D’éirigh le Balor agallamh eisiach a shocrú le Seoirse Mac Sceiche, Íochtarán na Stát Aontaithe.
Tá scéala ar leith againn daoibh an mhí seo, a léitheoirí dílse, agallamh eisiach a chuir Balor an Bhéil Bhinn agus na Súile Nimhe, na Cluaise Géire agus na Tóna Tinne, ar Sheoirse Óg Mac Sceiche, Íochtarán Uncail Sam. I ndiaidh do Chearbhall Coal Woman cur isteach ar an Íochtarán le linn an agallaimh chlúitigh sin, chuir seisean amach uirthise le teann déistine agus bréantais. Chomh corraithe sin a bhí sé ina dhiaidh, nuair nach bhfuair sé seans óráid cheart a thabhairt le linn an agallaimh, gur mhaígh sé nach mbeadh sé sásta agallamh ar bith eile a dhéanamh le duine ar bith ó phreas na hÉireann, seachas an t-iriseoir sin ar chuala sé iomrá chomh mór sin air: Balor an Chinn Ghlinn agus an Phinn Chruinn. Cé a dúirt nach raibh fios a ghnaithe ag Seoirse Óg Mac Sceiche?
Tá Balor ag súil go gcuirfidh eagarthóir Beo Ar Éigean, Éamonn Ó Doornail, an t-agallamh seo síos ina iomláine agus nach bhfágfaidh sé píosa ar bith ar lár a mbeadh impleachtaí aige do thodhchaí agus do shonas mhuintir na cruinne, mar a rinne an liúdramán leis na hagallaimh a chuir Balor ar Dhia cúpla bliain ó shin agus ar an Diabhal tamall ina dhiaidh sin. Ar scor ar bith, seo chugaibh agallamh eisiach na míosa seo idir Seoirse Óg Mac Sceiche na Bóibéise agus Balor an Boicín Braobanta. Tharla an teacht le chéile seo in áit rúnda ag am rúnda ar mhaithe leis an rúndacht a choinneáil rúnda:
Balor: Tá fáilte agus fiche romhat go tír na hÉireann, a Íochtaráin.
Mac Sceiche: Go raibh maith agat a Bhaloir; ach “Fáilte agus fiche” a deir tú. Cad é faoin chéad míle fáilte ar ghnách le muintir na hÉireann iad a fhearadh roimh chuairteoirí?
Balor: Gearradh siar, a Íochtaráin. Gearradh siar. Ach ba mhaith liom anois díriú isteach gan mhoill ar an ghad is giorra don scornach: Cad é an chéad tír eile a rachaidh fórsaí míleata SAM isteach ann ar mhaithe le slándáil na cruinne?
Mac Sceiche: Tomhais cad é atá ansin, a Bhaloir. Tomhais! Ní thig leat? Sin ceist mhaith, a Bhaloir; sin ceist an-mhaith. Bhí mé féin agus mo dhaidí agus Condo Leasing de Rís ag smaoineamh ar imruathar a dhéanamh ar thír nó dhó i Meiriceá Laidineach, ach d’éist muid leis mar nóisean nuair a fuair muid amach nach raibh Laidin ar a dtoil ag go leor d’ár gcuid saighdiúirí. Anois tá muid ag smaoineamh ar dhul isteach sa Bhreatain Bheag. Tá gá leis, a deirtear liom. Is fada mé ag éisteacht le daoine ag impí orainn ’Save The Wales’. Anois go bhfuil sé d’acmhainn agam rud inteacht a dhéanamh fá dtaobh de níl fear níos fearr ná mise chun Wales a shábháil.
Balor: Maith thú, a Íochtaráin. Bullaí fir. Agus tú in Éirinn anois, an bhfuil aon duine nó daoine ar leith ar mhaith leat casadh leo? Daoine a bhfuil ardmheas agat orthu, b’fheidir?
Mac Sceiche: Cuirim geall leat nach dtig leat buille faoi thuairim a thabhairt cé a bhfuil ardmheas agam air: Dia! Dia amháin a bhfuil meas agam air - é féin agus Joe Mac Donnchadha, nó is cineál de dhia beag é Fear Mór an Fhorais fosta. É féin agus Dia an t-aon bheirt go dtig leo labhairt ar feadh dhá lá agus dhá oíche agus gan rud ar bith a rá. Éacht diaganta atá sa chleas sin. Bheadh dúil agam bualadh leis ach creidim gur féidir go mbeidh sé róghnóthach ag caint faoi na rudaí a mbeidh sé ag caint fúthu amárach.
Balor: Agus anois, a Íochtaráin, an cheist mhór: Cén fáth gur tháinig tú go hÉirinn? Ba bhreá liom féin, agus ba mhaith le léitheoirí *Beo Ar Éigean *- agus tá mé cinnte go mbeadh suim ag Éamonn Ó Doornail, fiú - a fháil amach cad tuige i ndáiríre píre gur tháinig tú chun an oileáin iathghlais seo. An fhírinne anois, le do thoil, a Íochtaráin, mura miste leat.
Mac Sceiche: Dúirt mé leat, a Bhaloir, sular tháinig muid go dtí an áit rúnda seo ag an am rúnda seo, nach gcluinfeá ó mo bhéal ach cnámh dhearg na fírinne, agus sin a gheobhaidh tú! Thiocfadh liom a admháil gur ar mhaithe leis an vóta Gael-Mheiriceánach a chothú, ar nós na n-íochtarán eile, a tháinig mé anseo. Ach ní bheadh ann ach bréag chorpanta. Thiocfadh liom a rá gur ag fiosrú agus ag cuartú mo phóir agus mo dhúchais a bhí mé, ach ni bheadh ansin ach dubhéitheach. (Tá a fhios ag an saol mór go raibh na Sceacha ina gcónaí i Texas ó thús ama, nó ó na naoi déag tríochaidí ar a laghad.)
Balor: Tá a fhios againn ar fad an méid sin, a Íochtaráin, agus níl mé ag iarraidh cur isteach ort mar a chuir Cearbhall Coal Woman. Ach, ar mhiste leat an cheist a fhreagairt, le do thoil? Cén fáth gur tháinig tú go hÉirinn?
Mac Sceiche: (Tost marfach ar feadh sé nóiméad déag. Ansin tosaíonn an tÍocharán ag caint) A Bhaloir, a iriseoir is ansa liom ar domhan, is mór an meas atá ag léitheoirí na cruinne ort féin agus ar do scríbhinní, ar do dheisbhéalachas agus ar do dhiongbháilteacht leis na ceisteanna crua; agus os rud é gur chuir tú an cheist chomh deaslabhartha agus chomh múinte sin, déanfaidh mé í a fhreagairt: na crúibíní! Sin freagra do cheiste! Ar mhaithe leis na crúibíní a tháinig mé anseo. Níl áit ar bith eile ar domhan a mbíonn na crúibíní chomh mór agus chomh blasta, chomh geireach agus chomh húscach. I dtíortha eile baineann siad na crúibíní róghar don talamh, ach anseo bíonn crúibíní go glúine agaibh. Agus os ag caint go faoistineach atá mé, admhóidh mé rud beag amháin eile: níl rud ar bith is fearr liom nó is nós liom a chur isteach i mo bhéal - seachas mo chos féin - ná cos muice. Gura fada buan crúibíní na hÉireann.
Balor: Áiméan, a Íochtaráin. Go raibh míle maith agat.
Léaráid: Seán Ó Domhnaill (www.cartuin.net)