leis an teorainn leis an Ghearmáin. Lig rialtas na Breataine agus rialtas na Fraince na Naitsithe isteach, nuair a shínigh siad an conradh fealltach le Hitler agus Mussolini a dtugtar Comhaontú München, Diktat München, air.

I an Mhárta 1939, rinne na Naitsithe ionradh ar na críocha Seiceacha eile agus ghlac seilbh orthu. Bhí tús curtha le uafáis. Cuireadh na Giúdaigh faoi Dhlíthe Nuremberg, ansin ó 1941 seoladh go dtí baile geiteo darbh ainm Terezín iad, ansin ó Terezín go dtí na campaí díothaithe.

Meastar go raibh 55,000 Giúdach i bPrág nuair a ghlac na Naitsithe seilbh ar an chathair, agus fuair níos na 36,000 acu bás sna sluachampaí géibhinn. San iomlán, fuair 77,297 Giúdach Seiceach bás sna sluachampaí, agus a n-ainmneacha scríofa ar bhallaí an Pinkasova synagoga i gceantar Josefov i bPrág.

Chuir na Seicigh in aghaidh na Naitsithe, agus bhí athair mo chara an-díograiseach sa ghluaiseacht sin. Ansin, i an Mheithimh 1942, maraíodh Reinhard Heydrich, an Naitsí ba thábhtachtaí sa tír. Bhain na Naitsithe díoltas brúidiúil amach - scaoileadh daoine, gabhadh daoine eile agus dódh sráidbhailte.

Cuireadh athair mo chara sa phríosún i bPrág, agus d’fhan faoi ghlas ansin go dtí deireadh an chogaidh. I ndiaidh an tSaortha, bhí an bua ag na cumannaithe in olltoghchán na bliana 1946. Le scéal fada a dhéanamh gairid, i ndiaidh tamaill chríochnaigh teaghlach mo chara mar dhídeanaithe i Sasana, agus achan rud caillte acu.

Tháinig an chumannachais chun deiridh go síochánta i 1989 sa Réabhlóid Veilbhite, mar a thugtar uirthi. Ina dhiaidh sin, bhí deoraithe ábalta pilleadh abhaile agus a dtithe a fháil ar ais, go raibh orthu socrú sásúil a dhéanamh do na ndaoine a bhí ina gcónaí iontu. Fuair mo chara teach an teaghlaigh i bPrág ar ais - teach a thugann na mílte cuimhne ar ais chuici.

An tseanchathair

seanchathair mhór i bPrág, agus bruachbhailte nua-aimseartha thart uirthi. Go míorúilteach, tháinig na seanfhoirgnimh slán ó chogaí agus réabhlóidí. Tháinig athruithe ar an chathair, mar gheall ar léirscrios buamála, ach toisc gur mhaith leis na rialtóirí leis na daoine saibhre leis an chléir foirgnimh ba mhó níb fhaiseanta a thógáil.

trí shainchomhartha mhóra sa tseanchathair. Ar an bhruach chlé d’abhainn an Vltava an caisleán, Hrad, ar bharr cnoic - an caisleán i gcoimpléasc ollmhór arb é Ardeaglais Naomh Vitus an foirgneamh is airde ann.

Trasna na habhann an seandroichead aláinn, *Karluv most * Droichead Shéarlais, a bhfuil dealbha naomh ar an thaobh de. Siúlann na mílte turasóir trasna ar na duirleoga, ag amharc ar na stainníní a dhíolann pictiúrí fáinní cluaise, ag éisteacht le bannaí snagcheoil.

Ón droichead, téann bealach casta go dtí croílár na cathrach, *Staromestské námestí * Cearnóg an tSeanbhaile, atá iontach ar fad. Bailiúchán foirgneamh gealdaite neamhchoitianta atá ann - eaglaisí, Halla na Cathrach, tithe móra cúnga, agus dealbh mór a chomórann Jan Hus, laoch náisiúnta agus leasaitheoir eaglaise a dódh ag an stáca mar eiriceach i 1415. Bíonn an chearnóg plódaithe le turasóirí, agus i rith an tsamhraidh bíonn neart caifí faoin spéir inti.

an tseanchathair uilig an-ghleoite. leacáin dhearga ar na díonta, na ballaí ar dhath an uachtair, agus duirleoga faoi do chosa. na sráideanna cúng agus casta, agus is féidir dul ar strae go han-éasca.

