AR NA SAOLTA SEO
Tionchar Arm na Breataine ag trá
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Tá go leor gearán á ndéanamh in éadan Arm na Breataine sna Sé Chontae go fóill ach measann Robert McMillen go bhfuil a dtionchar ag trá de réir a chéile.

Íomhá
Íomhá
An dlíodóir Rosemary Nelson a dúnmharaíodh ar an 15 Márta, 1999
Íomhá

Le linn 30 éigin bliain na dtrioblóidí, bhí Arm na Breataine ina chnámh spairne ag náisiúnaithe, ina sciath chosanta ag aontachtaithe an tuaiscirt, agus ina fhórsa cróga cosanta a cuireadh go hÉirinn le dhá dhream mharfacha a choinneáil óna chéile i súile na Sasanach.

Ar shuíomh gréasáin an Northern Ireland Veterans Association, tugann ball cur síos neamhoifigiúil ar líon na saighdiúirí a maraíodh nó a gortaíodh le linn na dtrioblóidí. Níl figiúirí beachta ag Roinn Cosanta na Breataine ach i bhfreagraí éagsúla a tugadh don House of Commons, tuairiscíodh i 1999 go raibh 155,000 saighdiúir ar dualgas sna Sé Chontae ar a laghad uair amháin; in 2001, áfach, tuairiscíodh gur chaith 330,000 tréimhse sa chúige. Astu seo, maraíodh 719 de réir NIVA, agus gortaíodh tuairim is ar 7,000 duine. Tá poblachtánaigh agus iarshaighdiúirí iad féin ar aon intinn go bhfuil an líon i bhfad níos mó ná seo.

Arís, de réir na bhfigiúirí oifigiúla, maítear gur chuir 45 saighdiúir lámh ina mbás féin, ach maíonn comhfhreagraí an NIVA go bhfuil eolas aige ar sheachtar a mharaigh iad féin taobh istigh de bhliain amháin agus go gcaithfidh go bhfuil an líon i bhfad níos mó ná cúig dhuine is daichead.

Ar ndóigh, taobh thiar de na staitisticí, tá tragóidí daonna, deora agus briseadh croí na ndaoine a fágadh i ndiaidh na bhfear óg seo, agus uaigheanna ó thuaisceart na hAlban go deisceart Shasana.

Ach tá taobh eile den scéal ann. Gineadh fuath don Arm ar leibhéil éagsúla, go háirithe i gceantracha bochta náisiúnacha. An síorchuardach, an dímheas, an bhrúidiúlacht, an loitiméireacht, scrios thithe daoine bochta. Bhí braighdeanas ann agus an ciapadh a bhain leis.

Deirtear gur 301 duine a mharaigh Arm na Breataine, maraithe an-chonspóideacha a mbunús - Domhnach na Fola, ochtar Loch gCál, agus na haonaráin sin a bhí san áit chontráilte ag an am chontráilte, leithéidí Leo Norney as Béal Feirste nó John Boyle as Ard Mhacha. Tá na heachtraí seo curtha síos do shaighdiúirí in éide an Airm ach, bhí lorg na seirbhísí rúnda le mothú orthu.

Cásanna clúiteacha

Tá ceist an chlaonpháirteachais beo beathaíoch go fóill, agus cásanna clúiteacha Pat Finucane agus Rosemary Nelson, ach bhí íospartaigh eile ann nach mbíonn a n-ainmneacha sna páipéir chomh minic sin, leithéidí Loughlin McGinn nó Roseanne Mallon.

Tá ceann de na maraithe seo ar ais sna ceannlínte, is é sin dúnmharú Peter McBride i 1992. Scaoil beirt saighdiúirí Albanacha, Mark Wright agus James Fisher, an fear óg Béal Feirsteach i ndiaidh iad é a cheistiú cóngarach dá theach cónaithe.

D’imigh McBride ina rith ach, ainneoin oifigeach an phatróil “Don’t shoot” a screadaíl, chuir an bheirt saighdiúirí dhá philéar i ndroim McBride. Fuarthas ciontach as dúnmharú iad, ach níor chuir sin bac ar bith orthu pilleadh chuig a reisimint i ndiaidh dóibh trí bliana a chaitheamh sa phríosún.

De réir Jim McDonald, an fear a cheap Westminster i 1997 le gearáin in éadan Arm na Breataine a iniúchadh ó thuaidh, bhí sé seo contráilte.

“Nuair atá an tArm ag caitheamh amach saighdiúirí as marijuana a chaithamh, ní chuireann sé le creidiúint an Airm nach ndearna siad tada i dtaobh na beirte seo,” arsa an tUasal McDonald ina thuarascáil bhliantúil, a foilsíodh ag deireadh mhí an Mheithimh.

Dúirt sé go raibh réiteach na faidhbe an-tábhachtach ar mhaithe leis an cheart.

Cinnte tá go leor fadhbanna a bhaineann le hArm na Breataine le réiteach ag leibhéal ard polaitiúil ach, “ar an talamh”, rinneadh 551 gearán in éadan Arm na Breataine le bliain anuas, méadú ón 534 a rinneadh an bhliain roimhe sin.

Bhain siad seo den chuid is mó le hingearáin a bheith ag eitilt go híseal agus le bacanna bóthair. Socraíodh bunús mór acu, ach bhí ocht ngearán ann arbh éigean dul chun na cúirte leo, an líon is lú le fada an lá, de réir an Uasail McDonald.

Ainneoin na bhfadhbanna i ndeisceart Ard Mhacha agus i gcúpla áit eile, diaidh ar ndiaidh tá tionchar Arm na Breataine ag trá sna Sé Chontae.

Is iriseoir leis an *Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.