Labhair Ruth Nic Giolla Iasachta leis an ealaíontóir Ciarraíoch Pauline Bewick faoina saothar agus faoina spéis i reiligiúin an domhain.
Sa 174ú taispeántas bliantúil, a bhí ar siúl san Acadamh Ríoga Ibéarnach ag tús an tsamhraidh, bhí suas le míle saothar ealaíne ó dhaoine éagsúla le feiceáil, agus go leor stíleanna difriúla. Bhí dealbhadóireacht i gceist, péintéireacht, idir ola agus uiscedhath, líníocht, potadóireacht, saothair ríomhfhíse agus grianghrafadóireacht. Thuas staighre, tarraingíodh súile an chuairteora i dtreo canbháis ghealdaite: collage *dar teideal *Mauritian Woman. Bean mhór shásta agus íomhánna beaga gorma de Chrisne agus Síve mórthimpeall uirthi. Ba shaothar de chuid Pauline Bewick é seo. “Bhí mé díreach tar éis filleadh ó Oileán Mhuirís, agus b’ansin a cheannaigh mé na mionphictiúirí reiligiúnacha.”
Is bean spraíúil, lán de bheocht í Pauline Bewick, agus saoirse na seascaidí fós le feiceáil ina súile. Tá fáiscín gorm i gcruth féileacáin á chaitheamh aici ina cuid gruaige, agus scairf uirthi den ghorm céanna. Ach cé go bhfuil cumhrán an ealaíontóra ag spalpadh amach aisti, ní airíonn sí é mar chuid dá pearsantacht.
“Tá daoine ann a bhaineann taitneamh as a bheith ina n-’ealaíontóirí’, as saol an tsaorspioraid a bheith acu, as na héadaí cearta ‘ealaíonta’ a chaitheamh. Níor bhraith mise an chaoi sin ariamh. An rud a chuireann gliondar ormsa ná bheith ag cruthú, bheith ag déanamh ealaíne. Ní ‘ealaíontóir’ mé, ach duine a bhíonn ag déanamh ealaíne.”
Tá bua na bpictiúr ag Pauline ó bhí sí an-óg. “Sa bhunscoil i Neidín, nuair nach raibh mé róchinnte faoin litriú, d’iarradh an múinteoir orm pictiúir a tharraingt ar an gclár dubh. Bhíodh mo mháthair Harry de shíor ag moladh mo shaothair agus mé óg. Thug sé sin an-spreagadh dom.”
Anois, agus í naoi mbliana is trí scór d’aois, tá Bewick fós ag iniúchadh an domhain mórthimpeall uirthi. “Anois, níl gá le taisteal, i mo thuairimse. Tá chuile bhláth, chuile chuileog ina eachtra duit má tá féith na suime ionat.”
Bíonn rian láidir an dúlra ar go leor de na saothair a thagann ó stiúideo Bhewick. Ach conas a léimeann sí ón gcruthaitheacht shuaimhneach sin go heagrú taispeántais? Cén chaoi a bhfaigheann duine cead a shaothar a thaispeáint san RHA?
“Tá cead iontrála le sé shaothar ag chuile acadamhaí, ach bíonn sé deacair ar ealaíontóirí óga uaireanta. An tslí a roghnaítear na saothair a thaispeántar ná go gcruinníonn ochtar nó mar sin de na hacadamhaithe le chéile chun iad a mheas. Cé go bhfuil spás fairsing sa dánlann, caitear diúltú do neart saothar iontach chuile bhliain. Níor chuir mise ach trí cinn isteach i mbliana ar mhaithe le tuilleadh spáis a chur ar fáil do dhaoine nua,” a deir Bewick.
An tseantroid chéanna idir an t-ealaíontóir agus an eagraíocht? Dar le Bewick nach gcaithfidh saol an ealaíontóra a bheith róchrua sa lá atá inniu ann. “Tá an-tacaíocht le fáil ó dhaoine aonair, idir lucht féachana agus bhailitheoirí. Le tríocha bliain anuas, tá an-tóir ag na bailitheoirí ar shaothair Éireannacha. Roimhe sin, bhíodh sé níos deacra, is cosúil.”
Scéal eile atá ann maidir le heagraíochtaí, áfach. “Tá an oiread sin truflaise agus riaracháin, foirmeacha agus páipéireachais le sárú sula dtagann tú chomh fada leis na smaointe fiú,” a deir Bewick. “Ní thuigeann siad an próiseas cruthaíoch - iarrtar plean roimh an saothar. Uaireanta ní bhíonn a fhios agat gach sonra go dtí go bhfuil an saothar críochnaithe agat. Agus, de réir rialacha na Comhairle Ealaíon, níl cead cur isteach ar mhaoiniú má tá an obair déanta agat cheana!”
