Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: ag freastal ar choláiste samhraidh.
Ba seo an chéad uair as baile Kylie agus bhí a seacht sáith cumha uirthi nuair a tháinig sí ar tús. Ní raibh sí ar an chúrsa Gaeltachta ach an lá amháin nuair a bhí sí ag briseadh chun an bhaile. Ghoill an ciúnas agus an dorchadas uirthi. Ní fheicfeá do lámh romhat. Ní raibh an áit seo cosúil leis an bhaile mór, áit a raibh na sráideacha lasta agus trup ag gach rud. Ach dúradh léi í féin a shocrú nó gur cinnte go rachadh sí i dtaithí ar an áit iargúlta seo.
Bhí seanchleachtadh ag bean an tí ar dhaltaí a raibh cumha orthu i ndiaidh an bhaile agus d’aithin sí ceann crom Kylie ar an toirt. Ní dhearna sí ach a dhá lámh a chur thart uirthi agus croí isteach a thabhairt di agus dúirt: “Socair tú féin anois. Fan go bhfeicfidh tú, tiocfaidh an ghrian i ndiaidh na fearthana.”
Chuir bean an tí a lámh le droim Kylie agus stiúir sí i dtreo an tseomra suí í. Bhí seachtar cailíní eile ina suí thart, idir tholg agus chathaoireacha. Bhí siad ag monabhar eatarthu féin ach, chomh luath agus a chonaic siad bean an tí, dhruid an béal acu uilig.
“Anois, a ghirseachaí,” ar sise, “má tá sibh le corradh agus trí seachtainí a chaitheamh i gcuideachta a chéile tá sé chomh maith agaibh aithne a chur ar a chéile.”
Chuaigh sí thart orthu ina nduine agus ina nduine gur fhógair gach duine a ainm agus a áit chónaithe. Níor aithin Kylie Críostaí beo. Caithfidh sé nach raibh duine ar bith ó scoil s’aici féin sa teach seo. Thit a croí nó bhí sí faiteach agus ní raibh sí ariamh ar thús an tslua ag déanamh cairde.
“Thiocfadh le trí seachtainí fada a bheith agam,” arsa Kylie léi féin.
Leis sin, dúirt bean an tí: “Goitsigí, go dtaispeánfaidh mé na seomraí daoibh. Tá ceathrar agaibh in achan seomra.”
Ansin roinn sí na cailíní ina bpéirí agus cuireadh Kylie le Sorcha.
“Rachaidh tusa agus Sorcha ar an taobh seo,” arsa bean an tí le Kylie. “Chead agaibh féin a bheith ag troid faoi cé a bheas thíos agus cé a bheas thuas. A Mháire, beidh tusa agus Helen ar an taobh eile.”
Léim Sorcha ar an leaba íseal agus chuaigh Kylie os a cionn. Ba chuma léi cá mbeadh sí ach chonacthas di go raibh buntáistí leis an leaba ab airde. Chífeadh sí deireadh uaithi agus b’fhéidir go mbeadh rud beag suaimhnis aici thuas ansin. Mheas Kylie go mbeadh sé saoithiúil a bheith anseo i seomra chomh beag le triúr eile.
“Cá háit faoi Dhia a rachaidh an trioc uilig atá linn?” arsa Kylie.
“Faoi na leapacha is dócha,” arsa Sorcha. “Is é sin nó ní bheidh áit suí nó seasaimh ag ceachtar againn.”
Ba sin an chéad dreas cainte idir an bheirt ach níorbh é an ceann deireanach é. Ann ach nár dhruid a mbéal na trí seachtainí a bhí siad le chéile. Ar stócaigh is mó a bhí a n-iúl agus ba iadsan ábhar bhunús na cainte. Bhí deichniúr gasúr sa teach ba dheise daofa agus bhí a súil ag Kylie agus Sorcha ar bheirt acu sin. Bhí stócach Kylie beag modhúil agus bogbhán, agus bhí péire súl chomh gorm aige agus a chonaic tú ariamh. Go hádhúil, ní raibh an nóiseán amháin acu beirt agus bhí fear Shorcha ina phíle a raibh cuma cineál cromshlinneach air mar a bheadh sé ag iarraidh a airde a cheilt. Ní raibh ann anois ach iad féin a chluimhriú don chéilí agus iarracht a dhéanamh aird na stócach a tharraingt orthu féin. Ar ndóigh, ní bheadh sin furasta agus dhá chéad cailín eile ar thóir fear. Bhí rompu.
Tá Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy ag obair le hIontaobhas ULTACH i mBéal Feirste.
Léaráid: Seán Ó Domhnaill (www.cartuin.net)