Bhí dúil ag na daoine saibhre i bPrág maisiúcháin an-ornáideacha a chur ar na foirgnimh. líon dochreidte dealbh thart ar bhallaí agus ar dhíonta na cathrach - naoimh, déithe clasaiceacha, maighdeana mara, sclábhaithe fiú. cuid mhaith acu ansin mar thaca ag balcóiní.

tráidisiún airgtheach ealaíne na Seiceach beo go fóill. Taobh amuigh den tseanchathair, mar shampla, túr mór cumarsáide le fáil. Is féidir dul suas agus amharc amach uaidh, béile cupán caife a fháil sna bialanna atá thuas ansin - agus an rud a chuireann iontas ort go bhfuil dealbha dubha miotail de leanaí ar an taobh amuigh den túr, b’fhéidir deich gcinn acu, agus an chuma orthu go bhfuil siad ag lámhacán suas síos.

Rud eile atá suntasach an méid mór ceoil chlasaicigh atá ar siúl sa chathair, agus traidisiún snagcheoil ann freisin. Bhí daoine ag tabhairt amach bileog ag achan uile choirnéal, ag fógairt ceolchoirmeacha. I measc na gcumadóirí a bhfuil an-tóir orthu Mozart, a thug cuairt ar Phrág ceithre huaire, agus ar ndóigh an cumadóir mór le Seiceach, Dvorák.

Malá Strana

An ceantar den tseanchathair is a thaitin liom Malá Strana, atá ar an bhruach chlé den abhainn. Síneann ó Dhroichead Shéarlais suas go dtí an caisleán. Fanann na sluaite móra turasóirí ar an taobh eile den abhainn, ar an bhóthar go dtí an caisleán, mar sin is féidir siúl thart leat go sona suaimhneach.

Sna sráideanna atá cóngarach don abhainn, torann casúr le cloisteáil achan áit. fás ag teacht ar Phrág i gcoitinne, agus atógáil de dhíth sa cheantar seo go speisialta, mar go ndearnadh an-damáiste den chuid is ísle de in 2002 nuair a tharla tuilte millteanacha i bPrág agus i gceantair eile i lár na hEorpa.

Chuaigh suas sráid darbh ainm Nerudova, a ainmníodh as an scríbhneoir Seiceach Jan Neruda. Ansin dhreap céimeanna géara leathana i dtreo an chaisleáin. Bhí balla mór ard bán ar thaobh amháin. Chonaic siopa in aice leis na céimeanna. Bhí bean ag an doras agus d’iarr orm teacht isteach.

Bhí scaifeanna daite síoda ar díol ann, agus réimse maith coinnle, agus iad maisithe go geal gleoite. *Galerie Karmel *an t-ainm atá ar an siopa, agus dúirt an bhean liom: “Is leis na mná rialta sa chlochar Cairmilíteach taobh thiar den bhalla mór bán ansin an siopa seo. Maisíonn siadsan na scaifeanna agus na coinnle. Is ord foriata é - bíonn siad ag guí go minic agus thagann siad amach.” Bhí na coinnle deas, agus cheannaigh cúpla ceann acu mar bhronntanais.

Ar mo bhealach síos, chuaigh isteach i siopa beag eile, darbh ainm Art Deco, ar shráid ar a dtugtar Jánský Vršek. Is le bean chairdiúil darb ainm Zuzana an siopa sin. Cheannaigh scaif do mo mháthair, ansin chuaigh i mbun comhrá le Zuzana.

Dúirt léi gur léigh faoin siopa i leabhrán eolais an Lonely Planet. raibh a fhios acu go raibh an siopa luaite ann, agus thaitin sin go mór léi. Duirt liom: “Thosaigh an ghnólacht seo in earrach na bliana 2002. Bhí an-deacrachtaí agam, mar bhí in áitreabh eile in aice leis an abhainn. Nuair a tharla na tuilte, chaill chóir a bheith gach aon rud. Bhí orm tosú arís ón tús. Bhí an t-ádh orm, mar fuair cara de mo chuid an t-áitreabh nua seo dom.”

an siopa lán de rudaí áille sa stíl Art Deco, stíl a mbíodh an-tóir uirthi i bPrág. Chuir ceist ar Zuzana cén fáth a raibh suim aici sa stíl seo.

D’aimsigh grianghraf seanmháthair agus d’fhreagair : “Tógadh le *Art Deco *!”

Shiúil in aice le páirc ollmhór álainn, a bhfuil neart crann inti agus macasamhail an Túir Eiffel ag a barr. Chuaigh thart ar chúpla seanphálás, agus doirse móra maisithe orthu, atá ina n-ambasáidí anois. Taobh amuigh d’Ambasáid na Stát Aontaithe bhí beirt phóilíní ag stopadh gluaisteán agus ag amharc isteach sna cófraí.

Níor fhan ach ceithre oíche i bPrág, mar sin fhaca ach cuid an-bheag den chathair. súil agam go mbeidh ar ais ansin arís taobh istigh de bhliain dhó.

Is scríbhneoir agus grianghrafadóir í Liz Curtis, a bhfuil cónaí uirthi i mBéal Feirste.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.