Spás agus solas
Is mór an tábhacht a bhaineann le spás agus solas i dtaispeántas ealaíne físiúla. Chuir mé ceist ar Bhewick cén áit is fearr dá leithéid. “Gan dabht ar bith, is iad na Taylor Galleries i lár chathair Baile Átha Cliath an áit is fearr liomsa. Adhmad an urláir, ceithre sheomra ar dhá léibhéal, ballaí deasa. Agus taitníonn clúdaigh bharr na bhfuinneog liom. Tá na daoine ann fíormhaith ag crochadh na saothar freisin. Roghnaíonn siad na háiteanna cuí, agus déanann na crochadóirí an-jab i gcónaí.”
Agus dá mbeadh uirthi dánlann dá cuid féin a dhearadh nó a shamhlú? “Bheadh sé mar bhrionglóid agam taispeántas a eagrú sa Guggenheim i Nua-Eabhrac. Tá ailtireacht den scoth ann, mar tugtar an cuairteoir suas staighre bíseach. Suas agus suas léi, trí dhufair íomhánna. Ba bhreá liom mo cheann féin, 2 to 50, a chur ann, go bhféadfadh daoine dul suas ó bhliain go bliain go ceann scríbe an leathchéid.”
Bhí tréimhse taistil ag Pauline agus í ag fás aníos - bhog sí féin agus a máthair ó Chiarraí go Tír Chonaill go Baile Átha Cliath agus go háiteanna eile i Sasana. Agus í fásta suas, thaistil sí chuig an Iodáil agus an Ghréig, agus chaith sí dhá bhliain ar na hoileáin sa Mhuir Theas: Tahiti, Aitutaki agus a leithéid. Tar éis an mheid sin, cén fáth ar fhill sí go Ciarraí?
“Tá draíocht ann. Rud mór cruálach réadúil beo is ea an saol in Éirinn. Chaith mé seal i Newcastle, an áit ar rugadh mé, agus cheap mé go raibh sé go hálainn - ach le háilleacht níos sábháilte, níos caoine ná mar a fhaightear anseo i gCiarraí. Tá cumhacht éigin in Éirinn a thagann aníos as an dtalamh, níos láidre ná an duine daonna, agus i bhfad níos mó ná é: ‘a terrible beauty’.”
An bhfuil “terrible beauty” i gceist leis an Mauritius Woman, mar sin, suite in áit eile, agus comharthaí an tSaoil Eile i ngach áit? “An rud atá ar siúl agam faoi láthair ná go bhfuilim ag féachaint ar reiligiúin an domhain agus ar na daoine atá bainteach leo. Conas a bhraitheann an duine ar an gcreideamh agus céard a dhéantar leis.” Baineann an saothar nua seo le Hiondúchas, agus ciallaíonn na Crisní go bhfuil an Dia sin uilepháirteach i smaointe an mná sin - nó nach bhfuil.
“Níl reiligiún ar bith agamsa, agus ní gá dom é,” arsa Bewick. “Tá an-suim agam sa chaoi gur féidir le creideamh láidir, uasal an méid sin *kitsch *agus truflaise a chur amach - táim ag caint anois faoi adhmaintí don chuisneoir, fáinní eochracha agus mar sin de, agus aghaidh Chríost nó Búda go mór orthu.” An pisreoga iad na reiligiúin? “Ní hea, ach go bhfuil gaol aisteach idir foinsí an chreidimh agus an tslí ina ndéileálann lucht déanta na gcuimhneachán seo leo.”
Ar lean. an mhí seo chugainn
Is as Contae na Mí í Ruth Nic Giolla Iasachta. Tá sí ag obair mar shaoririseoir faoi láthair agus tá cúrsa oiliúna do mhúinteoirí meánscoile díreach críochnaithe aici i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.
](..\2004-08\anealaineille.asp)
As Co. na Mí do Ruth Nic Giolla Iasachta. Obair déanta aici ar scannáin agus ar chláir theilifíse. Tréimhse caite aici sa Nua-Shéalainn, mar a ndearna sí taighde dochtúireachta ar theilifís na Māori. Ag múineadh in Ollscoil Brest na Briotáine faoi láthair agus ag déanamh taighde faoi na meáin Bhriotáinise.