Tá na rialtais stáit san Astráil fós ag caitheamh do dona leis na bundúchasaigh, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin.
Is beag duine san Astráil nach n-aontódh gur déanadh éagóir ar bhundúchasaigh na tíre san aimsir a caitheadh, má tá tuiscint ar bith acu ar stair na tíre. Tá a rian sin le feiceáil fós ó thaobh tithíochta, drochshláinte, easpa oideachais, agus ar bhealaí eile. Agus is ar rialtais stáit is mó atá an milleán, ó tharla cúram na ndúchasach a bheith orthusan go dtí deireadh na seascaidí.
Ach dá gceapfá nach bhféadfadh éagóir den chineál céanna a bheith ar siúl ag aon rialtas san Astráil sa lá atá inniu ann, bheadh dul amú mór ort. Tá feachtas ar siúl le roinnt blianta ag lorg airgid a shaothraigh dúchasaigh blianta fada ó shin ach a cuireadh i gcuntais speisialta a bhí á riaradh ag an rialtas. Bhí na scéimeanna seo ar bun idir 1897 agus 1972. An chúis, más fíor, nach raibh ar a gcumas airgead a úsáid. B’in é an dearcadh a bhí ag rialtas New South Wales, cuir i gcás, go dtí 1969.
Céard a tharla don airgead? I gcuid mhaith cásanna, ní fios. Goideadh cuid de. Cailleadh cuid de. Cuireadh isteach le hioncam ginearálta an rialtais é i gcásanna eile. Ach tá rud amháin nár tharla dó: níor íocadh é leis na daoine gur leo é. Tá rialtais stáit ag rá le blianta nach bhfuil aon deacracht an t-airgead a íoc ach a bheith sásta go bhfuil daoine i dteideal an airgid. Tá deacracht bheag amháin leis sin - cailleadh nó scriosadh cuid mhaith de na cáipéisí thar na blianta.
I Queensland in 2002, thairg rialtas Peter Beattie $55 milliún (€ 31 milliún) do na 16,500 dúchasach a bhí i gceist. Bheadh $2,000 nó $4,000 an duine le fáil. Ach bhí coinníollacha ag baint leis - níor mhór do na daoine a bheith beo in 2002 agus bhí orthu admháil a shíniú go raibh aon cheart dlíthiúil acu d’aon airgead eile dá shórt curtha ar ceal. “Tairiscint fhlaithúil” a thug an rialtas air. “Suarach” agus “masla” a thug daoine eile air, ina measc bean atá ag lorg airgid lena hathair atá anois 75; tógadh óna mhuintir féin é nuair a bhí sé 13 agus chaith trí bliana déag ag obair ar fheilm agus gan pingin pá aige dá bharr.
B’fhéidir gurb é an rud is measa faoin scéal i Queensland gur trí thimpiste a tháinig cuid mhaith den scéal chun solais - mar gur roghnaigh scoláire amháin an cheist mar ábhar tráchtais. Ba ghearr go raibh píosaí den scéal á gcur os comhair an phobail go rialta. Mheas an taighdeoir go raibh breis is $500 milliún ag dul do dhúchasaigh an stáit. Fuair an rialtas tuairim ó dhlíodóirí go rachadh sé rite leis na daoine cás cúirte a ghnóthachtáil. Is cosúil gur ar an mbonn sin a socraíodh deireadh a chur leis an scéal ar $55 milliún.
I NSW níl an scéal mórán níos fearr. In 2001 bhí scéim ag aire rialtais a d’íocfadh an t-airgead chomh maith le hús agus cúiteamh de shaghas éicint. Ach cuireadh stop leis an scéim sin sula mbeadh ar an rialtas é a phlé. Fógraíodh scéim eile i mbliana ach tá sé le plé ag coiste i dtosach. Ceaptar go bhfuil an scéal níos measa in Iarthar na hAstráile mar nach bhfuil ach beagán taighde déanta ar an bhfadhb.
Tá an scéal curtha i gcomparáid ag údaráis chearta daonna leis an sclábhaíocht a bhí ar siúl faoi réimeas na Naitsíoch do chomhlachtaí áithrid sa nGearmáin, ina measc BMW, Volkswagen agus Daimler-Benz. Ach tá difríocht shuntasach amháin - d’íoc na comhlachtaí sin agus rialtas na Gearmáine airgead isteach i gciste do na sclábhaithe sin tamall ó shin. San Astráil, seachas cuid de na daoine a ghlac leis an tairiscint “fhlaithiúil” ó rialtas Queensland, tá siad fós ag fanacht.
Tá Dáithí Ó Colchúin ina chónaí i Sydney. Is as an gCeathrú Rua i gConamara ó dhúchas é.